Coruice dhubh na bliadhna:
—Ainm-fhocal.
—
dubhluachair na bliadhna; an mhí dhubh; an chéad mhí de'n bhliadhain, a's mí na Féile Brighde; dubh-anna na bliadhna.
+–
Tiubharfa coruice dhubh na bliadhna a sháith le déanamh dhó = ní shárócha sé dubh-luachair na bliadhna.
Ní anois a theastóchadh farae ar bith uatha(b) ach amach i gcoruice dhuibh na bliadhna, nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar a' talamh.
TUILLEADH (16) ▼
Ní sháinneochadh duine 'bith aon-chaora anois — i gcoruice dhuibh na bliadhna thall. Cead scuir a bhí a thabhairt dóib. Ar ndú (dar ndóigh) ní millteanas a fhéadfas siad a dhéanamh, a's chomh lom a's tá 'chuile áit.
Shílfeá gurab é coruice dhubh na bliadhna atá agaibh ann leis a' ngliúrach {{(gleorach) de theine atá thíos agaibh. Diabhal aithne oraibh, nach fuacht atá 'san aimsir!
Is measa é ná coruice dhubh an gheimhridh le fearthainn a's gairbhshion. Nach a' séideadh báistighe atá sé le coigcigthis i mbéal a chéile!
Ceadh nach bhfuil tú a thabhairt do na beithidhigh sheasca, ach an ghabhailín fhéir sin? Is gearr le dhul orra(b) an teirgéis sin ar choruice dhuibh na bliadhna a's gan soláthar na solamar ar a' talamh.
Gearrógaí dubha na Nodlag, coruice dhubh na bliadhna, laetheantaí na Riabhaighe, Gairbhshion na gCuach, a's gaoth ruadh na Féile Sin Seáin — sin iad a chuirea(nn)s cruit ar an sean-eallach. 'Siad, agus ar a' duine fhéin go minic.
InDomhnach bhí an lá indiu chomh dona le aon-lá a tháinic ar choruice dhuibh na bliadhna. Bhí barr sneachta ar a' mbáist(igh) a chaith sé taca am 'dinnéir.
'Sí an mhí seo anois a's cuid de'n mhí seo chugainn coruice dhubh na bliadhna. Ní bhíonn fás faoi thada.
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
Is deas í 'ur gceird gan bhréig, dhár gcrupadh fhéin suas chois claidhtheachaí faoi ghaoith a's faoi dheallradh, a's a' fanacht annsin i gcaitheamh na h-oidhche. Cé'n bhrigh ach an uair atá ann — coruice dhubh na bliadhna. Ní mó ná go ndéanfadh duine é i Mí mheodhain a' tSamhraidh, ní áirmhighim anois.
Geimhreadh! Is beag a' bhrigh é fós go dteaga (dtaga) coruice dhubh na bliadhna.
Tá díthcéille ort, a' baint do dhrár dhíot féin, go gcaithtear coruice dhubh na bliadhna, ar aon-nós. Dar ndóigh níor tháinic tairm a' bith ar a' ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
Seo í coruice dhubh na bliadhna, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin. 'Mí na bhFaoillí a mharbhuighea(nn)s na caoirigh'. Badh mhinic adeireadh M. Th. fadó é, 'ndéana Dia grásta air.
Má tá sé ar bhéal na h-uaighe ag an aimsir seo, go bhféacha Dia air, ach a dteaga coruice dhubh na bliadhna. Déanfa sí sin a chreach.
'Bhfaca tú uair chomh breagh léithe ariamh ar choruice dhubh na bliadhna. Má tá sí buille fuar fhéin tá sí teann tirm, agus dar príocaidhe is mór is fiú an triomach.
Tá chuile áit in a mhoirt ag a' mbáistigh, ach chreidim gurab é nádúr na h-Uaire é. D'eile cé'n chaoi 'mbeadh sí ar choruice dhubh na bliadhna.
Rugadh uainín dhom annseo an bhliadhain cheana, ar choruice dhubh na bliadhna. Badh é an chéad uan óg sa tír é. Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh, aon-dithreabhach a bhí chomh meirbh leis. Daighean mé gur shrian sé thríd 'na dheidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.