Cithréabachaí
—ainm-fhocal a mbaintear leas as 'san uimhir iolraidh amháin.
—ceaithreabachaí, ciotréabacha, cithréabachaí, cotréabachaí — leaganachaí eile ar a' bhfocal i gceanntair áithridhe. Cithréabachaí, cotreabachaí, ceaithréabachaí (Cois Fhairrge)
1.
a.
in a réabachaí; briste; strachluighthe, stróicthe; in a ghioblachaí.
+–
Níl snáth de do chuid éadaigh, nach bhfuil in a chithréabachaí aghad.
Níl fhios agham, cé'n smál atá chor a' bith ort, go ndéanann tú cithréabachaí de chuile shnáth dhá mbíonn ort.
TUILLEADH (6) ▼
Ba bhreagh an ball éadaigh é sin, an lá ar chuir tú suas ar do chraiceann é, a's feacha an bhail atá anois air, in a chithréabachaí.
Má dhéanann tú cithréabachaí de na briocáin sin anois, beidh moill ort aríst, shul ó gheobhfas tú fuireann nuadh. Mar sin tabhair aire dóib.
Ní bhaineann sé fada ná gearr as éadach go ndéanann sé ceaithréabachaí dó.
Is beag a' dóchar dhuit náire a bheith ort, do léine uileag a bheith in a cithréabachaí agad, a's a dhaoireacht a's tá léinteachaí le na gceannacht.
Bhí an bheirt a' tarraingt na bráithlíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad ceaithréabachaí dhi eatorra(b).
Dhéanfadh an ceann céadna cithréabachaí dhá bhfaca tú ariamh, hébrí (pé'r bith) cé uaidh a dtug sé an strácghail chor a' bith. Níl an chulaith sin tada le ráithe aige fós, a's is gearr nach mbeidh tuinnte di le chéile aige.
+–
A dhiabhail áluinn, má bhíonn tú i bhfad ar a' sníomh sin leis a' gcathaoir, is gearr gur in a cithréabachaí a bheidheas sí aghad. Ach dheamhan a' miste leat. Ní chuirfe sé a dhath mairge ort.
Ní chomhnócha tú le do chuid deasúcháin, go ndéana tú cithréabachaí de'n 'bhicycle'.
TUILLEADH (8) ▼
Dheamhan ball istigh faoi chaolach do thighe nach bhfuil in a chotréabachaí, ag na bacaigh de ghasúir sin. Neart bata nar mhór dhóib.
Buaileadh an púcán ar Ghob na Curra(ighe), a's rinne oibriú na fairrge, a's na maoidhmeannaí céadtacha atá annsiúd cotréabachaí dhi, gan mórán achair.
Rug sé ar liagán cloiche, a's rinne sé cithréabachaí de'n chliabhán éanachaí léithe. M'anam nach hé an cliabhán éanachaí a gheobhfadh í, ach mise, dhá mbeadh aon-fháill aige orm.
Tá'n dúirling in a cotréabachaí fré chéile, de bharr lán-mhara na h-oidhche aréir. Ba chumasach a' t-oibriú a bhí sa bhfairrge.
Bhuail daol eicínt é, a's dheamhan soitheach a d'fhága sé ar an drisiúr, nach ndearna sé ceatréabacha dhi. Fhobair nar féadadh é 'cheannsú chor a' bith. An t-ól a d'eirigh sa stuaic aige, is dóigh.
Thosuigh sí a' réabadh, a's ag gabhail le buile, ar a' dá luath a's a raibh sí faoi'n gcarr, a's níor fhága sí mion-molthóg de'n ghléas, nar bhris sí in a chithréabachaí.
Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt. Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta. Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
Breagh nach ngearrann tú an cáca as a éadan, a's gan a bheith a' déanamh cithréabachaí mar sin di? Cé íosfas an mionudhach sin do dhiaidh?
b.
ceann-faoi a bheith ar an uair; an uair a bheith an-choimhightheach.
+–
Tá'n aimsear in a ceaitréabachaí ar fad anois, ní ceasacht ar Dhia é = tá sí an-choimhightheach, tá ceann faoi uirre ar fad; tá sé ar a tairm le gairbhshion a's báistigh.
Má sheasann an aimsear i bhfad in a cotréabachaí mar seo, beidh na daoine in an-chaoi. Ní bheidh fata ná arbhar ná féar ann.
TUILLEADH (3) ▼
Is mór a' t-iongnadh nach gcrochfadh an uair suas feasta, a's an fhad's tá sí in a chotréabachaí anois. Má mhaireann di ar a' táirm seo, beidh chuile rud lobhtha.
Tá'n lá in a mhoirt aríst. Nach hé an saoghal 's an aimsir atá in chithréabachaí!
Tá'n uair in a cithréabacha, ceart, críochnuighthe anois.
2.
+–
Bhí cithréabacha fairrge ann = liaganna fairrge a bhí ag eirghe ar scothachaí, nó ar ghuib corainneachaí, a's a' briseadh in a gcuideannaí.
Ní bheadh sé in' araidheacht ag bád a' bith caladh a fhágáil indiu, a's na cithréabachaí fairrge atá ann.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a' lá é. Feacha an fhairrge in a cithréabachaí fré chéile. B'olc an áit a bheith ar meath indiu, b'olc sin.
Cithréabachaí in iontrálacha eile (3)
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin, ar chuma 'r bith uair chomh coimhightheach seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliadhna é, le farradh a's fearthainn. Tá'n aimsear in a cithréabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
Maran treáll a' bith atá a' bualadh na h-aimsire, dheamhan cothromacan síne a tháinic imbliadhna, ná cuid dhá theacht. Nach in a cithréabachaí atá an aimsir ar fad ó thús na bliadhna.
→
buanadas
Is beag a' bhuaineadas a' t-éadach sin. Bliadhain go h-am seo, fuair mé an chulaith sin, a's tá sí in a cithréabachaí cheana.