1.
dea-cheann; gar; soilíos.
+–
An té a dhéanfadh comaoin den tsórt sin do dhuine, níor cheart duit do shúile a dhúnadh air. Ach cén neart a bhí agam air agus an té a bhí in mo bhail. Ní cheideonainn ar a dtug tonn ar trá é.
B'fhéidir go ndéanfainn an oiread de chomaoin duit uair eicínt. Ní hé deireadh an tsaoil é, a dhuine chóir.
TUILLEADH (3) ▼
Well ní ag amhdú an oilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo linnse aríst go brách, diabhal mise ann go leagfaidh mé air. Ba bheag an náire a bhí air agus a ndearna mé de chomaoin dó, nárbh fhiú leis a theacht chuig sochraide m'athar.
Sin é an chaoi a mbíonn sé. Ní hé an té is mó a ndéanfaidh tú comaoin dó is mó a mbeidh fonn air cúiteamh leat chor ar bith.
Má théimse ag déanamh comaoine, dar príosta, is do mo chomharsa é. Is fada uaimse fear Mh. lá an anó.
2.
oineach; gnaíúlacht; córtas.
+–
Chaith sé comaoin liom — rinne sé oineach orm; chaith sé córtas liom; thug sé bia nó deoch nó a macasamhail dhom; rinne sé gar dom — gar eicínt a bhainfeadh le oineach go háirid.
Dheamhan comaoin a chaith sé liomsa ariamh.
TUILLEADH (9) ▼
M'anam muise go gcaithfear comaoin leat ann, má théann tú ann.
Is tú an chéad duine a chuala mé riamh ag rá gur chaith an ceann céanna aon chomaoin leis. Tá sé sin chomh gortach daoithiúil le ní mé cé hé.
Má tá i ndán is gur caitheadh comaoin le aon duine sa teach sin muis, tá athrú mór ar an saol.
Dheamhan mórán comaoine a caitheadh linne ann le go mbeadh beann ar bith againn orthub — níor dearnadh an oiread oinigh orainne sa teach sin agus go mbeadh call dúinn tada a thabhairt do mhuintir an tí ina ómós.
'Sé an chomaoin a chaithfear leat sa teach sin: goile géar ag dul ann; goile níos géire ag teacht as — tá siad gortach faoin mbia.
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí comaoin leat! Tá an teach sin a fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: mara dtuga tú leat arán an lá a mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throscadh.
Diabhal aithne ort nach comaoin mhór a caitheadh leat ann, scáth cupán tae a thabhairt duit. Ní dhá bhuíochtáil orthub é, is mór an chomaoin a chuirfidís ar mhuintir an tí seo shula mbeadh ar itheadar fhéin sa teach seo cúitithe acub.
Murar caitheadh de chomaoin leat ach an méid sin, is suarach le rá é.
Caithfidh siad sin comaoin go maith le chuile dhuine ach lena nduine fhéin.
+–
Chuir sé comaoin orm; chaith sé comaoin liom — rinne sé oineach srl. orm; rinne sé gar dhom.
Dar príosta, dá gcastaí thoir ar an aonach liom thú, chuirfinn comaoin eicínt ort, chuirfinn sin — bhéarfainn ól, cion de bhéiréiste srl. dhuit.
TUILLEADH (6) ▼
Is maith mar a tharla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfaidh tú ball na háite go gcuire mé comaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
An bhfuil a fhios agat cé a bhí strócántacht liom ag cur chomaoine orm inniu i nGaillimh — M. Sh. Dh. Dheamhan mo chos a ligfeadh sé uaidh go n-ólainn pionta.
A Dhia dhá tharrtháil muis! Má bhí sé sin ag cur chomaoine ar aon duine, is iontas é. Dheamhan creagaire gan crochadh ach é sin.
Ní raibh aon ghair agam M. Ph. Ch. a ligean uaim gan comaoin thairis sin a chur air. Ba mhaith é fhéin faoin gcórtas.
B'fhurasta dó comaoin a chur ar dhaoine. Dhá mba é a chuid fhéin a bheadh sé a chaitheamh, ba bheag an lua aige mórán failic a dhéanamh leis. — b'fhurasta dhó comaoin a chur ar dhaoine nuair nach raibh tada dhá chaillteamas féin leis.
Chuir sé comaoin mhór charthanais orm
·
Chuaigh comaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áibhéil a bhíonns aige leath na gcuarta.
·
An bhfuil a fhios agat céard í a chomaoin sin? Cuireadh chuile dhuine blas a phínne fhéin ar a bhéal — ní thabharfadh sé dubh na fríde in aisce uaidh.
Sin í comaoin Ghiolla fadó: an té nach bhfuil tobac aige, cuireadh sé giolcach ina phíopa — duine darb ainm Giolla adeireadh seo.
+–
Sin í an chomaoin gan chaillteamas — an chomaoin a chuirfeas sé sin ar aon duine — ní chaithfidh sé mórán ag cur comaoine ar aon duine, ach b'fhéidir dhó a bheith ag ligean amach leat go mbeadh sé ag cur chomaoine ort, nó ag déanamh gar dhuit.
Sin í fhéin an chomaoin gan chaillteamas — comaoin Ph. N.; sin í fhéin an chomaoin mar siúd.
TUILLEADH (1) ▼
Sin í fhéin an chomaoin mar siúd — an chomaoin a chuirfeas an péisteánach sin ar aon duine.
+–
Cúiteoidh mé an chomaoin sin leat, le cúnamh Dé is Mhuire, uair eicínt eile.
Níor chuir sé aon chomaoin ormsa nach comaoin í a cúitíodh leis, agus dúnadh sé a bhéal.
TUILLEADH (6) ▼
Ní cheideonainn ar a bhfaca mé ariamh nach bhféadaim an méid sin fhéin comaoine a chúiteamh leis faoi láthair. B'fhearr liom rud ar bith ná bheith ina chlé beag ná mór.
Thug sé cupla gáilleog dhom, agus leis an gcomaoin a chúiteamh, d'iarr mé isteach é le aghaidh leathghalún pórtair.
Níor mhaith liom an méid sin fhéin comaoine a bheith orm gan chúiteamh, uaidhsean go mórmhór.
Dhá mhéad comaoin dá gcuirfí ortsa sa teach seo, níor chomaoin chúitithe í agus a ndearna tú dhúinn.
Tháinig an lá ach níor cúitíodh an chomaoin.
Théis gur thug sé na mionnaí agus na móidí go bhfeicfeadh sé i nGaillimh aríst mé, d'fhan an chomaoin gan cúiteamh!
3.
a.
cúiteamh; aisíoc; malrait a thabhairt in ómós dea-cheann nó droch-cheann a caithfidhe le duine.
+–
An chomaoin chéanna ort! — déarfaí le sláinte, eascainí, buíochas srl. é.
Seán: i gcionn bhliana go ndéana tú é in do shaol agus in do shláinte!; Séamas: an chomaoin chéanna ort, a mhic ó! — an eascainí chéanna ort!; go mba é dhuit!
TUILLEADH (2) ▼
Pádraig: gairim do shláinte anois, agus saol fada go bhfaighe tú; Maitias: an chomaoin céanna ort! — aghaidh do shaoil agus do shláinte leat!
Peige: go dtóga an diabhal leis thú!; Nóra: an chomaoin chéanna ort, gan díobháil gan dochar domsa, ná de mo chuid.
+–
Ba deas an chomaoin orm, théis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, agus do mo mhartrú mar a rinne sé!
Is deas an chomaoin ort é, i nDomhnach, i ndiaidh tine a choinneáil ar a theallach i gcaitheamh na bliana gan oiread is tú a iarraidh chuig an éirí amach.
TUILLEADH (1) ▼
Nach gceapfása go mba olc an chomaoin orm é, tosaí ag díbliú orm mar sin, agus ar chuir mé ann dó ó thosaigh a chlann ag obair.
b.
comaoin do láimhe (comaoin do láimhe fhéin): an rud a thug tú (nó a thabharfá) fhéin uait; malrait; cor in aghaidh an chuir, agus cam in aghaidh an chaim; buille ar an mbuille; frithbhuille; slat de do thomhas fhéin
+–
Tabharfaidh mise comaoin a láimhe dhó feicfidh tú fhéin air — bualadh. B'fhéidir dó mise a bhualadh cheana, nó thiocfadh dó gur faisean leis an bualadh. Le bualadh nó a leithide, is minicí a baintear leas as.
Is maith an scéal duine eicínt a bheith ann le comaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Murach sin, dhéanfadh sé cis ar easair de na daoine.
TUILLEADH (7) ▼
Diabhal bréag muis, nár tugadh comaoin a láimhe anocht dó tharas ariamh. Dar príosta, ní hé an chéad duine é a ionsós muide aríst.
Níl aon chomhairleachan ina chionn sin ach comhairleachan amháin — comaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Maidir le dhul ar láíocht leis, b'fhearr do dhuine ina chónaí.
Chreidim gur tugadh comaoin a láimhe dhó aréir. Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois. Is fada sin ag teastáil uaidh, ach fuair sé an fear a thug dhó é faoi dheireadh.
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach nó gheobhaidh tú an té a thabharfas comaoin do láimhe dhuit as a dheireadh. Níl buille ar bith chomh maith leis an mbuille réidh.
Níor cheil mise lúd mo láimhe air ó fuair mé faoi mo neart é. Ach deile céard a dhéanfainn leis — comaoin a láimhe fhéin a thabhairt.
'Cuirfidh mise comaoin do láimhe fhéin ort,' adeir fear Dh. Fh. ag tarraingt scine amach agus ag tabhairt farra faoi.
Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh ag Sasana anois. Pé brí céard a gheobhadh sí, ní bheadh sí a fháil ach comaoin a láimhe féin. Ba mhaith uaithi fhéin créatúlacht a dhéanamh.
·
Ó chas Dia agam é, tabharfaidh mé comaoin do láimhe dhuit — in imirt chártaí, imreoir a bhualadh, a bheadh buailteach leatsa nó a bhuail cárta leat ar an gcaoi chéanna roimhe sin.
Dheamhan blas den cheart nach raibh agat leis; comaoin a láimhe fhéin a thabhairt dó. Breá ar chuir sé a sheadairín de chárta ann. Múinfidh sin é fanacht sa mbaile aríst.
4.
a.
+–
Níor chomaoin dó mise a bhualadh, agus a liachtaí soilíos is a rinne mé dhó — níor cheart dó; ní raibh bualadh dlite agam uaidh.
Níor chomaoin dom an oiread sin fhéin a dhéanamh dhó agus chomh dona is a bhí sé fhéin. Ach is maith an rud maith in aghaidh an oilc.
TUILLEADH (15) ▼
"Gabhfaidh mo stór an ród seo amárach; Beidh cnaipí airgid ar rostaí a lámha; Is measa leis mise ná a dtiocfaidh is ná dtáinig; Ba chomaoin dó, mar bheinn leis amhlaidh" (as Thug mé grá dhuit agus mé beag bídeach)
Séard dúirt an bhean a bhí ag caint nár chomaoin dóibh tada a rá le na C. (sloinne), agus chomh minic is a líon siad a mboilg. Ach ní bhíonn aon chuimhne ar an arán a itear
M'anam muise nár chomaoin dóibh a bheith doicheallach le D., arae murach D., ní bheadh aon teach os a gcionn san am nach raibh aon láthar i gceachtar acub aon phínn a shaothrú.
Ní comaoin duit a bheith míchuntanósach ná doghrainneach le muintir do mháthar. Sin iad an cleite is fhearr in do sciathán fhéin a mhic ó.
Chuaigh sé sách gar dhomsa a rá leis nár chomaoin dó a dhul i gcleithiúnas S. a chaitheamh amach. Ba mhaith leis aige é nuair a bhí an chruóg air.
Leabharsa, ní comaoin dó an t-airgead sin a ól, agus ar frítheadh d'anró agus d'allas agus de sclábhaíocht dhá shaothrú. Ach cér mhiste leis. Ní eisean a shaothraigh é.
Níor chomaoin ar bith dhi mo mhacsa a mhaslú, agus murach í bheith ina streachaille, ní dhéanfadh sí é. Is minic roimhe seo a rinne sé sin fóint di.
Dar mo choinsias, ní comaoin dó a dhul ag caint ar an airgead atá ormsa agus a liachtaí uair roimhe seo nach raibh luach cloch mhine aige ach léar (de réir) mar a bhínnse ag tabhairt dó. Ach is beag an lua atá aige breathnú siar air sin anois, ó thálta (tharla) rud a bheith aige fhéin.
Ní comaoin duit gan a dhul chomh fada léithe agus bás a fir a chásamh léithe. Ba mhaith í fhéin lá an anó.
Dhá mbeadh sé ina shagart faoi chéad, níor chomaoin dó gan beannú dhomsa. Ba mhinic a bheadh a mháthair ar deireadh murach mise, ach ní móide go bhfuil a fhios aigesean sin.
Dheamhan ar chomaoin dó í sin a eiteachtáil faoi aon cheo muis, agus a ghairdeacht cheana ó bhí sí fhéin ag tabhairt rud dósan ná dhá athair. Ach sin é an chaoi a mbíonn sé, a mhaisce.
Is comaoin dó a bheith gnaíúil lena athair. I nDomhnach thóg sé go maith le scoil is foghlaim é.
Má tá sé moltanach fhéin ar an gcliamhain, leabharsa, ba chomaoin dó. Dheamhan buille a bheadh déanta aige murach a dtugann sé de laethantaí isteach dó.
Is comaoin di aire mhaith a thabhairt don tseanchailligh agus a liachtaí punt mór pinsean ar rug sí air dá barr.
Níor chomaoin dó muintir na háite seo a fhágáil ina dhiaidh — gan cuireadh a thabhairt dóibh.
·
Má rinne féin, ba chomaoin dó, a mh'anam. Is fada go mbí an oiread déanta aige agus a rinne sé fhéin dó.
Má tá cion aige ar an tseanmháthair fhéin, is comaoin dó. Murach an oiliúint a thug sí sin dó, agus é ina pháiste, dheamhan an mbeadh beo inniu dhó. Chuaigh sé sách rite leis mar a bhí sé fhéin.
b.
+–
Murach go bhfuil mé faoi chomaoin aige fhéin cheana, ba bheag an baol ormsa a dhul leis inniu (ag obair)
Dheamhan firnéad an bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chomaoin dó sin, i ngeall ar é a bheith ina dhochtúr beithíoch.
TUILLEADH (3) ▼
Fear maith i bpobal é. Tá chuile dhuine faoi chomaoin dó.
Meas tú murach é bheith faoi chomaoin dom i ngeall ar an uair ar thug mé mo chapall dó, an ndéanfadh sé an méid sin gar dom. Baol air go deimhin! Sin é an buachaill céanna gur deacair leis soilíos a dhéanamh d'aon duine.
Dheamhan gair a bhí agam é a eiteachtáil, agus mé fhéin faoi chomaoin aigesean cheana, agus níor chomaoin bheag í ach an oiread.
Féach freisin
comaoin in iontrálacha eile (50+)
Agus le farasbarr a chur ar an gcomaoin chuir sé fios amach go dtí teach comharsan eicínt ar a inín nó go gcasfadh sí ceol dúinn — i dteannta bí agus deoch a thabhairt dúinn
→
fear
Fearfaidh mise do chomaoin ort fós. Ná bíodh faitíos ort. Ní hé deireadh an tsaoil é a dhuine chroí! — cúiteoidh mé do chomaoin leat; ní hé amháin go gcúiteoidh mé do chomaoin leat, ach cuirfidh mé ina cheann, agus is fhearrde thú é uaidh sin amach
→
fáinne
Tá sacghadhair fút ar chaoi ar bith. Níor chomaoin dóibh a dhul i mbarr do chúig ort — cúig do láimhe dhéanta srl. B'fhéidir go gcaithfeá rud eicínt astu (.i. go mbeadh mámh eicínt in do láimh chártaí) … Fáinne óir ort! Mo chuach ansin thú! Tá banríon Hairt ina leannán agat, ach dar príosta d'fhóin sí dhuit an babhta sin.
Is beag an soilíos an coinicéar bradach sin. Agus ní mór léithe fhéin duine ag cur chuile chomaoin uirthi.
I nDomhnach nuair a thairg sí dhom an cupáinín tae cosnochtaithe, shantaigh mé é a bhualadh faoin smut uirthi. Is minic nach a taobh leis an gcomaoin sin a ligeadh amach as seo í fhéin. Ach ní bhíonn cuimhne ar an arán a hitear, adeir siad.
→
bannaí 1
Níor chomaoin dhó a bheith coiriúint ar J. P. Nuair nach raibh líon léith le n-ithe aige, ná síol a chuirfeadh sé i dtalamh, chuaigh J. Ph. i mbannaí air thiar sa mbainc faoi chúig phunt fhichead, agus chuile dhuine eile théis cinniúint air.
+
→
bealach
Is teach é nár cuireadh aon chomaoin le lucht bóthair ná bealaigh ariamh ann. Bhí fear an tí daoithiúil doicheallach agus gar dhó fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Níor chomaoin dhom gan é a chúiteamh leat, dhá dteagadh sé in mo bhealach go brách é a dhéanamh.
Má thugann tú aon chniogaide dhomsa aríst, diabhal mise ann mura bhfaighe tú comaoin do láimhe. Mar sin, b'fhearr dhuit éirí as in am — má bhuaileann tú de chniogaide mise aríst, ní bheidh agat ach malrait. Buailfidh mé cniogaide ort ina ómós, cniogaide is mó b'fhéidir ná thug tú fhéin uait.
→
críoch
Tá comaoin in áirid duit sa teach sin muis, má théann tú ann. Ach d'éireodh dhóibh. Nach bhfuil dís ban óg, mar adeir an t-amhrán, le cur i gcrích ann fós, agus cá bhfaigheadh duine acub fear is feiliúnaí ná is pointeáilte ná thú fhéin bail ó Dhia ort!
+
→
bocht 1
Is bocht an chomaoin é sin le cur ar dhuine théis a theacht an fhad bealaigh.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan bréag nach bocht an chomaoin a caitheadh linn ann théis chomh moltanach agus chuala muid daoine air.
→
aer
Ní fhéadfadh sé a leathoiread comaoin a chur orm, dhá dtitinn anuas as mullach an aeir chuige.
→
buail ar
B'fhurasta do thiarnaí agus dhá gcoismhuintir cois a bhualadh ar na tionóntaí, agus ar na daoine bochta an tráth sin. Ach míle buíochas le Dia gur imigh an saol sin, agus nach bhfuil an duine bocht faoi chomaoin ag aon duine anois faoina chuid talúna.
+
→
ainm
Cuirfidh siad siúd (na póilíos) comaoin air ach an' dá luath is a bhfaighe siad amach gur thug sé an t-ainm contráilte dhóibh.
TUILLEADH (1) ▼
Más fear dhá ainm anois é, caithfidh sé comaoin linn — má tá sé chomh maith agus atá a ainm, cuirfidh sé comaoin orainn; tá cáil na gnaíúlachta agus an oinigh air agus cuireadh sé leis anois
+
→
aire
Thug sé aire mhaith don teach seo an fhad is a caitheadh aon chomaoin leis ann ach tá a fhios aige gur ag brú ar an doicheall dó a theacht anois.
TUILLEADH (2) ▼
Ba chomaoin di aire mhaith fhéin a thabhairt don tseanfhear agus a liachtaí punt mór pinsean a thug sé isteach aici.
Ba chomaoin di aire a thabhairt don tseanbhean agus gurb í a thóg a clann di.
→
anuas
Níor chomaoin dó a bheith anuas ormsa mar ní dhearna mise oirille ar bith air ach an oiread is a rinne mé ar aon duine eile
→
araoid
Níor chomaoin d'fhear na tíre seo araoid ar bith a chur ar fhear an tsléibhe mar is fada go gcuirfeadh seisean aon araoid air.
D'fhreastail siad don teach seo nuair a bhí an t-anó ann agus sé an rud is lú dúinne anois an chomaoin a chúiteamh leo.
→
fuil 1
Thabharfainn fuil mo chroí don fhear sin, dhá dteagadh sé in mo líon go brách. Chuir sé sin comaoin ormsa cheana …
+
→
damnaigh
Go ndamnaí an cat mara é mura beag an fiúntas é. Níor chomaoin dó muise thusa a ligean uaidh gan córtas eicínt a chaitheamh leat. Dar fia dhá gcastaí thusa air ag béal do dhorais féin, is beag an baol go ligfeá thart é gan fiafraí dhó (dhe) an raibh béal air.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadaim a dhul soir i mbéalbhachaí an bhaile seo thoir beag ná mór nach bhfuil mé damnaithe aige ag cur comaoine orm agus do mo tharraingt isteach i dtithe ósta as cosa i dtaca. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag goilliúint ar an mbuachaill sin
→
daor 1
Shíl mé, agus ar cuireadh de chomaoin anseo ariamh ar mo theallach air, nach leanfadh sé chomh daor sin mé ar scáth cupla céad slat. Ach is creagaire críochnaithe é. Ní tada eile é
→
deacrach
Mo léan deacrach muise, is fada a bheadh sé ann shula ghabhfainnse ag breathnú air. Níor chomaoin sin dom
→
dealg
Níl aon lá ó tháinig sí isteach ar an mbaile nach in é a ceird. Tá a dealg sáite aici ionamsa agus chuile shórt dhá bhféadfaidh sí a chur as dom déanta aici. Níor chomaoin di muis agus a liachtaí gar a rinne ar bhain liomsa di agus dá fear
+
Níor chomaoin dó dearmad a dhéanamh ar a dheartháir muis. Chaith sé go maith leis
TUILLEADH (1) ▼
Níor chomaoin dom dearmad a dhéanamh fút agus rud agam — ba cheart dom cuireadh a thabhairt duit chuig bainis srl.; níor chóir dom do dhearmad a dhéanamh
→
deis
Déarfaidh mé leis é ach a dteaga sé ar mo dheis. Ní bhfaighinn ionam féin a ionsaí faoi láthair. Tá mé faoi chomaoin aige. Ach a gcúití mé an chomaoin sin, beidh mé díreach leis, agus féadfaidh mé mo rogha rud a rá leis. Beidh a shliocht air: gheobhaidh sé an teanga uaimse, feicfidh tú fhéin air
→
deoladh
Is fadó an lá a bhí sí básaithe murach ar choinnigh J. de dheoladh as an siopa léithe. Agus bheadh sí ag caitheamh agus ag cáineadh air ina dhiaidh sin. Níor chomaoin di muis
Cuirfidh sé seo soir anois pórtar ar an smaois ag Jóín ó chuaigh sé ar chomaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfóire Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse comaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil acu go bhfeice tú an dtabharfaidh, agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siúlfaidh sé féin isteach i dteach an ósta agus go dtabharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mura dté sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agat anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chuntair, gan fiafraí dó (de) an raibh béal air. Sin é an cineál tútacháin é féin. Ní bhfaigheadh Dia shúlach an deoir uaidh
+
Deir tú leis a chaith ag dilleoireacht liom ag ceapadh go bhfanfainn le haghaidh tae, ach diabhal baol in mo chraiceann a bhí orm. B'annamh leis mórán den chórtas a bheith ag síneadh leis ach an oiread le scéal. Dheamhan a fhios agam beo céard a bhain dó aréir go raibh sé ag iarraidh comaoin a chaitheamh liom. Mura bhfuair sé tae as Meiriceá!
TUILLEADH (1) ▼
Má bhíonn sí ag dilleoireacht le thú a thabhairt in éindí léithe, abair amach gan frapa gan taca léi gur chomaoin duit a dhul in éindí léithe go deimhin! Nuair a d'iarr tusa ar son Dé uirthise a dhul in éindí leat go B. na mB., ba deas an sásamh a thug sí duit. 'Nach beag a bheadh le déanamh agam,' adeir sí, 'a dhul siar go dtí na hamhais bhradacha sin, agus gan a fhios agam nach mé a speireadh le cloich a dhéanfadh duine acu shul má bheinn aniar abhaile aríst.' An scaoinn bhradach!
→
diomdha
Bhí diomdha air adeir sé, nach bhfaca sé in am mé go gcuireadh sé comaoin eicínt orm — caitheamh ina dhiaidh
→
dlaoi
Dhá mbáití istigh sa teach é, dheamhan dlaoi tuí a chuireas mise dhó. Ba chomaoin dom go deimhin!
+
→
dligh
Má dhligh sé bainis dúinne fuair sé bainis ina hómós. Bhí bainis eile aige féin agus níor iarr sé muide, agus 'sí an chomaoin chéanna a chuirfeas muide air anois. Má tá sé ag tnúthán léithe is mór an dul amú atá air. Murach é féin ag déanamh oirille orainne, agus a dhul ag iarraidh an dream a bhí taobh thuas agus taobh thíos dúinn (dínn), gheobhadh sé cuireadh anois uainn, glíodh (dlíodh) sé é nó ná dlíodh; agus níor dhligh, mar ní raibh muide ag an mbainis deiridh a bhí aige fhéin, ach ligfinn é sin tharam murach an cleas a rinne sé féin
TUILLEADH (2) ▼
Mo chreach mhaidne muise, níor dhligh an diabhlánach sin tae ná arán a fháil sa teach seo, agus níor chomaoin daoibh a dtabhairt dó ach an oiread, dhá mbeadh aon fhuil ionaibh. Níl cuimhne ar bith agaibh ar an uair a raibh sibh fhéin thíos aigesean agus ar lig sé amach sibh agus déidín tite agaibh leis an ocras. Ach sin é. Murach a bheith gan náire dhó is fada amach ón teach seo a d'fhanadh sé. Ach is fear gan náire é ar aon chor
Ghreamaigh sin di féin agus dhá cineál — an béadán. Ach níor dhligh mise ná aon duine in mo theach a cuid béadáin di, agus níor chomaoin di a dhul ag caint mar sin orainn ainneoin ar chuir muid de bhainne aici — ní dhá mhaíochtáil uirthi é — ó thús bliana. Ach 'sé an té nach dtabharfadh uisce na bhfataí di, a bhíos molta aici sin i gcónaí agus an té a ghníos an mhaith uirthi, níl meas na muice aici air
Is beag an mhaith dhomsa dlúthghaolta lá an anó. Is fada uaim a bheas siad an lá sin. Má bhíonn rud agat, ar do chomharsa atá agat comaoin a chur ar an gcéad iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
→
dochar
Níor chomaoin dó a dhul ag déanamh sochair ar bith dóibh sin agus a ndearna siad féin de dhochar air cheana. Ach d'ordaigh Dia maith in aghaidh an oilc chreidim
Go ndéana Dia grásta air muis, ba bheag an doicheall é roimh an té a bhuailfeadh isteach aige. Dhá mba é an fear ab fhaide amach uaidh in Éirinn é, ní ligfeadh sé amach é gan an chomaoin chéanna a chur air agus a chuirfeadh sé ar a dheartháir. Níor fhéad aon fhear ariamh a rá gur fhága sé tí M. Bh. Mh. faoi thart ná faoi ocras
+
Cuireadh droch-chomaoin thiar air; sí an droch-chomaoin a cuireadh thiar air — níor caitheadh leis ach go dona
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh níor cuireadh aon droch-chomaoin ort fós fhéin anseo — ní bhfuair tú aon ghreim tur uainne fós
Níor chomaoin duit droichead a dhéanamh dhíomsa muise agus thú ag tabhairt fags uait. Is iomaí fag mór a thug mé dhuit ariamh … An gcuimhníonn tú nuair a bhíodh muid thuas sa L. R. anuraidh? Ach ní bhíonn cuimhne ar an arán a itear, adeir siad
→
drámh
Déanaidhse a (bhur) rogha rud, ach ní thaobhóidh mise é ar mhámh ná ar dhrámh. Sin é a bhfuil ina thimpeall. Go deimhin ba chomaoin dom sin!
→
dualgas
Má fhaighimse ligean ar bith choíchin air gheobhaidh sé dualgas an tslisne uaim, diabhal bréag nach bhfaighidh. Hé brí céard a chuirfeas mé as dó, ní ghabhfaidh rud ar bith ann dó ar chaoi ar bith. Comaoin a láimhe féin atá a thabhairt don bhodach sin