cíosaigh, cíosú
—briathar
—
cíos nó cáin a íoc; díolaíocht fiacha, nó millteanais.
+–
Níor chíosaigh sé an teach leis fós i mbliana — níor íoc sé cíos an tí leis fós i mbliana.
Bhí conacra tógtha aige ó R. ansin thoir anuraidh, agus níor chíosaigh sé fós leis é.
TUILLEADH (8) ▼
Bhí cupla bodóg ar féarach agam aige anuraidh agus tá sé thar am é a chíosú leis. D'aithneoinn ar a bhruas chuile áit dá gcasann sé liom, go bhfuil sé ag súil leis, agus leis an gceart a dhéanamh, d'fheilfeadh sé é a thabhairt dó lá ar bith feasta.
"Do thug mé mo pháircín, faoi chlaí is faoi fhál duit; Tá sé in am agat é a chíosú liom anois punt nó dhó; Gur leat a dhéanfas mé gálaí go dteaga an Fhéil Pádraic; Nó go seoladh na gamhna sa mbaile seo siar." (As Dónall Ó Dálaigh — dúirt an t-aithrisí — B. R. — do)
Má shuím an seomra sin in athbhliain, dar príosta, ní leis sin é, arae níor mhór duit a bheith ina éadan chuile ré solais, agus mar sin fhéin, ní chíosódh sé leat é faoi shásamh.
Thug mé féarach dhá cholpa dhó anuraidh, agus dheamhan saoradh ná séanadh a thabharfadh sé dom faoina gcíosú liom. Meas tú nach éard adúirt sé an uair dheiridh a d'iarr mé air é, go raibh binn aige fhéin ar an sliabh chomh maith liomsa!
Tá a chuid asal ligthe amach faoi scoir aige agus gan breathnú ina ndiaidh ó Luan go Satharn, ach dar mo choinsias, má théann siad i mbradaíl ar mo chuidse, cíosóidh sé liom a ndéanfaidh siad de mhillteanas, feicfidh sé fhéin air.
Dheamhan scolb a thabharfadh sé cead dhuit a thabhairt amach as na garráin siúd aige gan a chíosú leis. Tá sé an-ghéar, agus crua coinneálach ar aon cheo atá aige.
Chaith m'athair — go ndéana Dia grásta air! — na cianta ag tabhairt garraí dhó le fataí a chur ann, agus má chaith fhéin, dheamhan cíosú ná cúiteamh a rinne sé ariamh leis, ná aon chuimhne aige air.
Béarfaidh sé cupla lá seirsí (seisrí) dhó leis an gceathrú thuair sin a chíosú leis.