círéabachaí
—ainmfhocal a mbaintear leas as san uimhir iolra amháin.
—cithréabachaí, cotreabachaí, ceaithréabachaí (Cois Fharraige); ceaithreabachaí, ciotréabacha, cithréabachaí, cotréabachaí — leaganachaí eile ar an bhfocal i gceantair áirithe.
1.
a.
ina réabachaí; briste; streachlaithe, stróicthe; ina ghioblachaí.
+–
Níl snáth de do chuid éadaigh nach bhfuil ina chíréabachaí agat.
Níl a fhios agam cén smál atá chor ar bith ort go ndéanann tú círéabachaí de chuile shnáth dhá mbíonn ort.
TUILLEADH (6) ▼
Ba bhreá an ball éadaigh é sin an lá ar chuir tú suas ar do chraiceann é agus féacha an bhail atá anois air, ina chíréabachaí.
Má dhéanann tú círéabachaí de na breacáin sin anois, beidh moill ort aríst shul ó gheobhas tú foireann nua. Mar sin, tabhair aire dóibh.
Ní bhaineann sé fada ná gearr as éadach go ndéanann sé círéabachaí dó.
Is beag an dóchar dhuit náire a bheith ort, do léine uileag a bheith ina círéabachaí agat agus a dhaoireacht agus atá léinteachaí lena gceannacht
Bhí an bheirt ag tarraingt na braillíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad círéabachaí dhi eatarthub.
Dhéanfadh an ceann céanna círéabachaí dhá bhfaca tú ariamh, hé brí (pé ar bith) cé uaidh a dtug sé an strácaíl chor ar bith. Níl an chulaith sin tada le ráithe aige fós, agus is gearr nach mbeidh tointe di le chéile aige.
+–
A dhiabhail álainn, má bhíonn tú i bhfad ar an sníomh sin leis an gcathaoir is gearr gur ina círéabachaí a bheas sí agat. Ach dheamhan an miste leat. Ní chuirfidh sé a dhath mairge ort.
Ní chónóidh tú le do chuid deasúcháin go ndéana tú círéabachaí den bhicycle
TUILLEADH (8) ▼
Dheamhan ball istigh faoi chaolach do thí nach bhfuil ina chíréabachaí ag na bacaigh de ghasúir sin. Neart bata nár mhór dhóibh.
Buaileadh an púcán ar Ghob na Coraí agus rinne oibriú na farraige, agus na maidhmeannaí céatacha atá ansiúd, círéabachaí dhi gan mórán achair.
Rug sé ar liagán cloiche agus rinne sé círéabachaí den chliabhán éanachaí léithe. M'anam nach é an cliabhán éanachaí a gheobhadh í, ach mise, dhá mbeadh aon fhaill aige orm.
Tá an duirling ina círéabachaí fré chéile de bharr lán mhara na hoíche aréir. Ba chumasach an t-oibriú a bhí sa bhfarraige.
Bhuail daol eicínt é agus dheamhan soitheach a d'fhága sé ar an drisiúr nach ndearna sé círéabacha dhi. Fhóbair nár féadadh é a cheansú chor ar bith. An t-ól a d'éirigh sa stuaic aige is dóigh.
Thosaigh sí ag réabadh, agus ag gabháil le buile, ar an dá luath is a raibh sí faoin gcarr, agus níor fhága sí mion mullóg den ghléas nár bhris sí ina chíréabachaí.
Níor bheo é sin mura mbeadh sé ag déanamh círéabachaí de rud eicínt. Níl bileog fágtha ina leabhar aige nach bhfuil stróicthe stiallta. Is deas an chaoi é sin agus a ghairdeacht agus ó cheannaigh sé an leabhar sin.
Breá nach ngearrann tú an cáca as a éadan agus gan a bheith ag déanamh círéabachaí mar sin di? Cé íosfas an mionúch sin i do dhiaidh?
b.
ceann faoi a bheith ar an uair; an uair a bheith an-choimhthíoch.
+–
Tá an aimsir ina círéabachaí ar fad anois, ní ag ceasacht ar Dhia é — tá sí an-choimhthíoch, tá ceann faoi uirthi ar fad; tá sé ar a táirm le gairfean agus báistigh.
Má sheasann an aimsir i bhfad ina círéabachaí mar seo, beidh na daoine in anchaoi. Ní bheidh fata ná arbhar ná féar ann.
TUILLEADH (3) ▼
Is mór an t-ionadh nach gcrochfadh an uair suas feasta agus an fhad is atá sí ina chíréabachaí anois. Má mhaireann di ar an táirm seo, beidh chuile rud lofa.
Tá an lá ina mhoirt aríst. Nach é an saol is an aimsir atá in chíréabachaí!
Tá an uair ina círéabacha ceart críochnaithe anois.
2.
+–
Bhí círéabacha farraige ann — liaganna farraige a bhí ag éirí ar scothachaí, nó ar ghoib corainneachaí, agus ag briseadh ina gcuideannaí.
Ní bheadh sé in araíocht ag bád ar bith caladh a fhágáil inniu agus na círéabachaí farraige atá ann.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an lá é. Féacha an fharraige ina círéabachaí fré chéile. B'olc an áit a bheith ar meath inniu, b'olc sin.
círéabachaí in iontrálacha eile (5)
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin ar chuma ar bith, uair chomh coimhthíoch seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliana é, le farra is fearthainn. Tá an aimsir ina círéabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
Muran treall ar bith atá ag bualadh na haimsire, dheamhan cothromacan síne a tháinig i mbliana, ná cuid dhá theacht. Nach ina círéabachaí atá an aimsir ar fad ó thús na bliana.
→
buanadas
Is beag an bhuanadas an t-éadach sin. Bliain go ham seo, fuair mé an chulaith sin agus tá sí ina círéabachaí cheana.
→
deibhil
Anois atá againn a thapú ó tá an deibhil ann. Tabharfaidh sé fuílleach le déanamh dhúinn, ach b'fhéidir go gcuirfeadh muid chun calaidh í mar sin féin. Tá círéabachaí farraige ann
Amach ar dhubhluachair na bliana a bhí ann go háirid, mar cuimhním go raibh an aimsir ina círéabachaí