Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Corcán
ainm-fhocal, firinscneach.
1.
pota, coire (Is ionann's go bhfuil an chiall seo seirgthe anois 'sa gcainnt, ach déarfaidhe leat "gur b'shin é an t-ainm a thugas muinntear Chonndae an Chláir ar a' bpota").
2.
duine ramhar, beathuighthe, craosach as a cheann-aghaidh; bunastán iadhta; staic otruighthe.
+
'Sé an corcán de dhuine é.
Is dó atá a chuid ag dul go maith — an corcán!; 'Sé an corcán é 'bhfuil slacht a chodach air.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé in a chorcáinín chuimseardha bheathuighthe.
Mara bhfuil sé sin 'na chorcáinín, ní lá go maidin é!
Nach hé a rinne an corcán fir ó chonnaic mé go deireannach é. Diabhal bréag nach ndeárna!
Níor mhór do'n chorcán sin leaba faoi fhéin ar fad. Mara bhfuil sé suas 's anuas ann, tá sé siar 's aniar ann. A's nach hé atá craosach dearg as a cheann aghaidh!
Tá Seán Sh. in aon-chorcán amháin — iadhta le feoil — anois. Is maith a chuaidh imirce dhó.
Is beag a' dochar de'n dream sin a bheith in a gcorcáin a's a n-itheann siad de bhiadh cladaigh, a's chuile sholamar de'n tsórt sin.
Ab é an corcáinín fir úd! 'Séard a thaithneochadh liomsa a bheith 'baint spealpóga as.
Bhí sé sin scathamh chomh caithte leis a' bhfítheoig, ach tá sé in aon-chorcán amháin anois, séidthe suas le saill.

Féach freisin

Corcán in iontrálacha eile (1)

 
fuil 1
Tá sé in aon-chorcán amháin agus bhainfeadh dealg spíonáin fuil as. Is cuma san diabhal é, ach rinne an t-aistriú maith dhó. Ní raibh bior-eanga air san mbaile