Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
coraice
ainmfhocal
dubhluachair na bliana; an mhí dhubh; an chéad mhí den bhliain agus mí na Féile Bríde; dubh-ana na bliana.
+
Tabharfaidh coraice dhubh na bliana a sháith le déanamh dhó — ní sháróidh sé dubhluachair na bliana.
Ní anois a theastódh farae ar bith uathub ach amach i gcoraice dhuibh na bliana nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar an talamh.
TUILLEADH (16) ▼
Ní sháinneodh duine ar bith aon chaora anois — i gcoraice dhuibh na bliana thall. Cead scoir a bhí a thabhairt dóibh. Ar ndóigh ní millteanas a fhéadfas siad a dhéanamh agus chomh lom agus atá chuile áit.
Shílfeá gurb é coraice dhubh na bliana atá agaibh ann leis an ngliúrach de thine atá thíos agaibh. Diabhal aithne oraibh nach fuacht atá san aimsir!
Is measa é ná coraice dhubh an gheimhridh le fearthainn agus gairfean. Nach ag séideadh báistí atá sé le coicís i mbéal a chéile!
Cé nach bhfuil tú a thabhairt do na beithígh sheasca ach an ghabháilín fhéir sin? Is gearr le dhul orthub an teirgéis sin ar choraice dhuibh na bliana agus gan soláthar na solamar ar an talamh.
Gearrógaí dubha na Nollag, coraice dhubh na bliana, laethantaí na riabhaí, gairfean na gcuach, agus gaoth rua na Féile Sin Seáin — sin iad a chuireanns cruit ar an seaneallach. 'Siad, agus ar an duine fhéin go minic.
I nDomhnach, bhí an lá inniu chomh dona le aon lá a tháinig ar choraice dhuibh na bliana. Bhí barr sneachta ar an mbáistigh a chaith sé taca am dinnéir.
'Sí an mhí seo anois, agus cuid den mhí seo chugainn, coraice dhubh na bliana. Ní bhíonn fás faoi thada.
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
Is deas í bhur gceird gan bhréig, dhár gcrapadh fhéin suas chois claíochaí faoi ghaoith agus faoi dheallradh, agus ag fanacht ansin i gcaitheamh na hoíche. Cén bhrí ach an uair atá ann — coraice dhubh na bliana. Ní mó ná go ndéanfadh duine é i Mí Mheáin an tsamhraidh, ní áirím anois.
Geimhreadh! Is beag an bhrí é fós go dteaga coraice dhubh na bliana.
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
Seo í coraice dhubh na bliana, ach is measa Mí na bhFaoillí mar sin fhéin. Mí na bhFaoillí a mharaíonns na caoirigh. Ba mhinic adeireadh M. Th. fadó é, go ndéana Dia grásta air.
Má tá sé ar bhéal na huaighe ag an aimsir seo, go bhféacha Dia air ach a dteaga coraice dhubh na bliana. Déanfaidh sí sin a chreach.
An bhfaca tú uair chomh breá léithe ariamh ar choraice dhubh na bliana. Má tá sí buille fuar fhéin, tá sí teann tirim, agus dar príocaí, is mór is fiú an triomach.
Tá chuile áit ina mhoirt ag an mbáistigh, ach chreidim gurb é nádúr na haire é. Deile cén chaoi a mbeadh sí ar choraice dhubh na bliana.
Rugadh uainín dhom anseo an bhliain cheana ar choraice dhubh na bliana. Ba é an chéad uan óg sa tír é. Ní fhaca tú in do shaol ariamh aon díthreabhach a bhí chomh meirbh leis. Daighean mé gur shrian sé thríd ina dhiaidh sin, dhá dhonacht dhá raibh an uair.