Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cóirséad
ainmfhocal, firinscneach
iolra: cóirséid
foghar: cúr-séad
cochall timpeall an mhuiníl, agus leis an ucht a chlúdú (ní tugtar ar thada eile é).
+
Cuir ort an cóirséad sin. Is mór an teas do do mhuineál é.
Chonaic mé ag teacht aniar inniu é agus streachlán mór de chóirséad thimpeall a mhuiníl. Chaithfeadh sé go bhfuil sé ag éagaoineadh slaghdáin aríst, agus é siúd a bheith air.
TUILLEADH (3) ▼
Bain díot an cóirséad sin chomhuain is a bheas tú istigh nó ní aireoidh tú ort fhéin chor ar bith é ar a dhul amach faoin bhfuacht duit aríst.
Cáid ó thosaigh sé ag imeacht ina cheannaí leis an gcóirséad dearg siúd? (Is minic le ceannaí mála a leithide de bhall a bheith air)
Tá sé chomh triollata air fhéin agus nach dtiocfadh sé amach an lá is breátha sa mbliain d'uireasa cóirséid — tá sé chomh haireach air fhéin, agus go mbíonn cóirséad air i gcónaí.