—
círín, barr círín; fíormhullach, cíor, an tsraith mhullaigh; an fíorbharr, an ceann, ceannbheart, nó cuid de cheannbheart; an bhuaic; speiricín; stuaic.
a.
+–
Tá fuil ar choiricín an choiligh. Chaithfeadh sé go raibh sé ag troid aríst.
Tá an coiricín uileag faoi fhuil de bharr an choiligh seo amuigh.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an dá choileach i ngreim coirice ina chéile.
'Is deas a d'fhás an coiricín, is deas a d'fhás an círín; Is deas a d'fhás an coiricín ar choileach Mháire Ní Fhinneadha' (leathrann a bhíos ag gasúir)
+–
Tá sé chomh hard le coiricín an Teampaill Mhóir — speiricín.
Bhuailfeadh sé a chloigeann ar choiricín an tséipéil sin thoir. Ní fhaca tú aon duine go hiomaí is airde ná é.
TUILLEADH (4) ▼
Cuir suas ar choiric an bhus é. Ní fhéadfá rud chomh místuama leis sin a thabhairt isteach ann — cíor an bhus
Bhí sé gróigthe thuas ar choiricín an tí — ar an gcír, go háirid ag barr na binne.
Tá carnán cloch thuas ar fhíorchoiricín an chnoic agus ní bheadh a fhios agat cérb as a dtáinig siad. Ar aon chor, ní bheidís ann murach gurb é an chaoi ar tarlaíodh ann iad.
Cén sórt coiric é siod atá ar an simléar acub?
+–
Lig tú an iomarca coiricín suas uirthi. Dúirt mé sin leat, arae d'aithin mé ort go raibh tú dhá tabhairt isteach róluath — cruach arbhair a bhí róbhiorach as a barr.
Thoillfeadh slám eile fás ar choiricín an choca.
TUILLEADH (2) ▼
Thug tú an iomarca coirice don choca. Ní raibh agat é a bhiorú chomh mór sin.
Chonaic mé caróg ag lonnú inniu ar choiricín an tsimléir. Meas tú nach ag brath ar nead a dhéanamh ann atá sí.
+–
Tá coiric suas ar a hata. Le galántacht, deile!
Tá coiricín eicínt suas ar an gcaipín atá uirthi, agus go deimhin ní slachtmhar é. Is geall le 'gyspy' í.
TUILLEADH (5) ▼
Rinne sé dhá leith de choiric a hata an áit ar shuigh sé air, agus ar lioc sé faoi é — cíor an hata; an chuid chruinn os cionn na bileoige.
Bhí cleite i gcoiric an hata aici.
An bhfaca tú na coiriceachaí atá ar na hataí atá ag teacht amach anois?
'Breá ó chuaigh tú dhá cheannacht nár cheannaigh tú hata mar is ceart tharas an choiric sin!
Shílfeá go mba deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor ar bith lá gála agus na coiriceachaí atá astub.
b.
+–
Tá rud eicínt sa gcoiric (sa gcoiricín) air — tá seachmall eicínt air; tá rud eicínt sa gceann air; tá sé 'éadrom'; níl sé staidéarach, go sábhála Dia sinn!
'Sa gcoiricín atá sé dhá bhualadh.
TUILLEADH (6) ▼
I nDomhnach tá rud air thar an slaghdán. Fainic an bhfuil an coiricín ar fónamh aige!
Má choinníonn sibh saighdte mar sin é, is gearr go dté sé sa gcoiricín aige — má choinníonn sibh an scéal seadaithe, goillfidh sé chomh mór air agus go dtiocfaidh éadromacht air.
Mná atá ag dul sa gcoiric air sílim! — tá súnás nó rachmall ban air; 'siad na mná atá dhá shaighdeadh.
Scread chasta air, an seanriadaire bradach, le deis a bheith air! Muran fada gur thosaigh na mná ag dul sa gcoiricín aige!
I nDomhnach muise, má théann rudaí den tsórt sin sa gcoiricín aige,tá faitíos orm gur deacair iad a bhaint as. Ní bhainfidh cíor ná raca as iad ar aon chor! — ámhailleacht ar bith a ghlacfadh duine ina chloigeann.
Is deacair é sin a chur as an gcoiricín aige anois, ainneoin nach raibh géilliúint ar bith aige dhó an chéad uair — smaoineadh nó tuairim.
·
Tá sé ag éirí sa gcoiricín air ó chuala sé go raibh tusa dhá fháil, ach ní raibh meas ar bith aige air i dtosach (an dole atá i gceist)
Tiocfaidh an fheamainn dearg sa gcoiricín air mura bhfuil ag Dia!
+–
Cuireadh bréaga sa gcoiricín aige anocht — cumadh riar maith bréag dhó.
Lig mise bréaga faoin gcoiricín aige, tá mé ag rá leat! — chum mé bréaga dhó.
TUILLEADH (3) ▼
Bailíodh leis anois! Níl mise ina dhiaidh air an méid sin bréag a dhul sa gcoiricín aige.
'Sé an fear seo thíos atá ag dul sa gcoiricín ar fad air le gairid — murach an fear seo thíos (agus a fheabhas agus atá ag éirí leis; a n-abraíonn sé srl.) ní bheadh sé thar bharr a chéille mar atá sé.
'Siad na bóithrí atá ag dul sa gcoiricín ar fad air anois, an áit nach bhféadann sé fhéin a dhul ag saothrú orthub. Murach sin, dheamhan locht ar bith a bheadh orthub!
+–
Tá an t-ól ag éirí sa gcoiricín aige — tá an t-ól ag titim air, agus dhá shaighdeadh, nó dhá spréachadh
D'éirigh an taoscáinín sin fhéin sa gcoiric aige. Dheamhan acmhainn óil ar bith aige.
TUILLEADH (2) ▼
Is aon chás amháin dhó gloine a ól le lán daibhche. Éireoidh an ghloine fhéin sa gcoiricín air agus tosóidh sé ag dul i ngeallta.
Má théann an t-ól sa gcoiricín air siúd, dheamhan an bhfuil ar an mbaile a cheansós é.
+–
Tá braon sa gcoiric (sa gcoiricín) aige — tá braon ar bord aige; tá braon sa gcírín aige; tá braon óil caite aige.
Tá braon maith sa gcoiricín aige anocht de bharr an aonaigh.
TUILLEADH (12) ▼
Dheamhan an féidir go bhfuil braon sa gcoiric aige aríst inniu. Níl sé ag tógáil ceann ar bith as an ól ar an aimsir seo.
Dá mbeadh aon deoir sa gcoiricín aige siúd, bheadh scéal agat air, deirimse leat.
Is drochmhúinte an éadáil aon araoid a chur air siúd má bhíonn aon deoir sa gcoiricín aige go háirid.
Tháinig sé abhaile aríst aréir agus ballasta maith sa gcoiricín aige.
B'fhurasta a aithinte ar S. Mh. Ph. go raibh braoinín sa gcoiric aige inné. Ná bac leis, má fheiceann tú ag cur láimhe ar bith ar a shróin é. Sin é do dhóthain.
Is minic a bhí braon sa gcoiricín againn fhéin agus b'éigean dúinn é a iompar. I nDomhnach is dathúil an scéal é má fhéadann duine tosaí ag briseadh agus ag réabadh chuile uair a n-ólfaidh sé cupla pionta pórtair!
Ní túisce deoir ar bith sa gcoiric aige, ná seo ag bollaireacht agus ag glaomaireacht agus ag cothú achrainn é.
Tá braon sa gcoiricín aici, agus ní fearrde a coiricín é — ní maith atá an t-ól ag dul di; tá sé ag cur seachmaill uirthi.
Ní fhanann cor ar bith ann má bhíonn aon bhraon sa gcoiricín aige. Is diabhlaí aisteach a théanns an t-ól do dhaoine thar a chéile.
Dheamhan baol a bheadh air a mhacasamhail de chleas a dhéanamh murach go raibh braon sa gcoiricín aige.
Níl cinneadh ar bith leis má bhíonn deoir ar bith sa gcoiricín aige.
Murach a raibh sa gcoiricín agam an uair chéanna, ní móide go n-abróinn tada, ach níl foscadhar bith ionam ar mo chuid óil.
+–
Má fhaighimse greim coirice ort, mo choinsias is dar m'anam, ní dhéanfaidh tú aríst é, ní dhéanfaidh sin — greim cinn; má fhaighim greim ort.
Tabharfaidh mise iarraidh ar an gcoiric dhuit mura dtuga tú aire dhuit fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh greim agamsa ar do choiric bháin, bheinn ag gabháil ort chomhuain is a gheobhainn teas i do chraiceann — malrach a raibh mullach bán air.
+–
Is furasta a aithinte dhuit a coiric chuileach! — aithneoidh tú go maith a cloigeann stoithneach.
Bhí sé ina Chath na bPunann anseo thuas inné. Tharraing na mná na coiriceachaí ag a chéile aríst.
TUILLEADH (1) ▼
Mura ndéana tú suaimhneas, tarraingeoidh mise an choiric agat, feicfidh tú fhéin air.