Céadtach
—aidiacht
—
áidhbhéil; gártha; 'san an-mhéid; líonmhar; diabhalta; uathbhásach; dalba; dearg-; dubh-; an-; oll-.
+–
Tá'n codladh céadtach air, marar dhúisigh sé fós, a's é 'na luighe ó thuit oidhche aréir.
Bhuail a' codladh céadtach mé, a's dhá mbeadh mo chailleadh go deo leis, chinnfeadh sé orm fanacht in mo dhúiseacht.
TUILLEADH (3) ▼
Chaithfeadh sé gur tugadh deoch shuain dó, a's an codladh céadtach seo a bheith air. Cá'ide 'na chodladh anois é?
Sin é 'raibh an codladh céadtach air, marar dhúisigh sé in imtheacht trí chéad bliadhain.
Ar chuala tú faoi'n mbráthair údan ar tháinic a' codladh céadtach air, a's é ag éisteacht leis an éinín ar a' gcraoibh taobh amuigh dhá fhuinneoig?
·
Sé'n Colg Céadtach a thagadh ar Chúchulainn. Níor mhaith de dhuine a bheith míoladóireacht in a thimcheall, cheapfainn, nuair a bhuaileadh an reacht sin é (de réir na sean-scéal, thagadh "riastradh" ar Chuchulainn. "Colg céadtach" a thugas na sean-anndúirí air).
B'fhearr duit gan mé a spreogadh anois, a mhic ó. Tagann a' colg céadtach orm.
·
Níor mhaith dhuit a bheith in aon-pharáiste leis siúd, 'san am a mbuaileann a' t-olc céadtach ceart é
Is olc an éadáil é siúd, má spadharann sé. Tagann a' t-olc céadtach air. Chonnaic mé annseo imbliadhna é a's cubhar le na bhéal, le teann coipthe, a's droch-mhúineadh.
+–
Má chuireann tú 'guano' air, in aice na feamuinne, beidh an toradh-chéadtach agad air = barr thar cionn.
InDomhnach bhí barr maith air mar bhí sé, ach dá dteigheadh leasú mar is ceart air, bheadh a' toradh-chéadtach air.
TUILLEADH (2) ▼
Is maith an dóigh fataí í sin' adeir N. leis an Dumhaichín. 'Dhá bhfágtaí cupla bliadhain bán í, as fasair mhaith feamuinn' builgínighe a's 'special' (cineál leasú siopa) a chur annsin uirthe, a's cur tús earraigh, dar mo choinsias a's bheadh an toradh chéadtach uirre. Dar sliabh bheadh'.
Ara dhiabhail áluinn nach air a bheidheas an toradh céadtach (talamh na Midhe). Ní bheidh aon-chruadhóg do dhaoine a bheith dhá gcur fhéin síos sa talamh, dhá leasú sin.
+–
Bhí an sluagh céadtach ann = mathshluagh mór daoine; an saoghal bruighineach; "lán na h-Éireann", an t-uathbhás daoine.
Tá'n sluagh céadtach imthighthe soir, má's chuig an 'show' a chuaidh siad uileag, nó nach h-eadh.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an sluagh céadtach ag a' mbáire indiu. Ní raibh duine ó liath go leanbh sa gC. G. nach h-ann a bhí.
Tá'n sluagh céadtach cruínn ann.
·
Tá na h-iarranntaí céadtacha aige, nuair a theighea(nn)s sé ar bhualadh = tugann sé an-iarranntaí amach a's amach uaidh, tráth 'mbíonn sé a' bualadh.
Má tharraingim í (dorn) tiubhra mé an buille céadtach duit.
+–
Thiocfainn ag ól as línn mhúnlaigh an tráth céadna arae bhí an tart céadtach orm. D'fhal(mh)uigh mé an ceaintín d'aon-iarraidh amháin.
D'ólfainn a' chloch íochtair anois: tá'n tart céadtach orm.
TUILLEADH (4) ▼
Bhuail a' t-ocras céadtach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Árd Bh. an T. M., a's shíl mé dheamhan a' baile a d'fheicfinn go bráth. Marach leisce é 'dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaghainn roisín bidh a dhúinfeadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
Níor mhiste liom anois dhá mbadh greidill chruaiche a leagfaí i m'fhiadhnuis, ach cuirfe mé caitheamh ionnta(b). Tá'n goile céadtach agham.
Tá'n dúil chéadtach aige 'san ól.
Bhí an toirneach chéadtach ann, a's bhainfeá deilgne amach le 'chaon scail. A's má badh eadh fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach a' borradh leis.
Céadtach in iontrálacha eile (17)
+
Tá sé chomh maith le Céadtach = duine a mbeadh an-ghaisce ann.
TUILLEADH (2) ▼
Ní mó ná dhá mbeadh Céadtach ar a' saoghal anois, go mbeadh sé indon deasú leis siúd. Tá sé dubh-láidir.
Dhá mbeitheá in t'fhear chomh maith le Céadtach Mhac Fhinn, ní chorrochthá an chloch údaidh.
→
bleánach
Rinneadh a' bualadh céadtach ann, a's a' bhleághanach fhola 'bhí ar a' mbóthar ar maidin, th'éis na h-oidhche
+
→
buail
Fuair sé bualadh céadtach = fuair sé an-bhualadh.
TUILLEADH (2) ▼
Tugadh an bualadh céadtach dó.
Shílfeá go raibh an bualadh céadtach ann, le na raibh de ghleo aca(b), a's ní raibh aonduine buailte as a dheire!
+
→
buille
Fainic thú fhéin air! Tá'n buille céadtach aige.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireocha tú choidhchin go dtuga sé cuaibhtheach de bhuille dhuit — buille céadtach — a dhéanfas pleibistín díot ar áit na mbonn.
A' tarraingt aniar ar árd Iothlainn Sheumais dom, bhuail a' t-ocras céadtach mé gan aon-aireachtáil, agus fhobair dhom tuitim imbun mo chos = tháinic sé de phlimp, agus gan aon-ughdar aige.
+
→
airigh
Airighim a' fuacht céadtach. De dhruim sneachta atá an ghaoth adtuaidh sin ag eirghe in áit eicínt.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireochadh sé an cuaille cúraic (comhraic) údaidh a bhuail Céadtach, nar fhága searrach i láir, laogh i mbó ná páiste i mbroínn 'fhoisceacht seacht míle dhó
→
anó
'Fágfa mé le na n-anshógh féin sib', adeir Céadtach le na h-amhuis (rádh as Scéal Fiannuidheachta — "Céadtach Mhag Fhinn, Rí Éireann")
→
imigh
Bhí an slaghdán céadtach orm agus chuir mé ag imtheacht as cosa i dtaca é le neart sean-fuisge = ní raibh aon-fhonn ar an slaghdán imtheacht, ach chuir an fuisge ag imtheacht de'n bhuidheachas é.
→
deoraí
An deoruidhe féin as S. Gh. ní raibh ar an tsochraide, aindeoin go raibh sí dlighte dóib uiliog. Ní fhéadfaidís gan cloisteáil fúithe mara bhfuil an codladh céadtach orra ar fad
→
dúchas
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn annseo uair: madadh mór gliobach ruadh. Chonnaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag ligheachán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhí-nádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile cho glórach len a bhfaca tú ariamh, agus claon-fhéachaint i gceann aca. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlá dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann in a ghiall déarfá. Dheamhan asna dhó nach n-eirigheadh ar a chosa deireadh agus thugadh sé farradh 'san aer. Bhí tart céadtach air, agus síon chráidhte aige, agus é ag cur chubhair amach. Dhá bhfeictheá na creaithtí a bhí air. Agus bhíodh sé caithte anuas in a phleibistín 'chuile phuínte. Cailleadh é th'éis cúig nó sé de laetheantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeithí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é