Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
coirpéis
ainmfhocal, baininscneach
uimhir iolra: coirpéiseachaí
colainn tí; ceithre roithleánaigh an tí; cheithre bhalla an tí agus na beanna, ach gan an ceann a bheith air.
+
Níl déanta ach coirpéis an tí fós.
Tá moill air shula mbeidh ceann air. Níl an coirpéis fhéin réidh fós, ní áirím an ceann.
TUILLEADH (14) ▼
Is gearr a bheas an saor sin le coirpéis an tí, má fhaigheann sé freastal.
Bheadh cúnamh maith ar choirpéis an tí in imeacht sé seachtainí, ach an gaineamh agus na clocha a bheith ar bhall na háite.
Chaith siad saol is aimsir le coirpéis an tí, ach ní raibh siad achar ar bith leis an gceann.
Saor an-righin é. Chaith sé ionann is ráithe ag déanamh coirpéise tí Mh. Ph. ach b'fhearr liom sin fhéin ná cuid de na gobáin eile a rithfeadh air.
Coirpéis chló (cloiche) atá sa teach sin.
An clocha nó suimint a chuirfeas tú sa gcoirpéis. Tá éascaíocht agus saorgáil (saoráil) sa suimint, ach ní bheidh an teach baol air chomh teolaí le teach cló.
Coirpéis suimint a cuirtear sna tithe ar fad ionann is anois.
An bhfuil aon bhaol ar an gcoirpéis agaibh fós? — an bhfuil sí ionann is déanta?
Dhá mbeadh cupla cúrsa eile air, bheadh an choirpéis réidh, ach beidh moill ar an gceann.
Rinne sé fhéin an choirpéis, ach b'éigean dó a dhul i gcostas leis an gceann. Siúinéara aniar as G. a bhí aige lena chur suas.
Dheamhan mórán dola a bhí air chor ar bith leis an teach nua. Rinne sé fhéin an choirpéis, agus chuir an mac is sine suas cuid mhaith den cheann.
Níl mórán coirpéise ar bith ag an teach sin. Tá mé ag ceapadh gurb in é an fáth a mbreathnaíonn an ceann chomh sínte air.
Dhá bhfaighinn seachtain eile as éadan air, bheadh iarracht mhaith agam ar an gcoirpéis, ach ní mór alúntas a dhéanamh don aimsir bhriste.
Níor thug sé a dhóthain coirpéise chor ar bith don teach sin. Sách cúng a bheas an chisteanach, feicfidh tú féin, nuair a bheas seomra bainte as chaon cheann dhe.