Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Coiriughadh
briathar
Mar ainm-bhriathar is coitcheannta é, ach cloistear mar ghnáth-bhriathar freisin é.
a' cáineadh; a' tromachan; a' caitheamh anuas; a' caitheamh a's a' cáineadh; a bheith sa mullach ar … ; a' biadán; a' cúl-chainnt.
+
Coireocha sé ort, má dhéanann tú sin.
Choireochadh sé orm — 'sé a choireochadh — dhá bhfaghadh sé an deis, ach is mise fhéin nach dtiubhra an deis dhó.
TUILLEADH (10) ▼
Choireochadh sí sin ar shagart a' pharráiste, ní áirmhighim a mhalrait.
Is fhearr dhuit gan slighe chainnte a thabhairt di, nó coireocha sí ort le S.
Dhá mbeadh fhios agam, go gcoireochadh sí orm mar sin, ní chuirfinn chuice ná uaithe, ach dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí agam, gur duine de'n tsórt sin í.
Coireocha sé ar a' gcliamhain leat, má éisteann tú leis, ach dheamhan a mbeadh fhios agad, dhá n-abru(ighth)eá aon-cheo leis, nach shéard a dhéanfadh sé a dhul ar ais, a's chuile smid a innseacht dó. 'Aon mhuinntir amháin iad Muinntir Árd-Raithin' bíodh fhios agad.
Coireocha sé sin go maith ar chuile dhuine, ach ar a mhuinntir féin, ach mise imbannaí gur beag adéarfas sé leo(b) sin, aindeoin go mbíonn sé fhéin a's iad fhéin in árachaí 'chéile chuile lá.
Ní choireocha sé ar aon-duine in mo láthair-sa, nó má choirigheann, cuirfe mise in a thost é, gan mórán achair. 'Sén rud is lughar liom beo, duine a chloisteáil a' caitheamh a's a' cáineadh ar a chomhursa mar sin gan ughdar a' bith.
Coireocha sé go maith ar T. Mh. le 'chuile dhuine eile, ach is beag a' luath aige aon-cheo a rádh suas le na bhéal. In a leaba sin, a' brughadh air a bhío(nn)s sé.
Ní miste dhuit céard adéarfas seisean, ach ná coirigh thusa ar aon-duine leis. 'Sé 'mbeadh uaidh, a dhul ar ais aríst, a's an rud adubhairt tusa a innseacht.
Ní maith go gcreidim go gcoireochad sí sin ar aonduine. Thar dhuine a' bith sa tír, níor chuala mé aon-duine a' rádh ariamh go raibh cúl a cainnte leis a' ngearrchaile sin.
Ar a' mbean a chuireochadh C. ar fad = is di a thabharfadh sé an milleán.
+
Is maith uaidh sin coireamhaint ar 'chuile dhuine, ach feiceamuist fagh aon-bhrabach air in a dheidh sin.
A' coireamhaint ar a chomhursanaí a chaithea(nn)s sé a shaoghal.
TUILLEADH (15) ▼
'Sé a bhuac sin a bheith a' coireamhaint ar dhuine eicínt.
A' coireamhaint ar Mh. Mh., a chaith sí an oidhche.
Má fhaghann sí sin duine eicínt le dhul a' cáineadh a's a' coireamhaint air, tá sí sásta.
Nach mór a' t-iongnadh nach n-eireochthá as a' gcoireamhaint uair eicínt, as gan a bheith ar a táirm chéadna igcomhnuidhe a' sciolladh a's a' biadán ar a' gcomharsa.
'Sí atá indon a' choireamhaint a dhéanamh, 'san am a mbaineann sí amach.
Nach beag a' luath aige a dhul a' coireamhaint ar a mhuinntir fhéin?
Níor tháinic iabh ar a bhéal, ach a' coireamhaint a's a' tromachan i gcaitheamh na h-oidhche. Dheamhan duine a d'fhága sé sa tír, nar tharraing sé thrídh n'fhiacla.
Nach gránda an faisean a thug sé faoi deara dhó fhéin, a bheith a' coireamhaint igcomhnuidhe ar chuile dhuine mar sin.
Bheadh sí sin thart, mara bhféadadh sí a bheith a' coireamhaint ar dhuine eicínt. Sin é a biadh a's a beatha.
'Sé an duine is lughar liom sa tír a fheiceál ar mo theallach é. Bíonn sé in a chlaibín muilinn igcomhnuidhe a' coireamhaint ar dhuine eicínt. Níl mórán duine ar bith, nach ndéanfa scathamh biadáin uair eicínt, ach is gránda an rud é 'choinneál seaduighthe igcomhnuidhe.
Is beag an ollóid a' créatúr sin. Níor chuala aon-duine ariamh é, a' coireamhaint ná a' cúl-chainnt ar aon-duine.
'Bhfuil faitchíos a' bith roimh Dhia agad, a bheith a' coireamhaint mar sin ar do chomharsa, go h-acht a's go h-áithrid?
Tá'n ghráin shíorruidhe saoghalta aice ar C. Mhór. Dheamhan lá 'bith nach gcaitheann sí scathamh a' coireamhaint uirre.
Tá'n brochán dóirtighthe aríst. 'Sé'n chaoi 'bhfuil fhios agamsa é, arae bhí M. ar cuairt againn aréir, a's chaith sé scathamh maith a' coireamhaint ar Sh. N., a's a' rádh gur scrataidhe gan mhaith a bhí ann. Sin é d'innseochadh dhuit nach bhfuil siad mór le chéile.
Má tá indán's go dtosócha sé a' coireamhaint orra(b), coinnigh thusa do bhéal ar a chéile, arae má abruigheann tú tada, is gearr ar sin an scéal a thabhairt ar ais chuca(b).