Coinicéar
—ainm-fhocal, baininscneach
—iolraidh: coinicéir
—tuiseal gein. aonda — coinicéarach (ach ní baintear leas as anois)
1.
brocach nó ádhbhach, go h-áithrid brocach coiníní.
+–
Chuaidh an coinín sa gcoinicéar orainn, a's ní raibh aon-ghoir aghainn é a chuir aisti.
Tá'n choinicéar sin ro-láidir. Do cheann-fine, ní réabfadh ó chéile í.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo aca(b) sin, nach dtiocfadh sé innte, a's nach gcuirfeadh sé na coiníní asta(b) amach a's deifir orra(b).
Teirigh ar shúil a' choinicéir a's ná leig isteach é a fhleasca(igh)
B'fhéidir dhá ndúintí súile na gcoinicéar sin, go n-eireochadh cupla coinín linn, atá a' taithiú thart ins na crícheannaí seo le goirid.
Ní raibh rith searraigh fhéin le déanamh aige, ó dhúisigh muid é, go raibh sé 'sa gcoinicéar, a's badh é ar ndubhshlán é 'chur aisti sin.
Dhá gcuirtheá súil ribe ar a' gcoinicéar sin thiar, ní bheitheá d'uireasbha coinín.
Mara mbeadh girr-fhiadh sáinnighthe ceart críochnuighthe, ní thiocfad sé in aon-choinicéar, a's níl fhios agam a' dtiocfad sé innte an uair sin fhéin.
Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighe Dia, dhá bheith aimsighthe ag a' madadh ruadh, a's é a' dhul isteach béal a' choinicéir. Bhain sé fionnach as, ach mar sin fhéin, thug sé a bheanna leis.
Ba coinín idteannta é muis, marach nar eirigh linn a' puillín beag sin, ar a' gcoinicéar a dhúnadh.
2.
rud mór, teann teangmháilte go h-áithrid bean má's bean a bhíos i gceist, samhluightear a' bhrúisceamhlacht léithe.
+–
Is diabhluidhe an coinicéar de bhean í.
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar a' teallach ann, a's í 'cur púir thobac go dorus dúinte. Is mé a bhí in a dhiaidh uirre, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasbha gail an uair chéadna.
TUILLEADH (16) ▼
Is áidhbhéil a' coinicéar caillighe a dhéanfas sí, ach a dtaga aois di. Nach n-aithneochthá uirre cheana é!
Tá sí in aon-choinicéar amháin annsiúd ar a' teallach, a's is uirre atá 'chuile anshógh má's fíor di fhéin, ach is beag a' chlóic atá uirre in a dheidh sin.
M'anam muise, má's leis a' choinicéar siúd a phósadh, nach f'learr (f'lár) dhó cathaoireacha níos láidre ná atá aige a cheannacht. Tá sí siúd h-ocht gclocha déag ar a cois, má tá sí taobh leis.
Coinicéar mhór aniar ó shean-chladaigh í, a tóigeadh ar bháirnigh, a's ar chnuasach cladaigh. Nach bhfuil an oillteamhlacht a' briseadh amach thríthe!
Cé'n spré 'bheadh sé a iarraidh, a's an choinicéar de bhean a fuair sé.
Is dalba an choinicéar de bhean a dhéanfas sí, má mhaireann di.
Má chuireann tú araoid a' bith ar a' gcoinicéar siúd, ní bheidh agad, ach malrait, ní bheidh sin. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit leigean di, ar fad. Níl buille ar bith is fhearr ná'n buille réidh
Is beag a' dochar dhi sin a bheith in a coinicéar mhóir mhillteach. Sin é a maith a's a maoin.
Ná pósadh tusa coinicéar mar í sin, nó ní bheidh tú indon í 'bheathú.
Nach hí bean a' duine bhoicht í! — coinicéar mór millteach
Diabhal bréag nar buaileadh air í — an coinicéar gan slacht gan dathamhlacht.
B'fhearr dhuit coinicéar mná 'fhaghail in áit eicínt a chuirfeadh a' t-Earrach thart duit, a's gan thú fhéin a chur síos sa talamh le obair, an t-Earrach seo aríst.
Coinicéar mhór mhillteach í, gan slacht gan cuid súl a' bith. Is mór a' t-iongnadh gur phós sé chor a' bith í, fear chomh breagh leis.
Tá ruibh uirre le olc. Coinicéar maith í. Diabhal bréag nach h-eadh!
Is beag a' soighleas a' coinicéar bradach sin. A's ní mór léithe fhéin duine a' cur 'chuile chumaoin uirre.
Is beag duine a bhfuil aon-ghnaoi aige, ar a' gcoinicéar sin, a's (d)ar ndóigh ní h-iongnadh é. Cé a chuala an deagh-fhocal as a béal ariamh?