comhfhios
—ainmfhocal, firinscneach.
—foghar: cuibh-fhios
—go hiondúil bíonn sé fhéin agus i ngan fhios i gcuideachta
—
os comhair an tsaoil; gan é a dhéanamh ar chúla téarmaí; gan é a cheilt; gan é a chaomhúint; gan a dhul ar chúla an chlaí leis; i gcosard.
a.
            
+–
Is cuma liom é a dhéanamh i ngan fhios nó i gcomhfhios, ach é a dhéanamh — ní miste liom é a dhéanamh i ngan fhios den tsaol, nó os comhair an tsaoil ach é a dhéanamh
Dheamhan an miste leis siúd faoina ól i ngan fhios nó i gcomhfhios, ach é fháil lena ól.  Tá an dúil chráite aige ann.
        
                                TUILLEADH (5) ▼
                            
Más i ngan fhios nó i gcomhfhios a rinneadh é, nach é an dá mhar a chéile é anois.  Tá an dochar déanta, agus nach in é a bhfuil ina thimpeall.
Cén uair a rinne siad sin an díobháil i gcomhfhios.  Is beag an baol orthub.  Déanfaidh siad i ngan fhios é.
Shílfeá go mbeadh caoithiúlacht eicínt ionat agus gan a dhul ag déanamh a leithide sin de rud i gcomhfhios.  Tá tú i mbéal an phobail anois.
Ar ndóigh, muran i gcomhfhios a rinne sé, is i ngan fhios a rinne sé é, ach nach in é a bhfuil ina thimpeall?  Ní fiú a dhul ag sáraíocht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta.  Dheamhan is móide a leathoiread cainte a bhainfeadh scéal mór amach.
Bhí sé chomh maith dhuit a dhul agus é a dhéanamh i gcomhfhios le a bheith ag imeacht i ngan fhios mar sin, arae dheamhan mac an éin bheo sa tír nach bhfuil a fhios aige go bhfuil tú ar an gceird.
+–
Leabharsa, is gearr go n-éirí siad amach agus go robála siad na daoine i gcomhfhios.  Dheamhan gnaíúlacht ar bith ag fanacht sa saol anois — níl sin.
I nDomhnach, tá siad dhá hardú leob anois i ngan fhios ais i gcomhfhios.  Maidir le go bhfuil suim acub duine dhá bhfeiceáil, dheamhan a dhath, ach an oiread is dá mba leob fhéin í.  Múinfidh sin mise aríst gan mo chuid móna a chur amach ann.
        
                                TUILLEADH (4) ▼
                            
Bhí sé chomh maith dhó a dhul agus í a iarraidh i gcomhfhios le bheith ag imeacht i ngan fhios mar sin.  Mar dhóigh dhe go bhfuil an oiread de chaomhúint ina muintir sise agus nach n-inseoidh siad don tír é!  A mhaisce, sé a bhfuil uathu é!
Dar fia, dhá mba liom a dhul ann chor ar bith, i gcomhfhios a ghabhfainn ann agus ní i ngan fhios.  Cén bheann a bheadh agam ar aon duine faoi?
Más i ngan fhios nó i gcomhfhios é, tá sé ag caitheamh tobac.  Tá a fhios agamsa an méid sin ar chaoi ar bith, arae b'éigean dom cion leathunsa a thabhairt dó an lá faoi dheireadh.
Dhá dhonacht é an té a ólfas i gcomhfhios é, is seacht measa an té a ólfas i ngan fhios, druncaera ceart é sin.
b.
            
+–
M'anam go bhfuil siad ar an gceird sin, i ngan fhios is i gcomhfhios.  'Sé an chaoi a mbíonn siad leath na gcuarta, dheamhan an miste leob cé a fheicfeas iad.
Má tá sé ann i ngan fhios ná i gcomhfhios, gheobhaidh an póilí rua atá ansin thiar é.  Ní bheadh sé istigh i bpoll srathaire i ngan fhios dó.  Deir na stiléaraí gur sháraigh sé a bhfaca siad ariamh.
        
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Dheamhan snáth de do chuid feamainne a thóg mise i ngan fhios ná i gcomhfhios.  Nár lige Dia go mbeinn ina call!
Ní fhéadfadh sé cianóg rua a fháil anseo i ngan fhios ná i gcomhfhios, hé brí cá bhfuair sé é.  Ach murach go bhfuair sé in áit eicínt é, ní fhéadfadh sé a bheith aige.
Níor thaobhaigh sé i ngan fhios ná i gcomhfhios í anois le bliain.  Ach deir siad go bhfuil sé thar bharr a chéile ina diaidh i gcónaí.  Níor mhaith liom a anó bheith orm.  Drochbhodach é a hathair.
+–
    Déan an peaca i ngan fhios ná i gcomhfhios — is cuma eatarthub é — ach beidh a fhios ag Dia é.
Níl aon cheo dhá ndéanann duine as bealach, i ngan fhios ná i gcomhfhios, nach bhfuil scríofa síos ansiúd ar leabhar an chuntais, agus dúshlán aon duine dallach dubh a chur ar Dhia.  Siúd í an chúirt nach nglacfaidh na bréaga, a mhic ó.
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Níl aon pheaca ná aon drochrud dhá ndearna tú i ngan fhios ná i gcomhfhios, nár cheart a inseacht don sagart sa bhfaoistin.  Mura n-insí tú iad, ní mhaithfear duit iad.
comhfhios in iontrálacha eile (5)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fios 
                  
                  
                    Bhíodh poitín dhá dhéanamh i ngan fhios agus i gcomhfhios an tráth sin — faoi rún agus os coinne chuile dhuine
                    
                        TUILLEADH (3) ▼
                      
                    
                  
                    Tá sé ag goid i gcomhfhios anois, ní áirím i ngan fhios
                    Ní dhéanfaidh mé i gcomhfhios ná i ngan fhios é — chor ar bith
                    Níl ól le fáil i ngan fhios na i gcomhfhios ann.  Teach suarach anois é
                    
                    →
                    cúl 
                  
                  
                    Sea, dhéanfá go maith ar chúla téarmaí é, ach tá náire ort é a dhéanamh i gcomhfhios.  Is mór an úis do leithide.