Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
coitianta
aidiacht
foghar: cuitianta
1.
minic; acht is áirid; i gcónaí; iondúil.
+
Bhíodh sé sách coitianta ag tarraingt sa teach seo roimhe seo, ach ní thaobhaíonn sé beag ná mór anois muid — minic; iondúil
Tá an ceann céanna sách coitianta ar bhóithrí, i leaba dhá athair agus dhá mháthair smacht a chur air agus é a choinneáil istigh — sách minic
TUILLEADH (9) ▼
Ní thagann sé chomh coitianta tigh Mh. Bh. agus a thagadh ó cailleadh an mháthair.
Ní beag dhó chomh coitianta agus a bhíos sé ag ól. Dheamhan a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a seasann an t-airgead dhó chor ar bith.
Tá sé an-choitianta leis an bpoitín anois — déanann sé iarrantaí an-mhinic.
Dhá choitianta dhá mbíonn sé i dteach an ósta muis, tá an saol ag féithiú leis. Daighean mise go bhfuil an oiread bruithshléacht ar a theach agus a bhí ariamh.
Dhá choitianta dá mbíonn siad in árachaigh a chéile, is maith a sheasfas siad le chéile ina dhiaidh sin má thagann an pointe.
Bíonn sé coitianta go maith anois i S. Th. théis gur uair sna naoi n-aird a thagadh sé ann roimhe seo.
Ní fheicim fear ar bith a bhíonns chomh coitianta sa mbaile mór leat nach mbeadh scéal eicínt aige de bharr a aistir ach thú. Muran dhá gcoinneáil duit fhéin atá tú!
Bhí sé coitianta go leor leis an gceird sin. — bhí sé minic go leor leis an obair sin.
Dhá mbeadh éadáil sna cártaí, tá sé coitianta go leor leob.
2.
iomadúil.
·
Bhíodh na cleitheogaí coitianta go leor roimhe seo, ach dheamhan ceann ar bith acub a d'fheicfeá anois — iomadúil
3.
Bean choitianta: bean a bhíonns d'aon cheird le striapachas.
+
D'imigh sé ar na mná coitianta — chuaigh sé le drabhlás agus drúis.
Tá sé imithe ar na mná coitianta.
TUILLEADH (1) ▼
Teach mná coitianta — drúthlainn, nó árais dhrúise

coitianta in iontrálacha eile (2)

 
Ní bhíonn freigisí ar stocaí anois chomh coitianta agus a bhíodh fadó. An déanamh sleamhain a thugtar orthu ar fad ar an saol seo. Dheamhan a bhfuil sé de stuaim sna mná atá ann anois freigisí a chur iontu
 
Dar leat fhéin, nach mbíonn dhá rud ar bith a bhíonns chomh coitianta in éindí i dteach le cat agus madadh, agus ní bhíonn dhá rud ar bith ina dhiaidh sin, is coilgní a bhíonns le chéile ná iad.