Coingbhéalach (coinneálach)
—aidiacht.
—Go h-iondamhail bíonn sé mar leannán ag an bhfocal "cruadh", agus is annamh a baintear aon-leas as ar aghaidh fhéin, cidh gur minic "cruadh" as fhéin sa gcéill chéadna.
—
cruadh; tíoghbhusach; barrainneach; cruinn baileach; gan dreabhlás; a bheith indon greim cruadh daingean a choinneál ar do chuid; gan flaisc ná failic a dheanamh ar rud.
+–
Tá sí cruadh coinneálach, gar dhi fhéin = tá sí cruinn baileach cumhang, a's is beag aice cá luigheann an bhróg ar an té údan eile.
Tá sí chomh cruadh coinneálach anois, muis, a's dhá mbeadh gan leithphighinn ruadh a bheith ar a fághaltas.
TUILLEADH (9) ▼
Bhí sí cruadh coinneálach, tíoghbhusach, a's níor mhór di sin ar shon an fhir a bhí aice. D'ólfadh sé an chloch íochtair.
Tá sí cruadh coinneálach caillte = idteannta a bheith cruadh coinneálach di, bíonn an béal bocht uirre, a's is minic í a' clamhsán faoi'n a dhonacht a's atá an saoghal a's a slighe féin.
Marach chomh cruadh coinneálach a's bhí ariamh, is fadó an lá a bheadh sí de dhruim tighe, arae chaithfeadh an chlann a dtiocfaidís suas leis.
M'anam nach f'leárr do na daoine a bheith cruadh a's coinneálach ar a saoghal atá ann, maran leo(b) a bheith d'uireasbha tighe.
Má chuaidh sí le na máthair, ba cheart di a bheith cruadh coinneálach.
Bhí sí cruadh coinneálach i gcionn tighe ariamh, a's tá 'shliocht uirre: 'bhfuil aon-duine sa tír a 'bhfuil an oiread bruighshléacht uirre léithe anois?
Fear é a choinnigh crúb ar a chuid go cruadh coinneálach, 'chuile lá ariamh. Níor chaith sé le ól ná le dreabhlás é, ní h-ionann sin, a's tuille, atá a' casaoid a's a' clamhsán ar an saoghal anois.
Tá sé sin cruadh coinneálach a's go maith dhó fhéin. Deirimse leat gur beag a gheobhfas brabach air.
An té nach mbeidh cruadh coinneálach bíonn a lear air fhéin.
·
Dar mo choinsias, is tú atá coinneálach, má tá'n scilling sin aghad fós. Bheadh sí 'dóghadh mo phócaí-sa, go gcaithfinn í.
B'fhiú do dhuine a bheith coinneálach ar a leithphighinn fhéin. 'Tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní' adeirtear.