Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Coit(ch)iannta
aidiacht
Foghar cuitiannta
1.
minic; acht a's áithrid; i gcomhnuidhe; iondamhail.
+
Bhíodh sé sáthach coitchiannta a' tarraingt sa teach seo roimhe seo, ach ní thaobhuigheann sé beag ná mór anois muid = minic; iondamhail.
Tá an ceann céadna sáthach coitchiannta ar bhóithrí, i leaba dhá athair a's dhá mháthair smacht a chur air, a's é 'choinneál istigh = sáthach minic.
TUILLEADH (9) ▼
Ní thagann sé chomh coitchiannta, tigh Mh. Bh. a's a thagadh, ó cailleadh an mháthair.
Ní beag dhó chomh coitchiannta a's bhíos sé ag ól. Dheamhan fhios agham beirthe ná beo, cé'n chaoi a seasann a' t-airgead dhó, chor a' bith.
Tá sé an-choitchiannta leis a' bpoitín anois = déanann sé iarranntaí an-mhinic.
Dhá choitchiannta dhá mbíonn sé idteach an ósta muis, tá'n saoghal a' féithiú leis. Daighean mise go bhfuil an oiread bruighshléacht ar a theach a's bhí ariamh.
Dhá choitchiannta, dá mbíonn siad in árachaí 'chéile, is maith a sheasfas siad le chéile in a dhiaidh sin, má thagann a' puínnte.
Bíonn sé coitchiannta go maith anois i S. Th. th'éis gur uair 'sna naoi n-áird, a thagadh sé ann roimhe seo.
Ní fheicim fear a' bith a bhío(nn)s chomh coitchiannta sa mbaile mór leat, nach mbeadh scéal eicínt aige de bharr 'aistir ach thú. Maran dhá gcoinneál duit fhéin atá tú!
Bhí sé coitchiannta go leor leis a' gceird sin. = bhí sé minic go leor leis an obair sin.
Dhá mbeadh éadáil 'sna cártaí, tá sé coitchiannta go leor leo(b).
2.
iomadamhail.
·
Bhíodh na cléitheogaí coitchiannta go leor roimhe seo, ach dheamhan ceann a' bith aca(b) a d'fheicfeá anois = iomadamhail.
3.
Bean choitchiannta: bean a bhío(nn)s d'aon-cheird le stríopachas.
+
D'imthigh sé ar na mná coit(ch)iannta = chuaidh sé le dreabhlás a's drúis.
Tá sé imthighthe ar na M. C.
TUILLEADH (1) ▼
Teach mná coitchiannta = drúlainn, nó áruis dhrúise.