cíb ar éigean
—ainmfhocal, firinscneach.
—
féar láidir fiáin, stalctha; meathchíb; féar nach mbeadh baileach chomh hurrúnta le cíb.
+–
Tá an áit seo ina chíb ar éigean — go raibh sé imithe amach chun fiántais cheal saothraithe, cheal aire nó a leithide
An chíb ar éigean sin atá ann fré chéile.
TUILLEADH (10) ▼
Chuir mé suas na gasúir sin an lá faoi dheireadh le beairtín cíbe a bhaint, agus má chuireas fhéin, ní cíb a thug siad chugam ach cíb ar éigean.
Ara nach ndéanfaidh an chíb ar éigean sin thú atá thuas sna barra garbha? Cén locht a gheobhas siad uirthi?
Ar thalamh righin láidir, nach bhféadfá láí a chur thríd mórán leis, a bhíonns an chíb ar éigean. Dheamhan mórán cúis léithe ag beithígh.
Chonaic mise féar chomh mín chomh séimhí agus gheofá istigh sa leathbhaile seo ar an bpreabán talúna sin, agus féacha anois go bhfuil sé ina chíb ar éigean. Dhéanfadh talamh ar bith an rud céanna dhá bhfágtaí gan aon chaoi é.
Mura dtóga tú na clascannaí crotha sin, agus an tóchar sin atá calcaithe a réiteach, is gearr gur ina chíb ar éigean a bheas an garraí sin agat.
M'anam dá bhfágthá na híochtair fliucha sin achar ar bith bán, go ndéanfaidís cíb ar éigean. An t-uisce a chónaíonns i dtalamh íochtair a dhéananns é sin.
Níor mhór na mionchlascannaí a shioscadh agus a thógáil go maith chuile bhliain nó déanfaidh na híochtair siúd cíb ar éigean.
Talamh stalcánta é, agus dheamhan moill ar bith a bheadh air go mbeadh sé ina chíb ar éigean mura bhfaigheadh sé an-iongabháil — rud nach bhfaighidh sé uaidh siúd nó d'athraigh sé.
Ní chasfadh an diabhal fóidín baic ar na híochtair fhliucha údaí. Tá siad ina gcíb ar éigean as éadan. Fhóbair mé feac a bhriseadh leob inniu.
Is maith an dóigh fataí é an garraí sin anois, cé is moite de na geadáin sin atá ina gcíb ar éigean. Dheamhan ar bhfoláir dóibh sin slám aoil lena dtabhairt chun míneadais aríst.
cíb ar éigean in iontrálacha eile (1)
→
danra
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd