Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Coirpéis
ainm-fhocal; baininscneach
uimhir iolraidh: cuirpéiseachaí.
colainn tighe; ceithre roithleánaigh an tighe; cheithre bhalla an tighe a's na beanna, ach gan a' ceann a bheith air.
+
Níl déanta ach coirpéis a' tighe fós.
Tá moill air, shul (dh)á mbeidh ceann air. Níl a' coirpéis fhéin réidh fós, ní áirmhighim a' ceann.
TUILLEADH (14) ▼
Is gearr a bheidheas a' saor sin le coirpéis a' tighe, má fhaghann sé freastal.
Bheadh congnamh maith ar choirpéis a' tighe, in imtheacht sé seachtmhainí, ach an gaineamh a's na clocha a bheith ar bhall na h-áite.
Chaith siad saol a's aimsir le coirpéis a' tighe, ach ní raibh siad achar a' bith leis a' gceann.
Saor an-roighin é. Chaith sé ionann's ráithe a' déanamh coirpéise tighe Mh. Ph. ach b'fhearr liom sin fhéin ná cuid de na gobáin eile a rithfeadh air.
Coirpéis chló (cloiche) atá sa teach sin.
An clocha nó 'simint' a chuirfeas tú sa gcoirpéis. Tá éascaidheacht a's saorgáil (saordháil?) 'san 'simint', ach ní bheidh an teach baoghal air, chomh teoluidhe le teach cló.
Coirpéis 'simint' a cuirtear 'sna tighthe ar fad ionann's anois.
A' bhfuil aon-bhaoghal ar a' gcoirpéis agaibh fós? = 'bhfuil sí ionann's déanta?
Dhá mbeadh cupla cúrsa eile air, bheadh an choirpéis réidh, ach beidh moill ar a' gceann.
Rinne sé fhéin an choirpéis, ach b'éigean dó a dhul i gcostas leis a' gceann. Siúinéara aniar as G. a bhí aige le na chur suas.
Dheamhan mórán dola a bhí air chor a' bith leis a' teach nuadh. Rinne sé fhéin an choirpéis, a's chuir a' mac is sine suas cuid mhaith de'n cheann.
Níl mórán coirpéis' a' bith ag a' teach sin. Tá mé 'ceapadh gurb shin é an fáth a mbreathnuigheann a' ceann chomh sínte air.
Dhá bhfaghainn seachtmhain eile, as éadan air, bheadh iarracht mhaith agam ar a' gcoirpéis, ach ní mór alúntas a dhéanamh do'n aimsir bhriste.
Níor thug sé a dhóthain coirpéise chor a' bith de'n teach sin. Sáthach cumhang a bheidheas a' chisteanach, feicfidh tú féin, nuair a bheidheas seomra bainte as 'chaon cheann dhe.