Cíb ar éigin
—ainm-fhocal; firinscneach.
—
féar láidir fiadháin, stalctha; meath-chíb; féar nach mbeadh baileach chomh h-urradhanta le cíb.
+–
Tá'n áit seo in a chíb ar éigin = go raibh sé imthighthe amach 'un fiadhántais, cheal saothruighthe, cheal aire nó a leithide.
An chíb ar éigin sin atá ann fré chéile.
TUILLEADH (10) ▼
Chuir mé suas na gasúir sin an lá faoi dheire, le beairtín cíbe a bhaint, a's má chuireas fhéin, ní cíb a thug siad chugam, ach cíb ar éigin.
Ara nach ndéanfa an chíb ar éigin sin thú, atá thuas 'sna bárra garbha? Cé'n locht a gheobhas siad uirre?
Ar thalamh roighin láidir, nach bhféadfá láighe a chuir thríd mórán leis, a bhío(nn)s a' chíb ar éigin. Dheamhan mórán cúis léithe ag beithidhigh.
Chonnaic mise féar chomh mín chomh séimhidhe, a's gheobhfá istigh sa leath-bhaile seo ar a' bpriobán talmhana sin, a's feacha anois go bhfuil sé 'na chíb ar éigin. Dhéanfadh talamh a' bith an rud céadna, dhá bhfágtaí gan aon-chaoi é.
Mara dtóige tú na clascannaí crotha sin, a's an tóchar sin atá calcuighthe a réidhteach, is gearr gur in a chíb ar éigin a bheidheas an garrdha sin agad.
M'anam dá bhfágthá na h-íochtair fliucha sin, achar a' bith bán, go ndéanfaidís cíb ar éigin. An t-uisce a chomhnuighea(nn)s idtalamh íochtair a dhéana(nn)s é sin.
Níor mór na mion-chlascannaí a shioscadh a's a thógáil go maith 'chuile bhliadhain, nó déanfa na h-íochtair siúd cíb ar éigin.
Talamh stalcanta é, a's dheamhan moill a' bith a bheadh air, go mbeadh sé in a chíb ar éigin, mara bhfaghadh sé an-iongabháil — rud nach bhfaighe sé uaidh siúd nó d'athruigh sé.
Ní chasfadh a' diabhal fóidín baic ar na h-íochtair fhliucha údaidh. Tá siad in a gcíb ar éigin as éadan. Fhobair mé feac a bhriseadh leo(b) indiu.
Is maith an dóigh fataí é an garrdha sin anois, cé's moite de na giodáin sin atá in a gcíb ar éigin. Dheamhan ar bh'fh'lár dóibh sin slam aoil le na dtabhairt 'un míneadais aríst.
Cíb ar éigin in iontrálacha eile (1)
→
danra
Níl aon-fhód talmhana ag gabhail leis nach bhfuil deacair dan(d)ra mar sin, faoi bhruibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigin, faoi 'chuile mhíle rud dhá dhonacht. 'Ar ndú marach é a bheith in a fhear cho maith agus atá sé, ní bheadh sé indon giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh in a dheidh sin, agus ag rádh go mbadh cheart dó dubhachan a dhéanamh. Dubhachan mo chreach! Ar an talamh siúd