corcán
—ainmfhocal, firinscneach.
1.
pota, coire. Is ionann is go bhfuil an chiall seo seargtha anois sa gcaint, ach déarfaí leat "gurb in é an t-ainm a thugas muintir Chontae an Chláir ar an bpota".
2.
duine ramhar, beathaithe, craosach as a cheannaghaidh; bunastán iata; staic otraithe.
+–
'Sé an corcán de dhuine é.
Is dó atá a chuid ag dul go maith — an corcán!; 'Sé an corcán é a bhfuil slacht a chodach air.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ina chorcáinín chuimseartha bheathaithe.
Mura bhfuil sé sin ina chorcáinín, ní lá go maidin é!
Nach é a rinne an corcán fir ó chonaic mé go deireanach é. Diabhal bréag nach ndearna!
Níor mhór don chorcán sin leaba faoi fhéin ar fad. Mura bhfuil sé suas is anuas ann, tá sé siar is aniar ann. Agus nach é atá craosach dearg as a cheann aghaidh!
Tá Seán Sh. in aon chorcán amháin — iata le feoil — anois. Is maith a chuaigh imirce dhó.
Is beag an dochar don dream sin a bheith ina gcorcáin agus a n-itheann siad de bhia cladaigh, agus chuile sholamar den tsórt sin.
Ab é an corcáinín fir úd! Séard a thaitneodh liomsa a bheith ag baint spealpóga as.
Bhí sé sin scaitheamh chomh caite leis an bhfíóig, ach tá sé in aon chorcán amháin anois, séidte suas le saill.
Féach freisin
corcán in iontrálacha eile (1)
→
fuil 1
Tá sé in aon chorcán amháin agus bhainfeadh dealg spíonáin fuil as. Is cuma sa diabhal é, ach rinne an t-aistriú maith dhó. Ní raibh bior eanga air sa mbaile