Cíosáinín
—ainm-fhocal
—cíochthasán? cícheasán? = duine a bheadh i bhfad ar cích; mar bheadh sean-pháiste ann. Cíchsheascán? = duine a bheadh ar chích sheisc, nó nach n-ólfadh a lacht.
—Níor chuala mé cíosán sa gcainnt.
—
duine beag dona, crannda, gan brigh, gan éitir, cranndailín, cranndachán, aircín de dhuine, duinín éidtreorach.
+–
A chíosáinín bhradaigh, céard tú a rádh?
Má theighim a' cur aimsire ar dhuine, cuirfe mé aimsir ar fhear ar foghnamh, a's ní ar a leithide sin de chíosáinín é.
TUILLEADH (8) ▼
Shoraidh dhi a leithide de bhean bhreagh, nar phós fear eicínt thar a' gcíosáinín sin, nach bhfuil oiread do dhorna ann.
Tá cíosáinín geanncach de mhac aige, a's choinneochad sé cainnt le dháréag.
Nach h-ámhuilleach a' cíosáinín fir é, a dhul a' cur achrainn ar a mhacsamhail sin d'fhear.
Tá'n cíosáinín sin muise chomh luaithneach, agus gur beag a imtheochas ingan fhios dó, a's dheamhan ceo dhá bhfeice sé nach gcuirfe sé seoladh faoi = bíonn sé anonn a's anall is 'chuile áit, i riocht's nach mbíonn tada ar siubhal ingan-fhios dó, a's puibligheann sé chuile 'shórt dhá bhfeiceann sé.
Dheamhan aithne air, an cíosáinín bocht, nach fear ar foghnamh é fhéin.
Tá'n cíosáinín sin thuas ag M. Bh. istigh aghainn chuile ré soluis. Meastú a ndéanann sé buille maitheasa 'bith, ach chreidim gurb é cuid a' bheagáin atá sé indon a dhéanamh th'éis a dhichill. Dheamhan brigh ann.
Sa múnla céadna — in a chíosáinín mar sin — a fheicea(nn)s muide é ó rugadh muid. M'anam gur cheart dó bun-aois mhaith fhéin a bheith aige anois.
Ní thiocfa aon-bhiseach air choidhchin, ach in a chíosáinín mar tá sé.