Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Coimhfhios (i ngo fhios?)
ainm-fhocal, firinscneach.
Foghar = cuibh-fhios
Go h-iondamhail bíonn sé fhéin a's "ingan fhios" i gcuideachta
as comhair a' tsaoghail; gan é 'dhéanamh ar chúla téarmaí; gan é a cheilt; gan é a chaomhamhaint; gan a dhul ar chúla an chlaidhe leis; i gcosárd.
a.
+
Is cuma liom, é 'dhéanamh ingan fhios nó i gcoimhfhios, ach é dhéanamh = ní miste liom é a dhéanamh ingan-fhios de'n tsaoghal, nó as comhair a' tsaoghail ach é a dhéanamh.
Dheamhan a' miste, leis siúd faoi'n' ól ingan fhios nó i gcoimhfhios, ach é fhághail len' ól. Tá'n dúil chráidhte aige ann.
TUILLEADH (5) ▼
Má's ingan-fhios nó igcoimhfhios a rinneadh é, nach hé an dá mhara chéile é anois. Tá'n dochar déanta, a's nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall.
Cé'n uair a rinne siad sin an díoghbháil i gcoimhfhios. Is beag a' baoghal orra(b). Déanfa siad ingan-fhios é.
Shílfeá go mbeadh caoitheamhlacht eicínt ionnad a's gan a dhul a' déanamh a leithide sin de rud i gcoimhfhios. Tá tú imbéal an phobail anois.
(D)ar ndóigh, maran i gcoimhfhios a rinne sé, is ingan fhios a rinne sé é, ach nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall? Ní fiú a dhul a' sáruightheacht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan's móide a leath-oiread cainnte a bhainfeadh scéal mór amach.
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul a's é a dhéanamh i gcoimhfhios le 'bheith ag imtheacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil fhios aige go bhfuil tú ar a' gceird.
+
Leabharsa is gearr go n-eirighe siad amach a's go rubála siad na daoine i gcoimhfhios. Dheamhan gnaoidheamhlacht a' bith a' fanacht sa saoghal anois — níl sin.
InDomhnach tá siad dhá h-árdú leo(b) anois, ingan fhios a's i gcoimhfhios. Maidir le go bhfuil suím aca(b) duine dhá bhfeiceál, dheamhan a dhath, ach an oiread a's dá mbadh leo(b) fhéin í. Múinfe sin mise aríst, gan mo chuid móna a chuir (chur) amach ann.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé chomh maith dhó a dhul a's í a iarraidh i gcoimhfhios le bheith ag imtheacht ingan-fhios mar sin. Mar dhóigh dhe go bhfuil an oiread de chaomhamhaint in a muinntir sise, a's nach n-innseocha siad do'n tír é! A mhaisce, sé 'bhfuil uatha é!
Dar fiadh, dhá mbadh liom a dhul ann chor a' bith, igcoimhfhios a ghabhfainn ann, a's ní i ngan-fhios. Cé'n bheann a bheadh agam ar aon-duine faoi?
Má's ingan-fhios nó i gcoimhfhios é, tá sé a' caitheamh tobac. Tá 'fhios agamsa an méid sin, ar chaoi ar bith, arae b'éigean dom cion leath-únsa a thabhairt dó an lá faoi dheire.
Dhá dhonacht é an té 'ólfas i gcoimhfhios é, is seacht measa an té a ólfas ingan-fhios, 'druncaera' ceart é sin.
b.
+
M'anam go bhfuil siad ar a' gceird sin, ingan-fhios a's i gcoimhfhios. 'Sé'n chaoi 'mbíonn siad leath na gcuarta, dheamhan a' miste leob, cé 'fheicfeas iad.
Má tá sé ann ingan fhios ná i gcoimhfhios, gheobha an póilidhe ruadh atá annsin thiar é. Ní bheadh sé istigh i bpoll srathaire ingan-fhios dó. Deir na 'stiléaraí' gur sháruigh sé a bhfaca siad ariamh.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan snáth de do chuid feamuinne a thóig mise ingan-fhios ná i gcoimhfhios. Nar leige Dia go mbeidhinn in a call!
Ní fhéadfadh sé cianóg ruadh a fhaghail annseo ingan-fhios ná i gcoimhfhios, hébrí cá bhfuair sé é. Ach marach go bhfuair sé in áit eicínt é, ní fhéadfadh sé a bheith aige.
Níor thaobhuigh sé ingan-fhios ná i gcoimhfhios í anois, le bliadhain. Ach deir siad go bhfuil sé thar bharr a chéile in a diaidh igcomhnuidhe. Níor mhaith liom ' anshógh bheith orm. Droch-bhodach é 'hathair.
+
Déan a' peacadh ingan fhios ná igcoimhfhios — is cuma eatorra(b) é — ach beidh 'fhios ag Dia é.
Níl aon-cheo dhá ndéanann duine as bealach i ngan-fhios ná i gcoimhfhios nach bhfuil scríobhtha síos annsiúd ar leabhar a' chunntais, a's dubhshlán aon-duine dallach dubh a chuir (a chur) ar Dhia. Siúd í an chúirt nach nglacfa na bréaga, a mhic ó.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-pheacadh ná aon-droch-rud dhá ndearna tú ingan-fhios ná igcoimhfhios, nar cheart 'innseacht do'n sagart 'sa bhfaoistean. Mara n-innsighe tú iad, ní mhaithfidhear duit iad.