Coinnleoireacht
—ainm-fhocal nó briathar.
—má's ainm-fhocal baininscneach, tríomhadh díochlaonadh
—
a' fáiteall ar éanlaith nó ar iasc de shiubhal oidhche, le fód coise, nó le mítheán dearg giumhasaighe. Le fóide coise, nó le coinnle nó le na lampaí nua-aosacha aibhléise a teightear a' coinnleoireacht anois, ach roimhe seo, ba fáideogaí nó coinnle ghiumhasaighe a bhíodh ag lucht na coinnleoireachta. Ghnítí mítheáin de na sliseogaí giumhasaighe. Cuirtí gad orra, a's leagtaí sa simléar nó ar a' matal, le stálú, iad. Déantar coinnleoireacht éisc ar linntreachaí nó áthannaí nó abhann chomh uain's 'bhíos séasúr an éisc ann, a's coinnleoireacht éan, i gcrícheannaí, indriseachaí, ingurráin, a's i ros-choillte a's i ndoireadhachaí. Bíonn slat-mhaidí nó maidí ar iomchur ag na "coinnleoirí", a's nuair a fhaghann siad leigean ar an éan faoi'n solus, tugann siad fadhb dhó le na mharbhú. Is minic a róstar an chreach nó'n conách coinnleoireachta 'na dhiaidh sin idir chorp chleite a's sciathán sa ngríosaigh.
+–
Fagh staic de mhaide a's fód coise go dteigheamuid a' coinnleoireacht 'sa gcrích driseachaí atá thiar sa 'mBrocaigh'.
Seo í uair na coinnleoireachta anois. Bíonn siad chomh deallruighthe, préachtaí sin a's go ndeasócha siad leis a' solus, nó leis a' teas chreidim.
TUILLEADH (12) ▼
Ní fhágann an solus aon-spré amhairc 'na súile. Má bhíonn tú a' coinnleoireacht, dheamhan ort ach a' solus a dheasú isteach leo(b) a's fadhb nó fladhpar a thabhairt uait annsin.
Mharbhuigh mé céirseach a's socán d'aon-iarraidh amháin an oidhche faoi dheire a raibh mé 'coinnleoireacht.
Bhí siad a' coinnleoireacht ar an abhainn aréir, a's is beag a' fátall adeirigh leo(b) de bharr na coinnleoireachta cheapfainn.
Chinnfeadh ort aon-choinnleoireacht a dhéanamh anois ag maora a's ag báirseoirí éisc. Tá duine aca(b) romhat le 'chuile chor.
Bíonn a' dream sin siar a' saigheadóireacht nó a' coinnleoireacht chuile oidhche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán áirde ag na maora eile orra(b), nidh nach iongnadh, ó thárla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
Is olc a chruthuigh sib nach ndeacha a' coinnleoireacht anocht. Ba mhór a' solamar corr-rampaire breagh d'éan a bheith le n-ithe ag duine.
Ara cé thiocfadh a' coínnleoireacht a's muid gránuighthe ar mhairtfheoil (aimsir na "mairtfheola").
Siubhail suas sa ros-choill anocht go ndéanamuid geábh coinnleoireachta. Ní fearr dhuit in do chomhnuidhe ná a' cabaireacht thíos ar theallach N.
An té a ghabhfadh a' coinnleoireacht ar a' gcruadhtan seo, dhéanfadh sé sladadh ar éanachaí.
Ní bheidhinn do mo mheath fhéin le cliabháin. Fág seo 'coinnleoireacht anocht, a's déanfamuid sléachtadh ar chéarsachaí 'sna breaclachaí sin síos.
Sin é 'bhfuil de bharr na coinnleoireachta aghadsa, 'chuile shnáth éadaigh dhá bhfuil ort a bheith stiallta, a's gan liobair leathair ar aon-láimh leat.
Thosuigheadar a' rúscadh a's a' sceannadh 'chéile faoi chreach na coinnleoireachta.
Féach freisin
Coinnleoireacht in iontrálacha eile (2)
→
crígh
Ba mhaith an dóigh a dhul a' coinnleoireacht anocht 'sna crícheannaí sin síos. Lonnuigheann a' saoghal bráthach éanachaí ionnta(b) anois.
→
dúisigh
Bhí muid ag coinnleoireacht oíche anuiridh thíos 'sna crígheannaí sin thíos agus dhúisigh muid éan aisteach eicínt sa sceich chuilinn