—
cromnasc; loncaird; buairthín; ceangal ar chosa caorach nó beithíoch srl. lena gceansú, nó a gcoinneáil ó bhradaíl, nó ón scoir.
+–
Cuir cosacáin ar na caoirigh.
Má chuireann tusa péire cosacán uirthi, mise i mbannaí go gcoinneoidh sin ó bhradaíl í.
TUILLEADH (10) ▼
Beir ar na mallaíodóirí (dhá chaora) agus fáisc cosacáin nó cuingir orthub. Tá an cheapachín phlandaí a bhí ansin thiar agam millte acub.
Tá cead scoir acub ó tháinig an geimhreadh, agus níorbh fholáir cosacáin a chur orthub anois ó tá fás ag tosaí.
Ní chuibhreodh cuingir na gabhair sin. Cosacáin a bhí agat a bhualadh orthub. Na cupla crainnín a chuir mé ansin thiar, tá siad ite ag na diabhail. Cén bhrí, ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud ar bith, tiocfaidh sé ar gcúl!
Is fada a chaith an bhó sin ag imeacht agus cosacáin uirthi an áit a raibh sí an-bhradach.
An bhfuil a fhios céard atá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chur air, agus a smut a bhualadh ar a chois tosaigh ina aice sin. Mura múine sin é, caith le gunna é. Níl aon gharraí ar an mbaile nach bhfuil ina bhéal in airde aige.
Mura gcuire tú cosacáin ar an gcaora sin anois, tabharfaidh sí an scóid dhi fhéin. Baol uirthi sin fanacht anseo.
Ní mór duit cosacáin nó ceangal eicínt a chur uirthi go mbeidh sí taithithe ar an áit. Dheamhan is móide a n-iarrfadh imeacht dhi ansin.
Má chuirim cosacáin uirthi, tá faitíos orm go gcasfar i dtreascairt sna breaclachaí siúd í agus go mbascfaidh sí í fhéin, i bhfad uainn an anachain!
Bhí sí ar siúl ariamh ariamh, go ndeachaigh sí i ndiaidh a mullaigh síos i gclaise an tsrutha,agus ní raibh aon ghair aici a theacht aníos i ngeall ar na cosacáin.
Is cosúil go raibh sí ag iarraidh a dhul thar an díoga agus gur chaitheadh i ndiaidh a leataoibhe síos inti í. Dheamhan stró a bheadh uirthi meireach na cosacáin, ach is beag an rud atá in ann treampán a chur ar an rud dona ina dhiaidh sin.
Féach freisin
→
cromnasc