Cíosú
—briathar
—
cíos nó cáin a íoc; díoluidheacht fiacha, nó millteanais.
+–
Níor chíosuigh sé an teach leis, fós i mbliadhna. = níor íoc sé cíos a' tighe leis fós i mbliadhna.
Bhí conacra tóigthe aige, ó R. annsin thoir anuiridh, a's níor chíosuigh sé fós leis é.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí cupla budóg ar féarach agam aige, anuiridh, a's tá sé thar am é 'chíosú leis. D'aithneochainn ar a bhruas 'chuile áit dá gcasann sé liom, go bhfuil sé súil leis, agus leis a' gceart a dhéanamh, d'fheilfeadh sé é 'thabhairt dó, lá 'bith feasta.
"Do thug mé mo pháircín, faoi chlaidhe a's faoi fhál duit; Tá sé in am a'd é a chíosú liom anois punt nó dhó; Gur leat a dhéanfas mé gálaí go dteaga an Fhéil Pádraic; Nó go seoladh na gamhna sa mbaile seo siar." (As "Domhnall Ó Dálaigh" — dubhairt an t-aithrisidhe — B. R. — "do").
Má shuidhim an seomra sin in aithbhliadhain, dar príosta, ní leis sin é, arae níor mhór duit a bheith in' éadan 'chuile ré soluis, a's mar sin fhéin, ní chíosóchad sé leat é faoi shásamh.
Thug mé féarach dhá cholapa dhó anuiridh, a's dheamhan saoradh ná séanadh a thiubhradh sé dom, faoi na gcíosú liom. Meastú nach h-éard adubhairt sé an uair dheire a d'iarr mé air é, go raibh binn aige fhéin ar a' sliabh chomh maith liomsa!
Tá a chuid asal leigthe amach faoi scuir aige, a's gan breathnú in a ndiaidh ó Luan go Satharn, ach dar mo choinsias, má theigheann siad i mbradghail ar mo chuid-sa, cíosócha sé liom a ndéanfa siad de mhillteanas, feicfe sé fhéin air.
Dheamhan scolb a thiubhrad sé cead dhuit a thabhairt amach as na gurráin siúd aige (gurrán = garrán), gan a chíosú leis. Tá sé an-ghéar, a's cruadh coinneálach ar aon-cheo 'tá aige.
Chaith m'athair — 'ndéana Dia grásta air! — na cianta a' tabhairt garrdha dhó, le fataí a chur ann, a's má chaith fhéin, dheamhan cíosú ná cúitiú a rinne sé ariamh leis, ná aon-chuimne aige air.
Béarfa sé cupla lá seirsighe (seisrighe) dhó leis a' gceathramhadh thuair sin a chíosú leis.