—
ag cáineadh; ag tromachan; ag caitheamh anuas; ag caitheamh is ag cáineadh; a bheith sa mullach ar … ; ag béadán; ag cúlchaint.
+–
Coireoidh sé ort má dhéanann tú sin.
Choireodh sé orm — 'sé a choireodh — dhá bhfaigheadh sé an deis, ach is mise fhéin nach dtabharfaidh an deis dhó.
TUILLEADH (10) ▼
Choireodh sí sin ar shagart an pharóiste, ní áirím a mhalrait.
Is fhearr dhuit gan slí chainte a thabhairt di nó coireoidh sí ort le S.
Dhá mbeadh a fhios agam go gcoireodh sí orm mar sin, ní chuirfinn chuici ná uaithi, ach dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí agam gur duine den tsórt sin í.
Coireoidh sé ar an gcliamhain leat má éisteann tú leis, ach dheamhan a mbeadh a fhios agat, dhá n-abraíteá aon cheo leis, nach éard a dhéanfadh sé a dhul ar ais agus chuile smid a inseacht dó. Aon mhuintir amháin iad Muintir Ard Raithin bíodh a fhios agat.
Coireoidh sé sin go maith ar chuile dhuine ach ar a mhuintir féin, ach mise i mbannaí gur beag adéarfas sé leob sin, ainneoin go mbíonn sé fhéin agus iad fhéin in árachaigh a chéile chuile lá.
Ní choireoidh sé ar aon duine in mo láthairse, nó má choiríonn, cuirfidh mise ina thost é gan mórán achair. 'Sé an rud is luar liom beo duine a chloisteáil ag caitheamh agus ag cáineadh ar a chomharsa mar sin gan údar an bith.
Coireoidh sé go maith ar T. Mh. le chuile dhuine eile ach is beag an lua aige aon cheo a rá suas lena bhéal. Ina leaba sin, ag brú air a bhíonns sé.
Ní miste dhuit céard adéarfas seisean, ach ná coirigh thusa ar aon duine leis. 'Sé a mbeadh uaidh a dhul ar ais aríst agus an rud adúirt tusa a inseacht.
Ní maith go gcreidim go gcoireodh sí sin ar aon duine. Thar dhuine ar bith sa tír, níor chuala mé aon duine ag rá ariamh go raibh cúl a cainte leis an ngearrchaile sin.
Ar an mbean a choireodh C. ar fad — is di a thabharfadh sé an milleán.
+–
Is maith uaidh sin coiriúint ar chuile dhuine, ach feiceamuist faigh aon bhrabach air ina dhiaidh sin.
Ag coiriúint ar a chomharsanaí a chaitheanns sé a shaol.
TUILLEADH (15) ▼
'Sé a bhuac sin a bheith ag coiriúint ar dhuine eicínt.
Ag coiriúint ar Mh. Mh. a chaith sí an oíche.
Má fhaigheann sí sin duine eicínt le dhul ag cáineadh agus ag coiriúint air, tá sí sásta.
Nach mór an t-ionadh nach n-éireofá as an gcoiriúint uair eicínt, agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí ag sciolladh agus ag béadán ar an gcomharsa.
'Sí atá in ann an choiriúint a dhéanamh san am a mbaineann sí amach.
Nach beag an lua aige a dhul ag coiriúint ar a mhuintir fhéin?
Níor tháinig iamh ar a bhéal, ach ag coiriúint agus ag tromachan i gcaitheamh na hoíche. Dheamhan duine a d'fhága sé sa tír nár tharraing sé thrína fhiacla.
Nach gránna an faisean a thug sé faoi deara dhó fhéin a bheith ag coiriúint i gcónaí ar chuile dhuine mar sin.
Bheadh sí sin thart mura bhféadadh sí a bheith ag coiriúint ar dhuine eicínt. Sin é a bia is a beatha.
'Sé an duine is luar liom sa tír a fheiceáil ar mo theallach é. Bíonn sé ina chlaibín muilinn i gcónaí ag coiriúint ar dhuine eicínt. Níl mórán duine ar bith nach ndéanfaidh scaitheamh béadáin uair eicínt, ach is gránna an rud é a choinneáil seadaithe i gcónaí.
Is beag an ollóid an créatúr sin. Níor chuala aon duine ariamh é ag coiriúint ná ag cúlchaint ar aon duine.
An bhfuil faitíos ar bith roimh Dhia agat a bheith ag coiriúint mar sin ar do chomharsa go hacht is go háirid?
Tá an ghráin shíoraí saolta aici ar C. Mhór. Dheamhan lá ar bith nach gcaitheann sí scaitheamh ag coiriúint uirthi.
Tá an brachán dóirtithe aríst. 'Sé an chaoi a bhfuil a fhios agamsa é, arae bhí M. ar cuairt againn aréir agus chaith sé scaitheamh maith ag coiriúint ar Sh. N. agus ag rá gur scrataí gan mhaith a bhí ann. Sin é d'inseodh dhuit nach bhfuil siad mór le chéile.
Má tá i ndán is go dtosóidh sé ag coiriúint orthub, coinnigh thusa do bhéal ar a chéile, arae má abraíonn tú tada, is gearr air sin an scéal a thabhairt ar ais chucub.
coirigh in iontrálacha eile (3)
→
breá
Choireodh sé fhéin go maith ar mhuintir na mná agus nach breá nach dtaitníonn leis aon duine eile a fheiceáil ag coiriúint orthub théise sin (ainneoin sin)
→
de
Dheamhan maith dhuit a bheith ag coiriú air anois. Níl d'olc ann ach oiread (mura bhfuil sé go lách féin)
→
Dónall
Deartháir do Thadhg Dónall. Dheamhan tada dhá thais ag fear an bhaile s'againne. Chaithfeadh sé Lá Fhéile San Seáin ó réalt go réalt, agus ní iarrfadh sé ar an bhfad sin ach ag coiriú ar a chomharsa