1.
an crotal agus an cineál lócháin a bhíos fágtha théis eorna, cruithneacht nó seagal a bhualadh. Lóchán a tugtar ar fhuíoll an choirce amháin, ní thugtar é ar fhuíoll eornan, cruithneachta, ná seagail, ainneoin an amhráin: "D'imeodh an ceo agus an brón de mo chroí, mar imíos an lóchán den eorna le gaoith".
+–
Chaith sé an lá dhá únfairt fhéin sa gcolg.
Má ghníonn sé báisteach, beidh an tsráid ina ciseach ag an gcolg sin. Breá nár chart sibh suas san iothlainn é as an mbealach.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith an leaba muc é an colg sin.
Ná bí do do rómhar fhéin sa gcolg sin, agus dhá tharlú leat ar fud na háite.
2.
barrach garbh an lín.
+–
Colg lín a bhí ann.
"Tharraingeoidís thríd an tlú gairmid é (an líon) lena ghairmid nó a scoitheadh, nó leis an mbarrach agus an colg a bhaint dhe. 'Sé a mbeadh fágtha ansin, an chois, gan colg ná barrach, agus í an-mhín. Deiridís go mbíodh leigheas pian bhoilg sa mbarrach. Ní bhaistfeadh an sagart fadó gan an bharrach, mar sa gcolg a rugadh Mac Dé" (Sliocht ó Sh. Ó Ch. ag cur síos ar an líon)
TUILLEADH (2) ▼
"Fear mín agus bean bhorb, agus Mac Dé ina luí sa gcolg." (Rugadh Mac Dé, adeirtear, sa gcolg. Bhí lánúin ann, agus bhí an fear sásta Muire Mháthair a ligean isteach, ach ní raibh a bhean. Is amhlaidh a thúsaigh an leathrann réamhráite)
Mheil sé idir chrotal agus cholg agus a raibh ann í.
3.
eite ar dhéis eornan.
+–
Tháinig eorna amach anseo an bhliain cheana, agus is beag an cholg a bhí chor ar bith uirthi.
'Sé a bhfuil le déanamh agat, breathnú ar cholg na déise agus beidh a fhios agat ar an bpointe é.
TUILLEADH (1) ▼
Is géar na rudaí iad na déasachaí (diasachaí) eorna sin, arae bíonn coilgní ar an eorna, rud nach mbíonn ar an gcoirce.
4.
eitiúchaí géara ar bhric áiride.
+–
Tá coilgní ar an mbreac sin.
Seachain na coilgní sin ort fhéin, Dia aithnítear!
TUILLEADH (5) ▼
Éirigh as! Is fánach an chaoi a bhfuileodh na coilgní sin ort.
Níl aon bhreac i bhfarraige is mó coilgní ná an cluan mara. Coilgní é as éadan.
Is beag a (de) choilgní chor ar bith é an ballach. Tá sé mín le cuimilt.
Mura dtuga tú rí-aire dhuit fhéin ar an mbreac sin, gearrfaidh na coilgní thú.
Ní féidir breith ar bhod gorm lena bhfuil de choilgní air, agus tá sé amhlaidh le n-ithe. Is deacair solamar ar bith a fháil air lena bhfuil de chnámha ann.
+–
Tá go leor coilgne ar an ngrainneoig.
Tá an oiread coilgní ar an draighean bradach sin agus nach bhfágfadh siad liobar éadaigh ort — deilgní.
TUILLEADH (1) ▼
Chonaic mé gráinneog marbh ansin thíos ar an mbóthar agus na coilgní a bhí uirthi briste ar fad.
5.
a.
fíonnach muiníl madaidh ina shlatachaí, agus é francaithe, nó "madrúil", nó fíonnach ar bith, ar an gcaoi chéanna.
+–
Chuir an madadh colg air fhéin liom — d'éirigh fíonnach a mhuiníl suas ina shlatachaí.
D'airigh an madadh easóg nó luch ann, arae chuir sé colg ar fhéin, agus d'ionsaigh air ag smúracht agus ag sméarthacht faoi bhun an chlaí.
TUILLEADH (7) ▼
Chonaic mé an sceanadóir de mhadadh sin aige ag teacht amach agus ag cur choilg air fhéin liom, agus dheamhan a raibh a fhios agam an dtiocfainn ar m'aghaidh nó ar mo chúl.
Ní mé céard atá aige ann. Tá colg air.
Gadhair an-fhrancaithe an cineál sin. Is furasta leob colg a chur orthub fhéin agus spréachadh.
An bhfeiceann tú an colg atá ar an mbithiúnach? Is beag an tsiocair a gheobhadh sé sin anois go n-ionsaíodh sé thú.
Bhí sé istigh ansiúd i súil na háfaí agus colg air; féint a dtiocfadh aon ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataigh a chur faoin tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh ansin.
Ar an dá luath is a chonaic an madadh é, chuir sé colg air fhéin agus thug sé abhóg lena fhostú. Ach níor leisean (cat) ab fhaillí é, chuaigh sé de léim ghlanoscartha sa gcrann, agus anuas as sin ní thiocfadh sé dhá gcaiteá leis go maidin.
Ná bac le madadhar bith a chuirfeas colg air fhéin le duine mar sin ar an bpointe. Dheamhan mórán áirge é le bheith ina ghaire.
b.
olc, buile, buile chatha, buile is báiní, cuthach, francúlacht, madrúlacht, i ngeallta, coipthe, ullmhaithe chun achrainn; oibrithe.
+–
Tá colg ar mo dhuine — tá sé oibrithe; tá buile chatha air.
Ba bheag eile adéarfá go dtagadh colg air.
TUILLEADH (12) ▼
Má chuireann tú colg air sin, dheamhan an baile a chuirfeas aon fhoighid ann. Mar sin, is fhearr duit ligean den nathaíocht in am. Nuair is fhearr an súgradh, sea is fhearr ligean dó, adeir siad.
Tháinig colg air leis an sagart, ní nach ionadh, arae bhí sé dhá chur i dteannta críochnaithe gan ala gan ábhar.
Bhuail cuthach agus colg é d'aon iarraidh, agus gan aon duine ag cur chuige ná uaidh.
Deirimse leatsa, má thagann colg ar an mbruiteachán sin leat, gur deacair é a mhíniú síos aríst. Dheamhan fear is measa ná é sin a casfaí leat in do shiúl ionsaí.
Ar an toirt is ar samhlaíodh íocaíocht leis, tháinig colg air agus chuaigh sé i ngealta.
Má tá colg air, dheamhan neart againne air. An craiceann céanna ar théigh sé, fuaraíodh sé aríst ann más breá leis é.
Má chuireann tú colg air, dheamhan a bhfuil ar an mbaile a cheansós é. An bhfeiceann tú an chrobh láimhe agus an clár droma atá aige, bail ó Dhia agus ó Mhuire ar an bhfear!
Dar a shon go ngéillfinnse dhá chuid coilg. Dheamhan scóchas a chuirfeadh sé ormsa, dá mbeadh sé ag gabháil le cuthach ar feadh na hoíche.
Shaighdfeadh cuid is lú ná sin é, agus ní hé an ribín réidh é, deirimse leat, agus colg air.
D'éirigh sé suas chomh stoithneach i lár an tí agus colg air, agus mhaithfeá do Dhia gan a bheith ina ghaire agus an teanga a bhí aige. Mhaslaigh sé faoi is thairis a raibh ann.
Níor mhaith dhuit aon araoid a chur air an uair sin, má tá i ndán is go raibh colg air, agus b'annamh leis nach mbeadh.
Tá colg nimhe air — an-cholg
colg in iontrálacha eile (9)
→
colgach
Mura raibh d'údar aige a bheith colgach ach an méid sin, i nDomhnach is furasta colg a chur air. Dheamhan a bhfuil sé muise, ach ina thús. Sin é an méid.
+
'Sé an colg céatach a thagadh ar Chú Chulainn. Níor mhaith do dhuine a bheith ag míoladóireacht ina thimpeall, cheapfainn, nuair a bhuaileadh an reacht sin é (de réir na seanscéal, thagadh riastradh ar Chú Chulainn; colg céatach a thugas na seanfhondúirí air)
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr duit gan mé a spreagadh anois, a mhic ó. Tagann an colg céatach orm.
+
→
drann
Níl aon oilbhéas ann le aon duine eile, ach tá an t-oilbhéas ann leo sin suas, mar bhí siad ina ndroch-cheann dó ag caitheamh cloch leis agus ag saighdeadh madraí eile ann. Nach maith a choinnigh sé an faltanas istigh ariamh dóibh ina dhiaidh sin. Dheamhan uair dhá bhfeicfidh sé duine acu nach dtosóidh sé ag drannadh, agus cuirfidh sé colg air féin
TUILLEADH (1) ▼
Tosaíonn an bithiúnach ag drannadh mar a bheadh madadh ann le teann coilg agus drochmhúineadh. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
→
dual 2
An bhfaca tú ariamh dual lín dhá bhualadh. Chaití é a bhualadh ar nós coirce le na coilg a bhaint as
Shílfeá go raibh sé ag dul thríd an madadh gliobach sin ag "Pad" an madadh s'againne a ionsaí tráthnóna. Chuir sé colg air féin cupla uair agus thosaigh sé ag drannadh, ach ní dheachaigh sé thairis sin. Ní móide gurbh fhearr dhó fhéin a dhul!