—
duine mór, socair, sásta réidh-chúiseach. Go h-iondamhail sórt súm-sám é, nach gcuirfeadh araoid ná aighneas ar aonduine, ach an saoghal a ghlacadh go réidh dhó fhéin; fear breagh, mór, sochma.
+–
Is breagh an conán fir é, bail ó Dhia air.
Tá tú a' deanamh an-chonán fir, bail ó Dhia a's Muire ort.
TUILLEADH (16) ▼
'Sé'n conán fir é, slán a bheidheas sé.
Ní fheicim aon-chonán fir a' teacht chuig teach a' phobail annsin thiar chomh breagh leis anois.
Dheamhan a' bhféadfadh a' conán siúd, bail ó Dhia air, gan a bheith láidir. Tá sé 'sna guailní aige.
Tá conán breagh de mhac aige.
Má chastar aon-chonán fir leat, atá crom-shlinneánach, a's é faoi bhricíní ar fad, sin é é.
Tá conán breagh de phóilidhe annsin thiar anois. As Ciarruidhe 'tháinic sé, 'chuala mé.
Is réidhchúiseach a' conán fir é. Níl araoid aige ar aon-duine.
Conán breagh sásta é. Dheamhan focal arrannta adéarfadh sé le aon-duine choidhchin.
'Sé Seán fhéin a bhí as bealach. Marach gurab é, dheamhan baoghal a bheadh ar a' gconán siúd, araoid ná éiliughadh a chuir air.
Conán socair sásta é sin, ach dá dteighead sé ar throid, bheadh sé dhá gcaitheamh sin le chéile. Ní fhéadfadh sé gan a bheith láidir.
Is mór is fhiú conán socair, sásta mar sin, nach mbeidh áird aige ar thada, ach a ghnaithe a dhéanamh.
Dheamhan duine beo a thiocfadh a' cur aon-araoid ar a' gconán sin, mara mbeadh a' catmara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn idtroid ná imbruighin, ná nach raibh ariamh.
Marach chomh sásta, a's atá an conán eile, mharbhóchad sé Seáinín ar bhall na h-áite, a's dá marbhuigheadh fhéin, dheamhan leath-cheart a dhéanfadh sé leis.
Nach gann a chuaidh an saoghal air, go ndeacha sé a' cur achrainn ar a' gconán bocht sin.
Conán réidh go leor é, ach is diabhaltaidhe an íntinn atá aige, má chuirtear air.
Dheamhan cor a' bith sa gconán sin. D'fhéadfá méir (méar) a chuir faoi na shúil, a's ní bhainfead sé leat. Ach in Domhnach, níl a' dearbhráthair eile mar sin: tá sé sáthach anglánta.
Conán in iontrálacha eile (6)
→
fios
"Fios Fhínn, neart Ghoill, agus buadh Chonáin" (Fios Fhínn = bhí buadh na targaireachta aige; bhí sé indon a innseacht céard a bhí le theacht)
Chonnaic mise an saoghal a's mara mbeadh caomhamhaint ionnad faoi'n rud a d'fheicfeá nó a d'innse(ochth)aidhe dhuit, nar dhóigh cleas a deanfaidhe leat, ná thú a cheangailt suas cois a' bhóthair, a's liúradh Chonáin a thabhairt dhuit. Badh shin é an saoghal nach ndéanfaí aon-scéala le na póilíos faoi tada a bheadh a' corruighe.
→
anam
Shíl mise gur conán socair é sin. Aon áit dhá bhfaca mé ariamh é, ní bheadh fhios agad, go raibh thar an anam ann, ar éigin.
→
fiann
Ba é Oscar an fear ab fhearr a bhí ar an bhFéinn agus sén t-ainm a thugadh Conán in a dheidh sin air an Laighneach Leath-mhagairleach. Graiscín ceart a bhí in Conán
Is minic a bhéas an ordóig faoin gcúilfhiacail ag an gconán thíos anois. Ní leigfidh sé an geábh seo uaidh nó is cinniúint air é. Is fada indiaidh na cupla garraí sin é