Colgach
—aidiacht as colg.
—Baineann "colgach" go h-áithrid le (v) agus (vi) réamhráidhte.
—colgánta — annamh
—
gairbhe nó olc intinne. olc, madramhail, franncuighthe, meirgeach, oilbhéasach, goinighthe 'un achrainn; coipthe; ollmhuighthe; oibrighthe; corruighthe; colg a bheith ar rud.
+–
M'anam gur tú tá colgach ar bheagán adhbhair.
Duine colgach go leor é.
TUILLEADH (12) ▼
Tháinic sé isteach chomh colgach le na bhfaca tú go h-iomdha, a's thosuigh sé ag ullmhuchan achrainn ar a' toirt.
Níl maith 'bith dhuit eirighe colgach anois. Má tá sásamh bith le faghail aghad, is ar réidhteach é.
Tá sé colgach go leor, má baintear as é.
Mara raibh d'ughdar aige a bheith colgach, ach a' méid sin, inDomhnach 's furasta colg a chuir air. Dheamhan a bhfuil sé muise, ach in a thús. Sin é an méid.
Madadh sáthach colgach é, má airigheann sé duine coideáin, ach a' té 'mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi a's thairis go bráth, mar nach gcuirfeadh sé aon-araoid air.
M'anam muise gur h-olc an áit ar eirigh sé colgánta istigh i lár na n-amhus sin. Sin iad a' dream céadna nach n-éistfeadh i bhfad leis, go ndathuighidís an smot aige.
Dheamhan fear is colgaighe ná é sin ar a' mheisce, má cuirtear múisiam a' bith air!
Dhá cholgaighe dhá bhfuil sé, muis, casfaidhear a leithide eile fhéin annsiúd air.
Is colgach an éadáil í siúd muis, le tarraingt in a goire beag ná mór.
B'ait liom a bheith ag éisteacht leat ag iarraidh an tighe air, l'aghaidh damhsa! Badh colgach a' stiúir a chuirfeadh sé air fhéin miosaim (measaim).
Má's colgach, ní contabhairteach. Dheamhan ann, ach a' spadhar beag sin, a's ó thláth(óch)as sé aríst, ní fhanann aon-chuimne aige air; ní fearacht a's cuid mhaith eile é.
Má tá sé colgach fhéin anois, cuirfe sé an daol sin fhairis, a's beidh sé aghad aríst ar sheol na braiche, mar bhí sé cheana.
Colgach in iontrálacha eile (2)
→
dreach
Tá dreach uirre (ar an bhfairrge) ceart go leor indiu, ach is dreach sáthach colgach é. Dá mbeinnse amuigh anois ins [an] áit a bhfuil na P., i leabaidh a dhul ar an meath mhóir, 'séard a dhéanfainn rith cladaigh a thabhairt di (currach) cho beo in Éirinn agus a d'fhéadfainn. Tá droch-ghothadh ar an lá agus an fhairrge ro-ghúgach (guagach) ag currachaí. Is mór an mearbhall atá ormsa nó séidfidh deire an lae in a ghairbhshion, agus ní éadáil mhór do churrach gairbhshion a theacht uirre leath-cuain. Fuair mise mo dhóthain de'n cheird sin cheana an lá ar shéid sé in a ghaoith adtuaidh orm féin agus ar J. Ó. C. Shíl muid dheamhan fata a changlóchadh muid len u (ar) marthainn. Thug muid an eang linn míle buidheachas le Dia, ach gheall mé an lá sin dá dteagainn slán nach gcuirfinn mo láimh i mbéal an mhadaidh an dá lá agus a bheinn beo aríst. Agus níor chuir
Bhíodh sé sin an-cholgach ag eirghe suas dó, ach tá sé ag dul 'un míne (míneadais, 'un míneacht) go mór le goirid