céatach
—aidiacht
—
áibhéil; gártha; san an-mhéid; líonmhar; diabhalta; uafásach; dalba; dearg-; dubh-; an-; oll-.
+–
Tá an codladh céatach air murar dhúisigh sé fós, agus é ina luí ó thit oíche aréir.
Bhuail an codladh céatach mé agus dhá mbeadh mo chailleadh go deo leis, chinnfeadh sé orm fanacht in mo dhúiseacht.
TUILLEADH (3) ▼
Chaithfeadh sé gur tugadh deoch shuain dó agus an codladh céatach seo a bheith air. Cáide ina chodladh anois é?
Sin é a raibh an codladh céatach air murar dhúisigh sé in imeacht trí chéad bliain.
Ar chuala tú faoin mbráthair údan ar tháinig an codladh céatach air agus é ag éisteacht leis an éinín ar an gcraoibh taobh amuigh dhá fhuinneoig?
·
'Sé an colg céatach a thagadh ar Chú Chulainn. Níor mhaith do dhuine a bheith ag míoladóireacht ina thimpeall, cheapfainn, nuair a bhuaileadh an reacht sin é (de réir na seanscéal, thagadh riastradh ar Chú Chulainn; colg céatach a thugas na seanfhondúirí air)
B'fhearr duit gan mé a spreagadh anois, a mhic ó. Tagann an colg céatach orm.
·
Níor mhaith dhuit a bheith in aon pharóiste leis siúd san am a mbuaileann an t-olc céatach ceart é
Is olc an éadáil é siúd má spadhrann sé. Tagann an t-olc céatach air. Chonaic mé anseo i mbliana é agus cúr lena bhéal, le teann coipthe agus drochmhúineadh.
+–
Má chuireann tú guano air, in aice na feamainne, beidh an toradh chéatach agat air — barr thar cionn
I nDomhnach, bhí barr maith air mar a bhí sé, ach dá dtéadh leasú mar is ceart air, bheadh an toradh chéatach air.
TUILLEADH (2) ▼
'Is maith an dóigh fataí í sin,' adeir N. leis an Dumhachín. 'Dhá bhfágtaí cupla bliain bán í, is fasair mhaith feamainne boilgíní agus special (cineál leasú siopa) a chur ansin uirthi, agus cur tús earraigh, dar mo choinsias agus bheadh an toradh chéatach uirthi. Dar sliabh bheadh'
Ara a dhiabhail álainn, nach air a bheas an toradh céatach (talamh na Mí). Ní bheidh aon chruóg do dhaoine a bheith dhá gcur fhéin síos sa talamh dhá leasú sin.
+–
Bhí an slua céatach ann — mathshlua mór daoine; an saol bruíonach; lán na hÉireann; an t-uafás daoine.
Tá an slua céatach imithe soir, más chuig an show a chuaigh siad uileag nó nach ea.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an slua céatach ag an mbáire inniu. Ní raibh duine ó liath go leanbh sa gC. G. nach ann a bhí.
Tá an slua céatach cruinn ann.
·
Tá na hiarrantaí céatacha aige nuair a théanns sé ar bhualadh — tugann sé an-iarrantaí amach is amach uaidh, tráth a mbíonn sé ag bualadh
Má tharraingím í (dorn), tabharfaidh mé an buille céatach duit.
+–
Thiocfainn ag ól as linn mhúnlaigh an tráth céanna arae bhí an tart céatach orm. D'fholmhaigh mé an ceaintín d'aon iarraidh amháin.
D'ólfainn an chloch íochtair anois: tá an tart céatach orm.
TUILLEADH (4) ▼
Bhuail an t-ocras céatach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Ard Bh. an T. M., agus shíl mé dheamhan an baile a d'fheicfinn go brách. Murach leisce é a dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaighinn raisín bídh a dhúnfadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
Níor mhiste liom anois dhá mba gridill chruaiche a leáfaí i m'fhianais, ach cuirfidh mé caitheamh iontub. Tá an goile céatach agam.
Tá an dúil chéatach aige san ól.
Bhí an toirneach chéatach ann, agus bhainfeá deilgne amach le chaon scail. Agus má ba ea fhéin, dheamhan a dhath stánadh a rinne mo dhuine. Shílfeá gurb é an chaoi a raibh an toirneach ag borradh leis.
céatach in iontrálacha eile (20)
+
Tá sé chomh maith le Céatach — duine a mbeadh an-ghaisce ann.
TUILLEADH (2) ▼
Ní mó ná dhá mbeadh Céatach ar an saol anois go mbeadh sé in ann deasú leis siúd. Tá sé dubhláidir.
Dhá mbeifeá in t'fhear chomh maith le Céatach Mhac Fhinn, ní chorrófá an chloch údaí.
→
bleánach
Rinneadh an bualadh céatach ann agus an bhleánach fhola a bhí ar an mbóthar ar maidin théis na hoíche
+
→
buail
Fuair sé bualadh céatach — fuair sé an-bhualadh
TUILLEADH (2) ▼
Tugadh an bualadh céatach dó.
Shílfeá go raibh an bualadh céatach ann lena raibh de ghleo acub, agus ní raibh aon duine buailte as a dheireadh!
+
→
buille
Fainic thú fhéin air! Tá an buille céatach aige.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireoidh tú choíchin go dtuga sé cuaifeach de bhuille dhuit — buille céatach — a dhéanfas pleibistín díot ar áit na mbonn.
Ag tarraingt aniar ar ard Iothlainn Shéamais dom, bhuail an t-ocras céatach mé gan aon aireachtáil agus fhóbair dhom titim i mbun mo chos — tháinig sé de phlimp agus gan aon údar aige
+
→
airigh
Airím an fuacht céatach. De dhroim sneachta atá an ghaoth aduaidh sin ag éirí in áit eicínt.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireodh sé an cuaille cúraic (comhraic) údaí a bhuail Céatach nár fhága searrach i láir, lao i mbó, ná páiste i mbroinn fhoisceacht seacht míle dhó.
→
anó
'Fágfaidh mé lena n-anó féin sibh,' adeir Céatach le na hamhais (rá as Scéal Fiannaíochta — "Céatach Mhag Fhinn, Rí Éireann")
→
imigh
Bhí an slaghdán céatach orm agus chuir mé ag imeacht as cosa i dtaca é le neart seanfuisce — ní raibh aon fhonn ar an slaghdán imeacht, ach chuir an fuisce ag imeacht den bhuíochas é.
→
faobhar
'Sé an faobhar a chuir Céatach ar a chlaimhe: faobhar chun bearrtha, faobhar chun gearrtha (faobhar chun sáite freisin)
→
feadán
"Bhí feadán suain ag an gcailín agus sháigh sí ina chloigeann é agus thit an codladh céatach ar an bpointe air" (as scéal ó Sheoirse Mhac Artúr, Leitir Mucú, Casla. Ní mhaireann sé anois) — rud a mbeadh deoch shuain ann is cosúil; biorán suain
→
deoraí
An deoraí féin as S. Gh. ní raibh ar an tsochraide, ainneoin go raibh sí dlite dóibh uileag. Ní fhéadfaidís gan cloisteáil fúithi mura bhfuil an codladh céatach orthu ar fad
→
dúchas
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn anseo uair: madadh mór gliobach rua. Chonaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag líochán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhínádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile chomh glórach lena bhfaca tú ariamh, agus claonfhéachaint i gceann acu. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlámh dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann ina ghiall déarfá. Dheamhan easna dhó nach n-éiríodh ar a chosa deiridh agus thugadh sé farra san aer. Bhí tart céatach air, agus sian chráite aige, agus é ag cur chúir amach. Dhá bhfeictheá na creaití a bhí air. Agus bhíodh sé caite anuas ina phleibistín chuile phointe. Cailleadh é théis cúig nó sé de laethantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeifí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é