corradh
—ainmfhocal agus feidhm aidiachta nó dobhriathra aige
—ar an réamhfhocal a thagas ina dhiaidh i gcónaí
—
tuilleadh agus; le cois; os cionn; barr air.
+–
Tá sé corradh ar fiche bliain caillte — tá sé tuilleadh is fiche bliain caillte; barr ar fiche bliain; fiche bliain is blianta corra
Dar m'ainín gur shíl mé go raibh sé corradh ar chéad bliain ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann nó gur chuala mé na gasúir ag léamh as an bpáipéar an oíche faoi dheireadh nach mbeidh sí céad bliain go dtí i mbliana, anois. Cothrom Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag a bhí sí.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé corradh ar dheich mbliana fichead anois ó tháinig an seanphinsean amach an chéad uair, nó an bhfuil? Sibhse a bhfuil an scoláireacht oraibh, ba cheart go mbeadh a fhios agaibh sin.
Déarfainn go bhfuil sé corradh ar dheich mbliana ó cuireadh é. Cuimhním go maith gurbh é Lá'il San Bairtliméad a bhí sé dhá thabhairt chuig an roinnín. Ba gártha an lá é, le gála agus báistigh.
Nach diabhaltaí an aois atá sé a fháil! Tá sé corradh ar dheich mbliana is cheithre fichid anois, agus dheamhan a dhath mairg fós air, cé is moite dhá amharc.
Crannfhear láidir é, corradh ar leathchéad bliain d'aois, agus é glanbhearrtha.
Is diabhaltach an daigéad caillí í. Tá sí corradh ar fiche cloch mheáchain, agus ar ndóigh mo léan tá caitheamh a codach inti.
Tá Baile Átha Cliath corradh ar shé scóir míle as Gaillimh. Meas tú cáide a bheadh seilmide maith storrúil ag snámh ann?
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
Tá sé corradh ar leathchéad míle as seo don Ch. agus shiúil mo sheanmháthair chuile mhíle coisméig dhe ina cosa boinn! Siar go gceadaíodh sí cailleach luibheannaí a chuaigh sí. Is beag a dhéanfadh anois é. Dheamhan aon duine!"