Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Corradh
ainm-fhocal a's feidhm aidiachta nó do-bhriathra aige.
"ar" an réamh-fhocal a thagas 'na dhiaidh i gcomhnuidhe
tuille agus; le cois; as cionn; barr air.
+
Tá sé corradh ar (corra?) fiche bliadhain caillte = tá sé tuille a's fiche bliadhain caillte; barr ar fiche bliadhain; fiche bliadhain a's bliadhanta corra
Dar m'ainín gur shíl mé go raibh sé corradh ar chéad bliadhain ó bhí 'Oidhche na Stoirme Móire' ann, nó gur chuala mé na gasúir a' léigheamh as a' bpáipéar an oidhche faoi dheire nach mbeidh sí céad bliadhain go dtí imbliadhna, anois. Cothrom Oidhche Chinn a' Dá Lá Dhéag a bhí sí.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé corradh ar dheich mbliadhna fichead anois, ó tháinic a' 'sean-phinsean' amach a' chéad-uair, nó 'bhfuil? Sibhse 'bhfuil a' scoláireacht orraibh, badh cheart go mbeadh fhios agaibh sin.
Déarfainn go bhfuil sé corradh ar dheich mbliadhna ó cuireadh é. Cuimnighim go maith gurbh é lá 'l' sin Bairtliméad a bhí sé dhá thabhairt chuig a' roinnín. Ba gártha an lá é, le gála a's báistigh.
Nach diabhaltaidhe an aois atá sé 'fhaghail! Tá sé corradh ar dheich mbliadhna is cheithre fichid anois, a's dheamhan a dhath mairg fós air, cé's moite dhá amharc.
Cráin-fhear láidir é, corradh ar leath-chéad bliadhain d'aois, a's é glan-bhearrtha.
Is diabhaltach a' daigéad caillighe í. Tá sí corradh ar fiche cloch mheadhchain, a's (d)ar ndú (ndóigh) mo léan tá caitheamh a codach ínnte.
Tá Baile Átha Cliath corradh ar shé scóir míle as Gaillimh. Meastú cáide a bheadh seilmide maith storramhail a' snámh ann?
Deir siad gur iomchuir sé fothlach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheadhchain abhaile ó'n S. thrídh chíocraí a's thrídh bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndeárna sé gníomh mar sin.
Tá sé corradh ar leath-chéad míle as seo do'n Ch. a's shiubhail mo shean-mháthair chuile mhíle coisméig dhe, in a cosa buinn! Siar go gceaduigheadh sí cailleach luibheannaí a chuaidh sí. Is beag a dhéanfadh anois é. Dheamhan aonduine!