coinicéar
—ainmfhocal, baininscneach
—iolra: coinicéir
—tuiseal ginideach aonta: coinicéarach, ach ní baintear leas as anois
1.
brocach nó ábhach, go háirid brocach coiníní.
+–
Chuaigh an coinín sa gcoinicéar orainn agus ní raibh aon ghair againn é a chur aisti.
Tá an choinicéar sin róláidir. Do cheann fine ní réabfadh ó chéile í.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo acub sin nach dtiocfadh sé inti, agus nach gcuirfeadh sé na coiníní astub amach agus deifir orthub.
Téirigh ar shúil an choinicéir agus ná lig isteach é a fhleascaigh
B'fhéidir dhá ndúntaí súile na gcoinicéar sin go n-éireodh cupla coinín linn atá ag taithiú thart sna crígheannaí seo le gairid.
Ní raibh rith searraigh fhéin le déanamh aige ó dhúisigh muid é go raibh sé sa gcoinicéar, agus ba é ár ndúshlán é a chur aisti sin.
Dhá gcuirtheá súil ribe ar an gcoinicéar sin thiar, ní bheifeá d'uireasa coinín.
Mura mbeadh giorria sáinnithe ceart críochnaithe, ní thiocfadh sé in aon choinicéar, agus níl a fhios agam an dtiocfadh sé inti an uair sin fhéin.
Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhá bheith aimsithe ag an madadh rua, agus é ag dhul isteach béal an choinicéir. Bhain sé fíonnach as, ach mar sin fhéin, thug sé a bheanna leis.
Ba coinín i dteannta é muis, murach nár éirigh linn an poillín beag sin ar an gcoinicéar a dhúnadh.
2.
rud mór, teann teangmháilte go háirid bean. Más bean a bhíos i gceist, samhlaítear an bhrúisciúlacht léithe.
+–
Is diabhlaí an coinicéar de bhean í.
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar an teallach ann, agus í ag cur púir thobac go doras dúnta. Is mé a bhí ina dhiaidh uirthi, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasa gail an uair chéanna.
TUILLEADH (16) ▼
Is áibhéil an coinicéar caillí a dhéanfas sí ach a dtaga aois di. Nach n-aithneofá uirthi cheana é!
Tá sí in aon choinicéar amháin ansiúd ar an teallach agus is uirthi atá chuile anó más fíor di fhéin, ach is beag an chlóic atá uirthi ina dhiaidh sin.
M'anam muise, más leis an choinicéar siúd a phósadh, nach foláir dhó cathaoireacha níos láidre ná atá aige a cheannacht. Tá sí siúd hocht gclocha déag ar a cois, má tá sí taobh leis.
Coinicéar mhór aniar ó sheanchladaí í, a tógadh ar bhairnigh agus ar chnuasach cladaigh. Nach bhfuil an oilltiúlacht ag briseadh amach thríthi!
Cén spré a bheadh sé a iarraidh agus an choinicéar de bhean a fuair sé.
Is dalba an choinicéar de bhean a dhéanfas sí má mhaireann di.
Má chuireann tú araoid ar bith ar an gcoinicéar siúd, ní bheidh agat ach malrait, ní bheidh sin. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit ligean di ar fad. Níl buille ar bith is fhearr ná an buille réidh
Is beag an dochar dhi sin a bheith ina coinicéar mhóir mhillteach. Sin é a maith is a maoin.
Ná pósadh tusa coinicéar mar í sin nó ní bheidh tú in ann í a bheathú.
Nach í bean an duine bhoicht í! — coinicéar mór millteach
Diabhal bréag nár buaileadh air í — an coinicéar gan slacht gan dathúlacht.
B'fhearr dhuit coinicéar mná a fháil in áit eicínt a chuirfeadh an t-earrach thart duit, agus gan thú fhéin a chur síos sa talamh le obair an t-earrach seo aríst.
Coinicéar mhór mhillteach í, gan slacht gan cuid súl ar bith. Is mór an t-ionadh gur phós sé chor ar bith í, fear chomh breá leis.
Tá ruibh uirthi le olc. Coinicéar maith í. Diabhal bréag nach ea!
Is beag an soilíos an coinicéar bradach sin. Agus ní mór léithe fhéin duine ag cur chuile chomaoin uirthi.
Is beag duine a bhfuil aon ghnaoi aige ar an gcoinicéar sin, agus ar ndóigh ní hionadh é. Cé a chuala an dea-fhocal as a béal ariamh?