Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Coinnleoir
baininscneach.
Foghar coinnleoir, coínnleoir
1.
rud nó brionglán a gcuirtear coinneal nó crann-soillse in a seasamh ann.
+
'Teach mór, mór é, coinnleoir óir é, tomhais go tapa é, nó scaoil thart é' (tomhais = na flaithis).
Níor mhór liom coinnleoir óir duit a mhic ó, dhá mbeadh sí agham, ach níl ná aon-choinnleóir eile.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí na coinnleoirí lasta ar an altóir, ar a dhul isteach dhuinn.
Is beag a' mhaith coinnleoir gan coinneal (sórt leath-fhocal. Níl aon-mhaith sa slacht nó 'san ornáid d'uireasbha codach nó cur leis).
Níl coinnleoir ná crann-soillse annseo = níl rud ar bith ann le coinneal a chur ann.
2.
buinneán caol, árd, lom de dhuine.
+
Nach hé an coinnleoir é! = buinneán árd, lom de dhuine.
Ní féidir gurab é an coinnleoir sin thiar atá sí ag dul a phósadh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní phósfad sí an coinnleoir sin muise, dá bhfaghad sí a mhalrait, ach dheamhan faghail.
Cá'r casadh An Coinnleoir leat? (leasainm ar bhrionglán de dhuine).
3.
coinnleoirí — lucht coinnleoireachta (féach "coinnleoireacht").
·
Ag coinnleoirí atá na soillse sin.

Féach freisin

Coinnleoir in iontrálacha eile (1)

 
droim
Is maith a chruthóchas S. Ch. nó cuirfidh an coinnleoir de mhac sin aige de dhruim tighe é dhá mhéad í a dheis. Tá sé in ainm agus a bheith ag dul in a dhochtúr ach sin í an dochtúireacht eile. An uair a bheadh aige a bheith istigh ins an gColáiste 'sé an áit a mbíonn sé thíos i bpárlús J. in éindigh le bean na mbrístí, ag cur óil uirre as cosa idtaca. Is maith an dóigh dhó a bheith ar an gceird sin! Deirim leat nach bhfágfaidh sé bonn bán ar a athair, sin nó tá airgead in a chocaí beaga aige