Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Cosacán
ainm-fhocal; firinscneach
iolraidh — cosacáin.
Baintear leas as in áiteacha i leaba "cromnasc"
cromnasc; longcaird; buaithrín; ceangal ar chosa caorach nó beithidheach etc. le na gceannsú, nó a gcoinneál ó bhradghail, nó ó'n scuir.
+
Cuir cosacáin ar na caoirigh.
Má chuireann tusa péire cosacán uirre, mise imbannaí go gcoinneocha sin ó bhradghail í.
TUILLEADH (10) ▼
Beir ar na malluigheadóirí (dhá chaora) a's fáisc cosacáin nó cuíngir orra(b). Tá'n cheapaichín phlanndaí a bhí annsin thiar agham millte aca(b).
Tá cead scuir aca(b) ó tháinic an geimhreadh, a's níorbh fhlearr cosacáin a chur orra(b) anois, ó tá fás a' tosuighe.
Ní chuibhreochadh cuíngir na gabhair sin. Cosacáin a bhí aghad a bhualadh orra(b). Na cupla crainnín a chuir mé annsin thiar, tá siad ithte ag na diabhail. Cé'n bhrigh ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud a' bith, tiocfa sé ar gcúl!
Is fada a chaith an bhó sin ag imtheacht a's cosacáin uirre, in áit a raibh sí an-bhradach.
'Bhfuil fhios céard tá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chuir air, a's a smut a bhualadh ar a chois tosaigh, in aice sin. Mara múine sin é, caith le gunna é. Níl aon-gharrdha ar a' mbaile nach bhfuil ina bhéal in áirde aige.
Mara gcuire tú cosacáin ar a' gcaora sin anois, tiubharfa sí an scóid dhi fhéin. Baoghal uirre sin fanacht annseo.
Ní mór duit cosacáin nó ceangal eicínt a chuir uirre go mbeidh sí taithighthe air an áit. Dheamhan's móide a n-iarrfadh imtheacht dhi annsin.
Má chuirim cosacáin uirre, tá faitchíos orm go gcasfaidhear i dtreascairt 'sna breaclachaí siúd í, a's go mbascfa sí í fhéin i bhfad uainn an anachain!
Bhí sí ar siubhal ariamh, ariamh, go ndeacha sí indiaidh a mullaigh síos i gclaise an tsrotha, a's ní raibh aon-ghoir aice a theacht aníos ingeall ar na cosacáin.
Is cosamhail go raibh sí ag iarraidh a dhul thar a' díoga, a's gur chaitheadh indiaidh a leathtaoibhe síos innte í. Dheamhan stró a bheadh uirre, meireach na cosacáin, ach is beag an rud atá indon treampán a chur ar an rud dona, 'na dheidh sin.

Féach freisin