Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Comaoin (cumaoin)
ainm-fhocal, baininscneach
geineamhnach — cumaoine
1.
deagh-cheann; gar; soighleas.
+
An té a dhéanfadh cumaoin de'n tsórt sin do dhuine, níor cheart duit do shúile a dhúnadh air. Ach cé'n neart a bhí agham air, a's an té a bhí in mo bhuil. Ní cheideonainn ar a dtug tonn ar tráigh é.
B'fhéidir go ndéanfainn an oiread de chumaoin duit uair eicínt. Ní hé deire an tsaoghail é a dhuine chóir.
TUILLEADH (3) ▼
Well ní ag amhdú an uilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo línn-sa aríst go bráth, diabhal mise ann go leagfa mé air. Ba bheag an náire a bhí air, a's a ndearna mé de chumaoin dó, narbh fhiú leis a thoidheacht chuig sochraide m'athar.
Sin é an chaoi 'mbíonn sé. Ní hé an té is mó a ndéanfa tú cumaoin dó, is mó a mbeidh fonn air cúitiú leat chor a' bith.
Má theighimse a' déanamh cumaoine, dar príosta is do mo chomhursa é. Is fada uaimse fear Mh. lá an anshógha.
2.
oineach; gnaoidheamhlacht; córtas.
+
Chaith sé cumaoin liom = rinne sé oineach orm; chaith sé córtas liom; thug sé biadh nó deoch nó a macsamhail dhom; rinne sé gar dom — gar eicínt a bhainfeadh le oineach go h-áithrid.
Dheamhan cumaoin a chaith sé liomsa ariamh.
TUILLEADH (9) ▼
M'anam muise, go gcaithfear cumaoin leat ann, má theigheann tú ann.
Is tú an chéad duine a chuala mé riamh a' rádh gur chaith an ceann céadna aon-chumaoin leis. Tá sé sin chomh gortach daoitheamhail le 'nímé cé hé'.
Má tá indán's gur caitheadh cumaoin le aon-duine sa teach sin, muis, tá athrú mór ar a' saoghal.
Dheamhan mórán cumaoine a caitheadh linne ann, le go mbeadh beann a' bith againn orra(b) = níor dearnadh an oiread oinigh orainne sa teach sin, a's go mbeadh call dúinn tada a thabhairt do mhuinntir a' tighe in a ómós.
'Sé'n chumaoin a chaithfidhear leat sa teach sin: goile géar a' dul ann: goile níos géire a' teacht as. = tá siad gortach faoi'n mbiadh.
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí cumaoin leat! Tá'n teach sin 'fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: 'mara dtuga tú leat arán an lá 'mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throsca'.
Diabhal aithne ort, nach cumaoin mhór a caitheadh leat ann, scáth cupán tae a thabhairt duit. Ní dhá bhuidheachtáil orrab é, is mór a' chumaoin a chuirfidís ar mhuinntir a' tighe seo, shul a mbeadh ar itheadar fhéin sa teach seo cúitighthe aca(b).
Marar caitheadh de chumaoin leat ach a' méid sin, is suarach le rádh é.
Caithfe siad sin cumaoin go maith le 'chuile dhuine, ach le na nduine fhéin.
+
Chuir sé cumaoin orm; chaith sé cumaoin liom = rinne sé oineach etc. orm; rinne sé gar dhom.
Dar príosta dá gcastaí thoir ar an aonach liom thú, chuirfinn cumaoin eicínt ort, chuirfinn sin = bhéarfainn ól, cion de bhéiréiste etc. dhuit.
TUILLEADH (6) ▼
Is maith mar a thárla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfa tú ball na h-áite go gcuire mé cumaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
'Bhfuil fhios aghad, cé 'bhí strócántacht liom a' cur chumaoine orm indiu inGaillimh — M. Sh. Dh. Dheamhan mo chos a leigfead sé uaidh, go n-ólainn pionta.
A Dhia dhá thárrtháil muis! Má bhí sé sin a' cur chumaoine ar aon-duine, is iongantas é. Dheamhan cneagaire gan crochadh, ach é sin.
Ní raibh aon-ghoir agam M. Ph. Ch. a leigean uaim gan cumaoin fhairis sin a chur air. Ba mhaith é fhéin faoi'n gcórtas.
B'fhurasta dó cumaoin a chur ar dhaoine. Dhá mbadh é a chuid fhéin a bheadh sé a chaitheamh, ba bheag a' lúth aige mórán failic a dhéanamh leis. = b'fhurasta dhó cumaoin a chur ar dhaoine, nuair nach raibh tada dhá chaillteamas féin leis.
Chuir sé cumaoin mhór charthannais orm
·
Chuaidh cumaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áidhbhéil a bhío(nn)s aige leath na gcuarta.
·
'Bhfuil fhios aghad céard í a chumaoin sin? 'Cuireadh 'chuile dhuine blas a phighne fhéin ar a bhéal'. = ní thiubhradh sé dubh na frighde in aisce uaidh.
Sin í cumaoin Ghiolla, fadó: 'an té nach bhfuil tobac aige, cuireadh sé giolcach in a phíopa' = duine dar b'ainm Giolla adeireadh seo.
+
Sin í an chumaoin gan chaillteamas — an chumaoin a chuirfeas sé sin ar aon-duine = ní chaithfe sé mórán a' cur cumaoine ar aonduine, ach b'fhéidir dhó a bheith a' leigean amach leat go mbeadh sé a' cur chumaoine ort, nó a' déanamh gar dhuit.
Sin í fhéin an chumaoin gan chaillteamas — cumaoin Ph. N.; sin í fhéin an chumaoin mar siúd.
TUILLEADH (1) ▼
Sin í fhéin an chumaoin mar siúd, an chumaoin a chuirfeas an péisteánach sin ar aonduine.
+
Cúiteocha mé an chumaoin sin leat, le congnamh Dé 's Mhuire uair eicínt eile.
Níor chuir sé aon-chumaoin ormsa nach cumaoin í a cúitigheadh leis, a's dúinead sé a bhéal.
TUILLEADH (6) ▼
Ní cheideonainn ar a bhfaca mé ariamh, nach bhféadaim an méid sin fhéin cumaoine a chúitiughadh leis faoi láthair. B'fhearr liom rud a' bith ná bheith in a chlé beag ná mór.
Thug sé cupla gailleog dhom, a's leis a' gcumaoin a chúitiú, d'iarr mé isteach é l'aghaidh leath-ghalún pórtair.
Níor mhaith liom an méid sin fhéin cumaoine a bheith orm gan chúitiú, uaidhsean go mór-mhór.
Dhá mhéad cumaoin dá gcuirfí ortsa sa teach seo, níor chumaoin chúitighthe í, a's a ndearna tú dhuinn.
Tháinic a' lá, ach níor cúitigheadh an chumaoin.
Th'éis gur thug sé na mionnaí a's na móidí go bhfeicfeadh sé inGaillimh aríst mé, d'fhan an chumaoin gan cúitiú!
3.
a.
cúitiúghadh; aisíoc; malrait a thabhairt in ómós deagh-cheann nó droch-cheann a caithfidhe le duine.
+
An chumaoin chéadna ort! = déarfaidhe le slainte, eascainidhe, buidheachas etc. é.
Seán: i gcíonn bhliadhna go ndéana tú é in do shaoghal a's in do shláinte!; Seumas: an chumaoin chéadna ort, a mhic ó! = an eascainidhe chéadna ort!; go mbadh hé dhuit!
TUILLEADH (2) ▼
Pádraig: goirim do shláinte anois, a's saoghal fada go bhfagha tú; Maitias: an chumaoin céadna ort! = aghaidh do shaoghail a's do shlainte leat!
Peige: go dtóige an diabhal leis thú!; Nóra: an chumaoin chéadna ort, gan díoghbhail gan dochar domsa, ná de mo chuid.
+
Ba deas an chumaoin orm, th'éis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, a's do mo mhartrughadh, mar rinne sé!
Is deas a' chumaoin ort é, inDomhnach, indiaidh teine a choinneál ar a theallach i gcaith(eamh) na bliadhna, gan oiread a's tú a iarraidh chuig an eirghe-amach.
TUILLEADH (1) ▼
Nach gceapfá-sa go mbadh olc an chumaoin orm, é 'tosuighe a' díbliú orm mar sin, a's ar chuir mé ann dó, ó thosuigh a chlann ag obair.
b.
Cumaoin do láimhe (cumaoin do láimhe fhéin) = an rud a thug tú (nó a thiubharfá) fhéin uait; malrait; cor in aghaidh an chuir, a's cam in aghaidh an chaim; buille ar a' mbuille; frith-bhuille; slat de do thomhas fhéin.
+
Tiubhra mise cumaoin a láimhe dhó feicfe tú fhéin air = bualadh. B'fhéidir dó mise a bhualadh cheana, nó thiocfadh dó gur faisean leis an bualadh. (Le bualadh nó a leithide, is minicighe a baintear leas as).
Is maith an scéal duine eicínt a bheith ann le cumaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Marach sin, dhéanfadh sé cis ar easair de na daoine.
TUILLEADH (7) ▼
Diabhal bréag muis, nar tugadh cumaoin a láimhe anocht dó fharras ariamh. Dar príosta ní hé an chéad duine é 'ionnsóchas muide aríst.
Níl aon-chomhairleachan in a chíonn sin, ach comhairleachan amháin — cumaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Maidir le dhul ar lághaigheacht leis, b'fhearr do dhuine in a chomhnuidhe.
Chreidim gur tugadh cumaoin a láimhe dhó aréir. Tuille ghéar de'n diabhal aige anois. Is fada sin a' teastáil uaidh, ach fuair sé an fear a thug dhó é, faoi dheire.
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach, nó gheobha tú an té a thiubhras cumaoin do láimhe dhuit as a dheire. Níl buille ar bith chomh maith leis a' mbuille réidh.
Níor cheil mise lúd mo láimhe air, ó fuair mé faoi mo neart é. Ach d'eile céard a dhéanfainn leis — cumaoin a láimhe fhéin a thabhairt.
'Cuirfe mise cumaoin do láimhe fhéin ort' adeir fear Dh. Fh. a' tarraingt scine amach, a's a' tabhairt farradh faoi.
Tuille ghéar chascartha de'n mhíádh ag Sasana anois. Pébrí céard a gheobhfadh sí, ní bheadh sí a fhaghail ach cumaoin a láimhe féin. Ba mhaith uaithe fhéin créatúlacht a dhéanamh.
·
Ó 'chas Dia agam é, tiubharfa mé cumaoin do láimhe dhuit = in imirt chártaí, imreoir a bhualadh, a bheadh buailteach leatsa, nó bhuail cárta leat, ar a' gcaoi chéadna roimhe sin.
Dheamhan blas de'n cheart nach raibh agad leis; cumaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Breagh ar chuir sé a sheadairín de chárta ann. Múinfe sin é fanacht sa mbaile aríst.
4.
a.
+
Níor chumaoin dó, mise a bhualadh, a's a liachtaighe soighleas a'sa rinne mé dhó = níor cheart dó; ní raibh bualadh dlighte agam uaidh.
Níor chumaoin dom an oiread sin fhéin a dhéanamh dhó, a's chomh dona a's bhí sé fhéin. Ach is maith an rud maith in aghaidh an uilc.
TUILLEADH (15) ▼
Gabhfa mo stór, an ród seo imbáireach; Beidh cnaipí airgid ar rustaí a lámha; Is measa leis mise ná 'dtiocfa a's ná 'dtáinic; Badh chumaoin dó, mar bheidhinn leis amhla. (As "Thug mé grádh dhuit a's mé beag bídeach")
'Séard dubhairt an bhean a bhí a' cainnt nar chumaoin dóib tada a rádh le na C. (sloinne), a's chomh minic a's líon siad a mbuilg. Ach ní bhíonn aon-chuímne ar an arán a ithtear
M'anam, muise nar chumaoin dóib a bheith doithcheallach le D., arae marach D. ní bheadh aon-teach as a gcionn, 'san am nach raibh aon-láthar i gceachtar aca(b), aon-phighinn a shaothrú.
Ní cumaoin duit a bheith mío-chontanásach ná dóroinneach (dóghrainneach?) le muinntir do mháthar. Sin iad an cleite is fhearr in do sciathán fhéin a mhic ó.
Chuaidh sé sáthach gar dhomsa a rádh leis, nar chumaoin dó, a dhul i gcleitheamhnas S. a chaitheamh amach. Ba mhaith leis aige é, nuair a bhí an chruadhóg air.
Leabharsa ní cumaoin dó an t-airgead sin a ól, a's ar fritheadh d'anró a's d'allus a's de sclábhuigheacht dhá shaothrú. Ach cé'r mhiste leis. Ní eisean a shaothruigh é.
Níor chumaoin a' bith dhi, mo mhac-sa a mhaslú, a's marach í bheith in a streachaille, ní dhéanfadh sí é. Is minic roimhe seo, a rinne sé sin foghaint di.
Dar mo choinsias ní cumaoin dó, a dhul a' cainnt ar an airgead atá ormsa, a's a liachtaighe uair roimhe seo, nach raibh luach cloch mhine aige, ach léar (de réir) mar bhínnse a' tabhairt dó. Ach is beag a' lúth atá aige, breathnú siar air sin, anois, ó thálta (thárla) rud a bheith aige fhéin.
Ní cumaoin duit gan a dhul chomh fada léithe, a's bás a fir a chású léithe. Ba mhaith í fhéin, lá an andógha.
Dhá mbeadh sé in a shagart faoi chéad, níor chumaoin dó gan beannú dhomsa. Ba mhinic a bheadh a mháthair ar deire marach mise, ach ní móide go bhfuil fhios aige-san sin.
Dheamhan ar chumaoin dó í sin a eiteachtáil faoi aon-cheo muis, a's a ghoirdeacht cheana ó bhí sí fhéin a' tabhairt rud dó-san, ná dhá athair. Ach sin é an chaoi 'mbíonn sé, a mhaisce.
Is cumaoin dó a bheith gnaoidheamhail len' athair. InDomhnach thóig sé go maith le scoil a's foghluim é.
Má tá sé moltanach fhéin ar a' gcliamhain leabharsa badh chumaoin dó. Dheamhan buille a bheadh déanta aige, marach a dtugann sé de laetheantaí isteach dó.
Is cumaoin di, aire mhaith a thabhairt do'n tsean-chailligh, a's a liachtaighe punt mór pinsean ar rug sí air dá barr.
Níor chumaoin dó, muinntear na h-áite seo a fhágáil 'na dhiaidh = gan cuireadh a thabhairt dóibh.
·
Má rinne féin, ba chumaoin dó, a mhanam. Is fada go mbí an oiread déanta aige, a's a rinne sé fhéin dó.
Má tá cion aige ar a' tsean-mháthair fhéin, is cumaoin dó. Marach an oileamhaint a thug sí sin dó, a's é 'na pháiste, dheamhan a' mbeadh beo indiu dhó. Chuaidh sé sáthach righte leis mar 'bhí sé fhéin.
b.
+
Marach go bhfuil mé faoi chumaoin aige fhéin cheana, ba bheag a' baol ormsa a dhul leis indiu (ag obair).
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chumaoin dó sin, ingeall ar é 'bheith 'na dhochtúr beithidheach.
TUILLEADH (3) ▼
Fear maith i bpobal é. Tá chuile dhuine faoi chumaoin dó.
Meastú marach é bheith faoi chumaoin dom ingeall ar an uair ar thug mé mo chapall dó, a' ndeanfadh sé an méid sin gar dom. Baoghal air go deimhin! Sin é an buachaill céadna gur deacair leis soighleas a dhéanamh d'aonduine.
Dheamhan goir a bhí agam é 'eiteachtáil, a's mé fhéin, faoi chumaoin aige-san cheana, a's níor chumaoin bheag í ach an oiread.

Féach freisin