—
a.
ag loscadh; ag stealladh; ag cur dhe; ag cur as ucht; ag scairdeadh; ag síobadh; díle cainte; táirm chainte; tuile chainte.
+–
Tá sé ag cíble cainte — tá an díle cainte air; tá sé ina chlaibín muilinn le caint; ní thagann iamh ná foras ar a bhéal; ní dhéanann a theanga cónaí ar bith ach ag caint
Má bhíonn tú i bhfad eile ar an gcíble sin, dathóidh mé an smut agat
TUILLEADH (6) ▼
Is beag an dochar de do theanga a bheith tuirseach agus an scíble atá fúithi. Shílfeá go dtabharfá scíth di uair eicínt agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí.
Níor chuala tú i gcaitheamh do shaoil ariamh aon scíbhle (sceimhle) ná aon díbliú mar thug an streachaille sin thíos dhom anocht. Is beag a bhéarfadh orm a dhul soir agus í a thabhairt chun cúirte faoi bheith do mo reiceadh mar sin.
Níor chuala tú a leithide de chíble cainte ar aon duine i gcaitheamh an tsaoil! Dar príosta, is maith an dícheall dhó seasamh ar an táirm siúd i gcónaí.
Bhuel tá fear sa mbaile as Meiriceá tigh Sh. Mh. Mh. ansin thiar, agus dhá gcloistheá é sin ag cíble, déarfá go deimhin go bhfuil caint aige. Ach má tá, dheamhan inti ach spruschaint.
Má thosaíonn sé siúd ag cíble eascainí ort, feicfidh tú fhéin air go mbeidh a fhios agat an bhfuil aon smid aige nó nach bhfuil.
Lig de do chuid cíble fúmsa anois. Dheamhan aithne ort nach mise is ciontaí leat fhéin agus le do chuid tinnis.
b.
sriabhán trom; moirt bháistí.
+–
Tá sé ag cíble báistí — moirt bháistí dhá chaitheamh aige.
An bhfaca tú aon chíble báistí ariamh mar atá air le cupla lá. Dheamhan gair ag duine a dhul amach ag iarraidh aistir uisce nach mbíonn sé ina líbín bhog bháite.
TUILLEADH (2) ▼
M'anam go gcaithfidh sibh a theacht lena bhfuil de mhóin istigh agaibh anocht, ar mo shonsa. Dheamhan a bhféadfadh aon duine a dhul 'na phortaigh anois agus é ar an gcíble ghránna sin.
Tháinig sé ina chíble bháistí orainn ag A. Dh. L. agus ní raibh snáth orainn nach raibh fliuch báite ar a theacht abhaile dhúinn.
cíble in iontrálacha eile (3)
Fuair tú amach muis, an té a mbeadh caomhúint ann. Nach bhfuil a fhios agat nach mbeadh sé sin beo gan a bheith ag cíble cainte.
Imímid sula dteaga sé nó ní thiocfaidh iamh air ar feadh an lae ach ag ceartú agus ag cíble cainte.
→
críoch
Dheamhan ríochan ar bith le M. Dhá dtugtaí aon aird ar a chuid cíble, chuirfeadh sé dhá Chrígh Mhuire in oighear an chochaill, de ghrá magadh agus gáirí a dhéanamh fúthub aríst é fhéin.