Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cóirséad
ainm-fhocal; firinscneach
iolraidh: cóirséid
foghar cúr-séad
cochall timcheall an mhuiníl, a's leis an ucht a chlúdú (ní tugtar ar thada eile é).
+
Cuir ort an cóirséad sin. Is mór a' teas do do mhuineál é.
Chonnaic mé a' teacht aniar indiu é, a's striochlán (streachlán) mór de chóirséad thimcheall a mhuiníl. Chaithfeadh sé go bhfuil sé ag éagcaoineadh slaghdáin aríst, a's é siúd a bheith air.
TUILLEADH (3) ▼
Bain díot an cóirséad sin chomh uain's 'bheidheas tú istigh, nó ní aireocha tú ort fhéin chor a' bith é, ar a dhul amach faoi'n bhfuacht duit aríst.
Cáid'eo 'thosuigh sé ag imtheacht in a cheannuidhe leis an gcóirséad dearg siúd? (Is minic le ceannuidhe mála a leithide de bhall a bheith air).
Tá sé chomh triollata air fhéin, a's nach dtiocfad sé amach an lá is breaghtha sa mbliadhain d'uireasbha cóirséid = tá sé chomh h-aireach air fhéin, a's go mbíonn cóirséad air igcomhnuidhe.