Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
conán
ainmfhocal, firinscneach
uimhir iolra: conáin
duine mór, socair, sásta réchúiseach. Go hiondúil sórt súm sám é nach gcuirfeadh araoid ná aighneas ar aon duine, ach an saol a ghlacadh go réidh dhó fhéin; fear breá, mór, sochma.
+
Is breá an conán fir é, bail ó Dhia air.
Tá tú ag déanamh an-chonán fir, bail ó Dhia agus Muire ort.
TUILLEADH (16) ▼
'Sé an conán fir é, slán a bheas sé.
Ní fheicim aon chonán fir ag teacht chuig teach an phobail ansin thiar chomh breá leis anois.
Dheamhan a bhféadfadh an conán siúd, bail ó Dhia air, gan a bheith láidir. Tá sé sna guailní aige.
Tá conán breá de mhac aige.
Má chastar aon chonán fir leat, atá cromshlinneánach, agus é faoi bhricíní ar fad, sin é é.
Tá conán breá de phóilí ansin thiar anois. As Ciarraí a tháinig sé, a chuala mé.
Is réchúiseach an conán fir é. Níl araoid aige ar aon duine.
Conán breá sásta é. Dheamhan focal aranta adéarfadh sé le aon duine choíchin.
'Sé Seán fhéin a bhí as bealach. Murach gurb é, dheamhan baol a bheadh ar an gconán siúd araoid ná éileamh a chur air.
Conán socair sásta é sin, ach dá dtéadh sé ar throid, bheadh sé dhá gcaitheamh sin le chéile. Ní fhéadfadh sé gan a bheith láidir.
Is mór is fhiú conán socair sásta mar sin, nach mbeidh aird aige ar thada ach a ghnaithe a dhéanamh.
Dheamhan duine beo a thiocfadh ag cur aon araoid ar an gconán sin, mura mbeadh an cat mara ar fad air — créatúr bocht nach mbíonn i dtroid ná i mbruíon, ná nach raibh ariamh.
Murach chomh sásta agus atá an conán eile, mharóchadh sé Seáinín ar bhall na háite, agus dá maraíodh fhéin, dheamhan leathcheart a dhéanfadh sé leis.
Nach gann a chuaigh an saol air go ndeachaigh sé ag cur achrainn ar an gconán bocht sin.
Conán réidh go leor é, ach is diabhaltaí an intinn atá aige má chuirtear air.
Dheamhan cor ar bith sa gconán sin. D'fhéadfá méir a chur faoina shúil, agus ní bhainfeadh sé leat. Ach i nDomhnach, níl an deartháir eile mar sin: tá sé sách anglánta.

conán in iontrálacha eile (6)

 
fios
"Fios Fhinn, neart Ghoill, agus bua Chonáin" — Fios Fhinn — bhí bua na targaireachta aige; bhí sé in ann a inseacht céard a bhí le theacht
 
Chonaic mise an saol agus mura mbeadh caomhúint ionat faoin rud a d'fheicfeá nó a d'inseofaí dhuit, nár dhóigh cleas a déanfaí leat ná thú a cheangailt suas cois an bhóthair agus liúradh Chonáin a thabhairt dhuit. Ba in é an saol nach ndéanfaí aon scéala le na póilíos faoi tada a bheadh ag corraí.
 
anam
Shíl mise gur conán socair é sin. Aon áit dhá bhfaca mé ariamh é, ní bheadh a fhios agat go raibh thar an anam ann ar éigean.
 
fiann
Ba é Oscar an fear ab fhearr a bhí ar an bhFéinn agus 'sé an t-ainm a thugadh Conán ina dhiaidh sin air, an Laighneach Leathmhagarlach. Gráiscín ceart a bhí in Conán
 
Fionn 1
"Fios Fhinn, neart Ghoill agus bua Chonáin"
 
Is minic a bheas an ordóig faoin gcúlfhiacail ag an gconán thíos anois. Ní ligfidh sé an geábh seo uaidh nó is cinniúint air é. Is fada i ndiaidh na cupla garraí sin é