Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
coinneálach
aidiacht
go hiondúil bíonn sé mar leannán ag an bhfocal crua, agus is annamh a baintear aon leas as ar aghaidh fhéin, cé gur minic crua as fhéin sa gcéill chéanna.
crua; tíobhasach; barainneach; cruinn baileach; gan drabhlás; a bheith in ann greim crua daingean a choinneáil ar do chuid; gan flaisc ná failic a dhéanamh ar rud.
+
Tá sí crua coinneálach gar dhi fhéin — tá sí cruinn baileach cúng, agus is beag aici cá luíonn an bhróg ar an té údan eile.
Tá sí chomh crua coinneálach anois, muis, agus dhá mbeadh gan leithphínn rua a bheith ar a fáltas.
TUILLEADH (9) ▼
Bhí sí crua coinneálach, tíobhasach, agus níor mhór di sin ar shon an fhir a bhí aici. D'ólfadh sé an chloch íochtair.
Tá sí crua coinneálach caillte — i dteannta a bheith crua coinneálach di, bíonn an béal bocht uirthi, agus is minic í ag clamhsán faoina dhonacht agus atá an saol agus a slí féin.
Murach chomh crua coinneálach agus a bhí ariamh, is fadó an lá a bheadh sí de dhroim tí, arae chaithfeadh an chlann a dtiocfaidís suas leis.
M'anam nach foláir do na daoine a bheith crua agus coinneálach ar a saol atá ann, muran leob a bheith d'uireasa tí.
Má chuaigh sí lena máthair, ba cheart di a bheith crua coinneálach.
Bhí sí crua coinneálach i gcionn tí ariamh, agus tá a shliocht uirthi: an bhfuil aon duine sa tír a bhfuil an oiread bruithshléacht uirthi léithe anois?
Fear é a choinnigh crúb ar a chuid go crua coinneálach chuile lá ariamh. Níor chaith sé le ól ná le drabhlás é, ní hionann sin agus tuilleadh atá ag casaoid agus ag clamhsán ar an saol anois.
Tá sé sin crua coinneálach agus go maith dhó fhéin. Deirimse leat gur beag a gheobhas brabach air.
An té nach mbeidh crua coinneálach, bíonn a lear air fhéin.
·
Dar mo choinsias, is tú atá coinneálach má tá an scilling sin agat fós. Bheadh sí ag dó mo phócaíse go gcaithfinn í.
B'fhiú do dhuine a bheith coinneálach ar a leithphínn fhéin. Tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní, adeirtear.

coinneálach in iontrálacha eile (5)

 
Dheamhan scolb a thabharfadh sé cead dhuit a thabhairt amach as na garráin siúd aige gan a chíosú leis. Tá sé an-ghéar, agus crua coinneálach ar aon cheo atá aige.
 
bocht 2
Ní bhfuair bocht ná nocht brabach ariamh air. Bhí sé crua coinneálach ar an rud a bhí aige.
 
Gheobhaidh airgead Shasana an dustaí céanna anois agus a fuair an t-uachta cheana. Diabhal blas den cheart nach bhfuil acu a sásamh a bhaint as, fhad is a sheasfas sé. Dheamhan a gcos a thiocfas a chodladh ina dtroscadh, ach an oiread leis an té atá crua coinneálach. Uair bheag agus uair mhór, mar adeir an ceann eile
 
Dheamhan gráinne tobac a gheobhadh sé uaithi siúd dhá dtiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd crua coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thabharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin
 
Shílfeá go bhfuil tú ag brath ar a dhul ag díolachán bail ó Dhia ort! Séard a bhí agat a dhéanamh anois, cupla paidrín agus glac iallachaí a fháil, agus a dhul thart dhá bhfuagairt ó theach go teach — ag siúl romhat agus ag bailiú in do dhiaidh, mar adeireadh an Ceannaí Rua a bhíodh ag dul thart anseo fadó. Chuala mé M. Ph. Sh. M. — ós aige atá a fhios chuile rud — ag rá an lá cheana gur ag díol páipéir nuaíochta ar na sráideanna a thosaigh Lipton an tae. Más ea, ba mhaith a chuaigh sé dhó. Ach bhí sé crua coinneálach agus cion aige ar chuile phínn. Tiomsaíonn brobh beart, adeir siad