—
círín, barr círín; fíor-mhullach, cíor, an tsraith mhullaigh; an fíor-bharr, an ceann, ceann-bheart, nó cuid de cheann-bheart; an bhuaic; speiricín; stuaic.
a.
+–
Tá fuil ar choirricín a' choiligh. Chaithfead sé go raibh sé 'troid aríst.
Tá ' coiricín uileag faoi fhuil, de bharr an choiligh seo amuigh.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí 'n dá choileach i ngreim coirrice 'na chéile.
'Is deas a d'fhás an coirricín, is deas a d'fhás an círín; Is deas a d'fhás an coirricín ar choileach Mháire Ní Fhinneadha' (leath-rann a bhíos ag gasúir).
+–
Tá sé chomh h-árd le coirricín a' Teampaill Mhóir = speiricín.
Bhuailfeadh sé a chloigeann ar choirricín a' tséipéil sin thoir. Ní fhaca tú aon-duine go h-iomdha is aoirde ná é.
TUILLEADH (4) ▼
Cuir suas ar choirric an bhus é. Ní fhéadfá rud chomh mío-stuamdha leis sin a thabhairt isteach ann. = cíor an bhus.
Bhí sé gróigthe thuas ar choirricín a' tighe = ar a' gcír, go h-áithrid ag barr na binne.
Tá cárnán cloch thuas ar fhíor-choirricín an chnuic, a's ní bheadh fhios agad cé'r b'as a dtáinic siad. Ar aon-chor, ní bheidís ann marach gurb é an chaoi ar tárluigheadh ann iad.
Cé'n sórt coirric é siud atá ar a' simléar aca(b)?
+–
Leig tú an iomarca coirricín suas uirre. Dubhairt mé sin leat, arae d'aithin mé ort, go raibh tú dhá tabhairt isteach ro-luath = cruach arbhair a bhí ro-bhiorach as a barr.
Thillfeadh slam eile fás ar choirricín a choca.
TUILLEADH (2) ▼
Thug tú an iomarca coirrice de'n choca. Ní raibh agad é 'bhiorrú chomh mór sin.
Chonnaic mé caróg a' lonnú indiu ar choirricín a' tsimléir. Meastú nach a' brath ar nead a dhéanamh ann atá sí.
+–
Tá coirric suas ar a hata. Le galántacht, d'eile!
Tá coirricín eicínt suas ar a' gcaipín atá uirre, a's go deimhin ní slachtmhar é. Is geall le 'gyspy' í.
TUILLEADH (5) ▼
Rinne sé dhá leith de choirric a hata in áit ar shuidh sé air, a's ar lioc sé faoi é. = cíor an hata; an chuid chruinn as cionn na billeoige.
Bhí cleite i gcoirric an hata aice.
'Bhfaca tú na coirriceachaí atá ar na hataí atá 'teacht amach anois?
'Breagh ó chuaidh tú dhá cheannacht nar cheannuigh tú hata mar is ceart fharras an choirric sin!
Shílfeá go mbadh deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor a' bith lá gála a's na coirriceachaí atá asta(b).
b.
+–
Tá rud eicínt sa gcoirric (sa gcoirricín) air = tá seachmall eicínt air; tá rud eicínt sa gceann air; tá sé 'éadtrom'; níl sé 'staidéarach, 'sábhála Dia sinn!
'Sa gcoirricín atá sé dhá bhualadh.
TUILLEADH (6) ▼
InDomhnach tá rud air thar a' slaghdán. Fainic a' bhfuil an coirricín ar foghnamh aige!
Má choinnigheann sib saghdtha mar sin é, is gearr go dteighe sé 'sa gcoirricín aige = má choinnigheann sib an scéal seaduighthe, goillfe sé chomh mór air, a's go dtiocfa éadtruimeacht air.
Mná atá ag dul sa gcoirric air sílim! = tá súnás nó rachmall ban air; 'siad na mná atá dhá shaghdadh.
Scread-chasta air, an sean-riadaire bradach le deis a bheith air! Maran fada gur thosuigh na mná ag (d)ul sa gcoirricín aige!
InDomhnach muise, má theigheann rudaí de'n tsórt sin sa gcoirricín aige,tá faitchíos orm gur deacair iad a bhaint as. Ní bhainfe cíor ná raca as iad ar aon-chor! = amhuilleacht a' bith a ghlacfadh duine 'na chloigeann.
Is deacair é sin a chuir as a' gcoirricín aige anois, aindeoin nach raibh géilleamhaint a' bith aige dhó, an chéad uair = smaoineadh nó tuairim.
·
Tá sé ag eirghe sa gcoiricín air, ó chuala sé go raibh tusa dhá fhaghail, ach ní raibh meas a' bith aige air, idtosach (an 'dole' atá igceist).
Tiocfa an fheamuinn dearg sa gcoirricín air, mara bhfuil ag Dia!
+–
Cuireadh bréaga sa gcoirricín aige anocht = cumadh riar maith bréag dhó.
Leig mise bréaga faoi'n gcoirricín aige, tá mé 'rádh leat! = chum mé bréaga dhó.
TUILLEADH (3) ▼
Bailigheadh leis anois! Níl mise ina dhiaidh air, an méid sin bréag a dhul sa gcoirricín aige.
'Sé'n fear seo thíos atá ag dul 'sa gcoirricín ar fad air, le goirid = marach an fear seo thíos (a's a fheabhas a's atá ag eirghe leis; a n-abruigheann sé etc.) ní bheadh sé thar bharr a chéille mar tá sé.
'Siad na bóithrí atá ag dul sa gcoirricín ar fad air, anois, in áit nach bhféadann sé fhéin a dhul a' saothrú orra(b). Marach sin, dheamhan locht a' bith a bheadh orra(b)!
+–
Tá'n t-ól ag eirghe sa gcoirricín aige = tá'n t-ól a' tuitim air, a's dhá shaghdadh, nó dhá spréachadh.
D'eirigh an taoscáinín sin fhéin sa gcoirric aige. Dheamhan acmhuinn óil a' bith aige.
TUILLEADH (2) ▼
Sé'n chás amháin dhó gloine 'ól le lán daibhche. Eireocha an ghloine fhéin sa gcoirricín air, a's tosócha sé ag (d)ul in geallta.
Má theigheann a' t-ól sa gcoirricín air siúd, dheamhan a' bhfuil ar a' mbaile a cheannsóchas é.
+–
Tá braon sa gcoirric (sa gcoirricín) aige = tá braon ar bord aige; tá braon 'sa gcírín aige; tá braon óil caithte aige.
Tá braon maith sa gcoirricín aige anocht de bharr an aonaigh.
TUILLEADH (12) ▼
Dheamhan a' féidir go bhfuil braon sa gcoirric aige aríst indiu. Níl sé 'tógáil ceann a' bith as an ól ar an aimsir seo.
Dá mbeadh aon-deoir sa gcoirricín aige siúd, bheadh scéal agad air, deirimse leat.
Is droch-mhúinte an éadáil aon-araoid a chur air siúd, má bhíonn aon-deoir sa gcoirricín aige go h-áithrid.
Tháinic sé abhaile aríst aréir a's balasta maith sa gcoirricín aige.
B'fhurast 'aithinte ar S. Mh. Ph. go raibh braoinín sa gcoirric aige indé. Ná bac leis, má fheiceann tú 'cur láimh' a' bith ar a shróin é. Sin é do dhóthain.
Is minic a bhí braon sa gcoirricín againn fhéin, a's b'éigean duinn é' iomchur. InDomhnach is dathamhail an scéal é, má fhéadann duine tosuighe a' briseadh a's a' réabadh, 'chuile uair a n-ólfa sé cupla pionta 'pórtair'!
Ní túisce deoir a' bith sa gcoirric aige, ná seo a' bollaireacht a's a' glaodhmaireacht a's a' cothú achrainn é.
Tá braon sa gcoirricín aice, a's ní feairrde a coirricín é = ní maith atá an t-ól ag (d)ul di; tá sé a' cur seachmaill uirre.
Ní fhanann cor a' bith ann, má bhíonn aon-bhraon 'sa gcoirricín aige. Is diabhluidhe aisteach a theighea(nn)s an t-ól do dhaoine thar a chéile.
Dheamhan baoghal a bheadh air a mhacsamhail de chleas a dhéanamh marach go raibh braon sa gcoirricín aige.
Níl cinneadh 'bith leis, má bhíonn deoir a' bith sa gcoirricín aige.
Marach a raibh sa gcoirricín agham an uair chéadna, ní móide go n-abróchainn tada, ach níl fascadh 'bith ionnam ar mo chuid óil.
+–
Má fhaghaimse greim coirrice ort, mo choinsias 'dar m'anam, ní dhéanfa tú aríst é, ní dheanfa sin = greim cinn; má fhaghaim greim ort.
Tiubharfa mise iarraidh ar a' gcoirric dhuit, mara dtuga tú aire dhuit fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh greim aghamsa ar do choirric bháin, bheidhinn a' gabhail ort, chomh-uain's 'gheobhainn teas i do chraiceann = malrach a raibh mullach bán air.
+–
Is furast 'aithinte dhuit a coirric chuiltheach! = aithneocha tú go maith a cloigeann stuithneach.
Bhí sé 'na Chath na bPunann annseo thuas indé. Tharraing na mná na coirriceachaí aigeán a chéile aríst.
TUILLEADH (1) ▼
Marandéana tú su(a)imneas, tarraingeócha mise an choirric aghad, feicfe tú fhéin air.