Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cíosáinín
ainmfhocal
níor chuala mé cíosán sa gcaint.
duine beag dona, cranda, gan brí, gan éitir, crandailín, crandachán, aircín de dhuine, duinín éidreorach
+
A chíosáinín bhradaigh, céard tú a rá?
Má théim ag cur aimsire ar dhuine, cuirfidh mé aimsir ar fhear ar fónamh, agus ní ar a leithide sin de chíosáinín é.
TUILLEADH (8) ▼
Shoraidh dhi, a leithide de bhean bhreá, nár phós fear eicínt thar an gcíosáinín sin nach bhfuil oiread do dhorna ann.
Tá cíosáinín geancach de mhac aige agus choinneodh sé caint le dháréag.
Nach ábhailleach an cíosáinín fir é, a dhul ag cur achrainn ar a mhacasamhail sin d'fhear.
Tá an cíosáinín sin muise chomh luaineach, agus gur beag a imeos i ngan fhios dó, agus dheamhan ceo dhá bhfeice sé nach gcuirfidh sé seoladh faoi — bíonn sé anonn is anall i chuile áit, i riocht is nach mbíonn tada ar siúl i ngan fhios dó, agus poiblíonn sé chuile shórt dhá bhfeiceann sé.
Dheamhan aithne air, an cíosáinín bocht, nach fear ar fónamh é fhéin.
Tá an cíosáinín sin thuas ag M. Bh. istigh againn chuile ré solais. Meas tú an ndéanann sé buille maitheasa ar bith, ach chreidim gurb é cuid an bheagáin atá sé in ann a dhéanamh théis a dhíchill. Dheamhan brí ann.
Sa múnla céanna — ina chíosáinín mar sin — a fheiceanns muide é ó rugadh muid. M'anam gur cheart dó bunaois mhaith fhéin a bheith aige anois.
Ní thiocfaidh aon bhiseach air choíchin ach ina chíosáinín mar atá sé.