—
bó (bíonn corr-chapall amhla freisin) liath ar dhath asail bháin; bó a mbeadh dath an asail uirre.
+–
'Bhfuil an chéileog aige fós?
Ní bó bhuidhe a cheannuigh sé ach céileog.
TUILLEADH (9) ▼
Níl na céileogaí chomh fairsing sa tír a's bhídís roimhe seo. 'Chaon darna bó a d'fheicfeá fadó, badh céileog í, ach tá na daoine a' leigean asta(b) go mór anois.
Dheamhan mórán tóir' a bhío(nn)s ag na ceannachthóirí ar na céileogaí sin chor a' bith. D'fheicfeá iad dhá bhfágáil 'na ndiaidh ar aontaighe.
Sílim go gcuirfe mé an chéileog 'na n-aonaigh ambáireach. Dheamhan gna(ithe) aghamsa a bheith dhá coinneál annsin níos mó.
Is beag capall a' bith a d'fheicfeá ar a dath. Sórt céileog í.
Má's céileog fhéin í, dheamhan mórán a chuirfeas sé sin as di. M'anam má bhíonn ordú uirre, gurb aon-chás amháin leis a' gceannachthóir é.
Dheamhan a' gceapfainn muis, gur ughdar maith í an chéileog sin. Bíonn a' cineál sin an-do-thógtha go deo.
B'fhurast 'aithinte iad — péire céileogaí a bhí ionnta(b). Dá gcastaí leat iad, ní fhéadfá gan sonntas a thabhairt dóibh, ar a ndath.
Dheamhan loiligheach bhainne a bhí againn ariamh mar a' chéileog sin. Shílfeá gur bainne dhá cheann a bhíodh aice, 'chuile uair dhá dtiocfá dhá bleaghan.
Chaith M. Mh. Uí É. an lá a' stangaireacht liom faoi'n gcéileoig sin, a's d'fhága sé in a dhiaidh í faoi dheire ingeall ar choróin = a' déanamh margaidh.
Féach freisin
Céileog in iontrálacha eile (1)
Ní leigfeadh sé an bhudóg chéileog lag labhartha as naoi bpunt. Nuair a chonnaic mise nach leigfeadh, níor chuir mé aon-araoid air tí (ní) ba mhó.