Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
coinnleoir
baininscneach
foghar: coinnleoir, coínnleoir
1.
rud nó brionglán a gcuirtear coinneal nó crann soilse ina seasamh ann.
+
"Teach mór mór é, coinnleoir óir é, tomhais go tapa é, nó scaoil thart é" (tomhais = na flaithis)
Níor mhór liom coinnleoir óir duit a mhic ó, dhá mbeadh sí agam, ach níl ná aon choinnleoir eile.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí na coinnleoirí lasta ar an altóir ar a dhul isteach dhúinn.
Is beag an mhaith coinnleoir gan coinneal (sórt leathfhocal. Níl aon mhaith sa slacht nó san ornáid d'uireasa codach nó cur leis)
Níl coinnleoir ná crann soilse anseo — níl rud ar bith ann le coinneal a chur ann.
2.
buinneán caol, ard, lom de dhuine.
+
Nach é an coinnleoir é! — buinneán ard lom de dhuine.
Ní féidir gurb é an coinnleoir sin thiar atá sí ag dul a phósadh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní phósfadh sí an coinnleoir sin muise dá bhfaigheadh sí a mhalrait, ach dheamhan fáil.
Cár casadh an coinnleoir leat? (leasainm ar bhrionglán de dhuine)
3.
coinnleoirí: lucht coinnleoireachta (fc. coinnleoireacht).
·
Ag coinnleoirí atá na soilse sin.

Féach freisin

coinnleoir in iontrálacha eile (1)

 
droim
Is maith a chruthós S. Ch. nó cuirfidh an coinnleoir de mhac sin aige de dhroim tí é dhá mhéad í a dheis. Tá sé in ainm is a bheith ag dul ina dhochtúr ach sin í an dochtúireacht eile. Nuair a bheadh aige a bheith istigh sa gColáiste, 'sé an áit a mbíonn sé thíos i bparlús J. in éindí le bean na mbrístí ag cur óil uirthi as cosa i dtaca. Is maith an dóigh dhó a bheith ar an gceird sin! Deirim leat nach bhfágfaidh sé bonn bán ar a athair, sin nó tá airgead ina chocaí beaga aige