Cíbleadh (scíbleadh, scíbhle)
—Ainm-bhriathar, ainm-fhocal, baininscneach
—
a.
a' loscadh; a stealladh; a' cur dhe; a' cur as ucht; a' scárdadh; a' siabadh; díle cainnte; táirm chainnte; tuile chainnte.
+–
Tá sé a' cíbleadh cainnte = tá an díle cainnte air; tá sé in a chlaibín muilinn le cainnt; ní thagann iabh ná forus ar a bhéal; ní dhéanann a theanga comhnuidhe 'bith, ach a' cainnt.
Má bhíonn tú i bhfad eile ar a' gcíbleadh sin, dathócha mé an smut agad
TUILLEADH (6) ▼
Is beag a' dochar de do theanga a bheith tuirseach, a's an scíble atá fúithe. Shílfeá go dtiubharfá scíth di uair eicínt, a's gan a bheith ar a' táirm chéadna i gcomhnuidhe.
Níor chuala tú i gcaitheamh do shaoghail ariamh aon-scíbhle (sceimhle?) ná aon-díbliú mar thug an strachaille sin thíos dhom anocht. Is beag a bhéarfadh orm 'dhul soir, a's í a thabhairt 'un cúirte, faoi bheith do mo reiceadh mar sin.
Níor chuala tú a leithide de chíbleadh cainnte ar aon-duine i gcaitheamh an tsaoghail! Dar príosta is maith an dicheall dhó, seasamh ar an táirm siúd i gcomhnuidhe.
Bhuel tá fear sa mbaile as Meriocá tigh Sh. Mh. Mh. annsin thiar, a's dhá gcloistheá é sin a' cíbleadh, déarfá go deimhin go bhfuil cainnt aige. Ach má tá, dheamhan ínnte ach sprus-chainnt.
Má thosuigheann sé siúd a' cíbleadh eascainidhe ort, feicfe tú fhéin air, go mbeidh 'fhios aghad a bhfuil aon-smid aige, nó nach bhfuil.
Leig de do chuid cíble fúmsa anois. Dheamhan aithne ort nach mise is cionntaighe leat fhéin, a's le do chuid tinnis.
b.
sriabhán trom; moirt bháistighe.
+–
Tá sé a' cíbleadh báistighe = moirt bháistighe dhá chaitheamh aige.
'Bhfaca tú aon-chíbleadh báistighe ariamh mar tá air le cupla lá. Dheamhan goir ag duine a dhul amach ag iarraidh aistir uisce, nach mbíonn sé in a líbín bhog bháithte.
TUILLEADH (2) ▼
M'anam go gcaithfe sib a theacht le na bhfuil de mhóin istigh agaibh anocht, ar mo shonsa. Dheamhan a bhféadfadh aon-duine a dhul 'na phortaigh anois, a's é ar a' gcíble ghránna sin.
Tháinic sé in a chíbleadh bháistighe orainn ag Á. Dh. l. a's ní raibh snáth orainn nach raibh fliuch báidhte ar a theacht abhaile dhúinn.
Cíbleadh in iontrálacha eile (2)
Fuair tú amach 'muis an té a mbeadh caomhamhaint ann. Nach bhfuil fhios agad nach mbeadh sé sin beo gan a bheith a' cíbleadh cainnte.
Imthigheamuid sul a dteaga sé nó ní thiocfa iabh air ar feadh an lae, ach a' ceartú, a's a' cíbleadh cainnte.