Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
céithireacht
ainmfhocal nó briathar.
mionchasacht; casacht thirim.
a.
+
Tá sé ar an gcéithireacht chéanna i gcónaí — ag mionchasacht leis mar sin.
I nDomhnach, 'sí an chéithireacht chéanna a bhíos ormsa samhradh is geimhreadh, ní ag ceasacht ar Dhia é!
TUILLEADH (7) ▼
Nach mór an t-ionadh nach scarfadh an chéithireacht leis luath ná mall.
Bhí a fhios agam ar an bpointe gurb é a bhí istigh romham nuair a chuala mé an chéithireacht.
'Sí M. Ph. nach bhfuil an chreatán ná an chéithireacht uirthi, ní hé t'fhearacht fhéin é.
Meas tú nach bhfaightheá buidéal eicínt ón dochtúr a bhainfeadh an chéithireacht sin dhíot, dhá dtéiteá chuige. Ach is beag an baol ort.
Ara dheamhan steamar ariamh air sin, ach gur faisean leis a bheith ar an gcéithireacht sin i gcónaí.
Tá tú ar an gcéithireacht aríst. Dheamhan easna dhíot nó tá sé ort. Ach ní fhéadfá é (an slaghdán) a ligean thart, gan poc dhe a fháil.
Tobac — an iomarca den phíopa — a chuireanns an chéithireacht sin air. Ar ndóigh, ní bhaineann sé an píopa as a bhéal beag ná mór.
·
Is diachta dhuitse céithireacht ná casacht a bheith ort — duine nár fhága an splainc (splanc) le seachtain. Is maith an chiall ag daoine é, a mb'éigean dóibh a dhul amach faoi dhoininn agus faoi dheallradh le seachtain. Tá ceart acub an slaghdán a bheith orthub ar chuma ar bith.
b.
ag céithireacht: ag mionchasacht i ndáil le i gcónaí; casacht thirim a bheith ort; creatán.
+
Bíonn sé ag céithireacht i gcónaí.
Dheamhan slaghdán ná cuid de shlaghdán air sin, ach gur maith leis a bheith ag céithireacht leis mar sin.
TUILLEADH (3) ▼
Mura bhfuil casacht ort, ná tabhair d'fhaisean duit féin a bheith ag céithireacht mar sin.
Shílfeá go raibh sé in am agat éirí as an slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosúlacht fós ort agus thú ag céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céanna a chur as do chreatlaigh.
Dheamhan stopadh a tháinig uirthi ó chuaigh sí isteach chuig an aifreann go dtáinig sí amach aríst, ach ag céithireacht chasachta mar sin. Ach dheamhan is móide neart a bhí aici air.