Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
coinnleoireacht
ainmfhocal nó briathar
más ainmfhocal, baininscneach, tríú díochlaonadh.
Ag fáiteall ar éanlaith nó ar iasc de shiúl oíche, le fód coise, nó le mítheán dearg giúsaí. Le fóide coise, nó le coinnle, nó le na lampaí nua-aoiseacha aibhléise, a téitear ag coinnleoireacht anois, ach roimhe seo, ba fáideogaí nó coinnle ghiúsaí a bhíodh ag lucht na coinnleoireachta. Ghnítí mítheáin de na sliseogaí giúsaí. Cuirtí gad orthu, agus leagtaí sa simléar nó ar an matal le stálú iad. Déantar coinnleoireacht éisc ar linntreachaí nó áthannaí nó abhann chomhuain is a bhíos séasúr an éisc ann, agus coinnleoireacht éan i gcrígheannaí, i ndriseachaí, i ngarráin, agus i roschoillte agus i ndoiriúchaí. Bíonn slatmhaidí nó maidí ar iompar ag na coinnleoirí, agus nuair a fhaigheann siad ligean ar an éan faoin solas, tugann siad fadhb dhó lena mharú. Is minic a róstar an chreach nó an conách coinnleoireachta ina dhiaidh sin idir chorp chleite agusis sciathán sa ngríosaigh.
+
Faigh staic de mhaide agus fód coise go dté muid ag coinnleoireacht sa gcrígh driseachaí atá thiar sa mBrocaigh.
Seo í uair na coinnleoireachta anois. Bíonn siad chomh deallraithe, préachtaí sin agus go ndeasóidh siad leis an solas nó leis an teas chreidim.
TUILLEADH (12) ▼
Ní fhágann an solas aon spré amhairc ina súile. Má bhíonn tú ag coinnleoireacht, dheamhan ort ach an solas a dheasú isteach leob agus fadhb nó fladhpar a thabhairt uait ansin.
Mharaigh mé céirseach agus sacán d'aon iarraidh amháin an oíche faoi dheireadh a raibh mé ag coinnleoireacht.
Bhí siad ag coinnleoireacht ar an abhainn aréir agus is beag an fáiteall a d'éirigh leob de bharr na coinnleoireachta cheapfainn.
Chinnfeadh ort aon choinnleoireacht a dhéanamh anois ag maortha agus ag báirseoirí éisc. Tá duine acub romhat le chuile chor.
Bíonn an dream sin siar ag saighdeoireacht nó ag coinnleoireacht chuile oíche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán airde ag na maortha eile orthub, ní nach ionadh, ó tharla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
Is olc a chruthaigh sibh nach ndeachaigh ag coinnleoireacht anocht. Ba mhór an solamar corr-rampaire breá d'éan a bheith le n-ithe ag duine.
Ara cé thiocfadh ag coinnleoireacht agus muid gráinithe ar mhairteoil (aimsir na mairteola)
Siúil suas sa roschoill anocht go ndéana muid geábh coinnleoireachta. Ní fearr dhuit in do chónaí ná ag cabaireacht thíos ar theallach N.
An té a ghabhfadh ag coinnleoireacht ar an gcruatan seo, dhéanfadh sé sladadh ar éanachaí.
Ní bheinn do mo mheath fhéin le cliabháin. Fág seo ag coinnleoireacht anocht agus déanfaidh muid sléachtadh ar chéirseachaí sna breaclachaí sin síos.
Sin é a bhfuil de bharr na coinnleoireachta agatsa, chuile shnáth éadaigh dhá bhfuil ort a bheith stiallta, agus gan liobair leathair ar aon láimh leat.
Thosaíodar ag rúscadh agus ag sceanadh a chéile faoi chreach na coinnleoireachta.

Féach freisin

coinnleoireacht in iontrálacha eile (6)

 
Déan bráideog fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleoireacht. Tá na crígheannaí sin siar beo beathach le smólaigh agus lonta dubha
 
fíóg
Dhá mbeadh slám fíógaí againn ghabhfadh muid ag coinnleoireacht. Ba bhreá an rud glac smólachaí a mharú agus a róstadh. Rinne muid íospairt mhór orthu anuraidh
 
crígh
Ba mhaith an dóigh a dhul ag coinnleoireacht anocht sna crígheannaí sin síos. Lonnaíonn an saol brách éanachaí iontub anois.
 
Drochfhear coinnleoireachta — nach mbeadh aon mhaith leis ag coinnleoireacht
 
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Maróidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinnleoireacht, duántacht amhrais, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agat. Chonaic mé brúisc ag dul suas ag an gcora Bh. anuraidh. Isteach le péire faoin mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh, mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar lig an faitíos dom. Ala ina dhiaidh sin tháinig duine de na maoir aníos le abhainn …
 
Bhí muid ag coinnleoireacht oíche anuraidh thíos sna crígheannaí sin thíos agus dhúisigh muid éan aisteach eicínt sa sceich chuilinn