Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Céithireacht
ainm-fhocal nó briathar.
mion-chasacht; casacht thirm.
a.
+
Tá sé ar a' gcéithireacht chéadna i gcomhnuidhe — a' mion-chasacht leis mar sin.
InDomhnach sí'n chéithireacht chéadna a bhíos ormsa samhradh a's geimhreadh, ní a' ceasacht ar Dhia é!
TUILLEADH (7) ▼
Nach mór a' t-iongnadh nach scarfadh a' chéithireacht leis luath ná mall.
Bhí fhios agham ar a' bpuínnte gurab é a bhí istigh romham, nuair a chuala mé an chéithireacht.
'Sí M. Ph. nach bhfuil an chriotán ná'n chéithireacht uirre, ní hé t'fhearacht fhéin é.
'Meastú nach bhfuightheá buidéal eicínt ó'n dochtúr a bhainfeadh an chéithireacht sin dhíot, dhá dteightheá (ch)uige. Ach is beag a' baoghal ort.
Ara dheamhan steamar ariamh ar sin, ach gur faisean leis a bheith ar a' gcéithireacht sin i gcomhnuidhe.
Tá tú ar a' gcéithireacht aríst. Dheamhan easna dhíot, nó tá sé ort. Ach ní fhéadfá é (an slaghdán) a leigean thart, gan poc dhe a fhághail.
Tobac — an iomarca de'n phíopa — a chuirea(nn)s an céithireacht sin air. (D)ar ndóigh, ní bhaineann sé an píopa as a bhéal beag ná mór.
·
Is diadhachta dhuitse céithireacht ná casacht a bheith ort — duine nar fhága an splainnc (splannc) le seachtmhain. Is maith an chiall ag daoine é, a mb'éigean dóibh a dhul amach faoi dhoininn a's faoi dheállradh le seachtmhain. Tá ceart aca(b) an slaghdán a bheith orra(b) ar chuma 'r bith.
b.
A' céithireacht = a' mion-chasacht 'ndail le i gcomhnuidhe; casacht thirm a bheith ort; criotán.
+
Bíonn sé a' céithireacht i gcomhnuidhe.
Dheamhan slaghdán ná cuid de shlaghdán air sin, ach gur maith leis a bheith a' céithireacht leis mar sin.
TUILLEADH (3) ▼
Mara bhfuil casacht ort, ná tabhair d'fhaisean duit féin a bheith a' céithireacht mar sin.
Shílfeá go raibh sé in am aghad eirghe as a' slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosamhlacht fós ort a's thú a' céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céadna a chur as do chreatalaigh.
Dheamhan stopadh a tháinic uirre ó chuaidh sí isteach (ch)uig an Aifreann go dtáinic sí amach aríst, ach a' céithireacht chasachta mar sin. Ach dheamhan's móide neart a bhí aice air.