—
bó liath ar dhath asail bháin (bíonn corrchapall amhlaidh freisin); bó a mbeadh dath an asail uirthi.
+–
An bhfuil an chéileog aige fós?
Ní bó bhuí a cheannaigh sé ach céileog.
TUILLEADH (9) ▼
Níl na céileogaí chomh fairsing sa tír agus a bhídís roimhe seo. Chaon darna bó a d'fheicfeá fadó ba céileog í, ach tá na daoine ag ligean astub go mór anois
Dheamhan mórán tóir a bhíonns ag na ceannaitheoirí ar na céileogaí sin chor ar bith. D'fheicfeá iad dhá bhfágáil ina ndiaidh ar aontaí.
Sílim go gcuirfidh mé an chéileog 'na aonaigh amárach. Dheamhan gnaithe agamsa a bheith dhá coinneáil ansin níos mó.
Is beag capall ar bith a d'fheicfeá ar a dath. Sórt céileog í.
Más céileog fhéin í, dheamhan mórán a chuirfeas sé sin as di. M'anam má bhíonn ordú uirthi gurb aon chás amháin leis an gceannaitheoir é.
Dheamhan an gceapfainn muis, gur údar maith í an chéileog sin. Bíonn an cineál sin an-dothógtha go deo.
B'fhurasta a aithinte iad — péire céileogaí a bhí iontub. Dá gcastaí leat iad, ní fhéadfá gan suntas a thabhairt dóibh ar a ndath.
Dheamhan loilíoch bhainne a bhí againn ariamh mar an chéileog sin. Shílfeá gur bainne dhá cheann a bhíodh aici chuile uair dhá dtiocfá dhá bleán.
Chaith M. Mh. Uí É. an lá ag stangaireacht liom faoin gcéileoig sin, agus d'fhága sé ina dhiaidh í faoi dheireadh i ngeall ar choróin — ag déanamh margaidh
Féach freisin
céileog in iontrálacha eile (3)
Ní ligfeadh sé an bhodóg chéileog laglabhartha as naoi bpunt. Nuair a chonaic mise nach ligfeadh, níor chuir mé aon araoid air tí (ní) ba mhó.
Sin í an bhó a bhfuil an deiseacht inti, an chéileog sin ag M. Mh. Bó bhreá fheiceálach í, bail ó Dhia uirthi!
→
díleá
'Sé an díleá atá ar an mbuachaill sin nach dtugann sé greim le n-ithe dóibh go gcailltear leis an ocras iad. Amhgar agus anó atá ar a chuid beithíoch, agus ní díleá. Sea b'fhéidir! Nach bhfaca mé lao breá ansin anuraidh aige — céileog. Tabhair lao breá air. Choisc sé é faoi cheann míosa, agus níor thug sé gabháil ná uchtóg dó ach a chur siar i nGarraí na L. ag ithe raithní. Meas tusa an cothú do lao í raithneach. Bíodh unsa céille agat. Thú féin agus do chuid díleá. Is gearr ón bpéire laonta sin thíos anois aige. D'fheicfeá ag eitealla leis an ocras iad